Anseo atá tú: Baile > Bás agus Méala > Comhairleoireacht agus tacaíocht do lucht méala > Deileáil le Bás agus Brón

Print Page Send to a Friend

Deileáil le Bás agus Brón

Eolas

Cé go mbíonn tionchar difriúil ag an mbás ar chuile dhuine againn bíonn na mothúcháin seo ag an gcuid is mó againn nuair a chailltear duine a raibh cion againn air/uirthi:

  • Díchreideamh
  • Geit
  • Fearg
  • Brón
  • Faoiseamh
  • Ciontacht
  • Lagar Spride
  • Imní
  • Éadóchas
  • Tnúthán
  • Uaigneas

Tá na mothúcháin seo curtha síos san ord gur iondúil go mbuaileann siad muid ach, ag brath ar an duine féin, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh na mothúcháin seo nó cuid acu chugainn cúpla babhta agus go mairfidh siad ar feadh achar difriúil. Díchreideamh, geit agus fearg an trí mhothúcháin a bhíonn ag duine nuair a chailltear duine eile – fiú má bhí súil leis an mbás. D'fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar na mothúcháin seo de réir a chéile ach go mbeadh an duine ansin ag mothú ciontach, go mbeadh lagar spride nó éadochas air/uirthi. D'fhéadfadh duine freisin a bheith ag tnúth go mór leis an duine eile a fheiceáil, a bheith éadóchasach ag cuimhniú nach bhfuil an duine eile ann, agus a bheith uaigneach go bhfuil sé/sí caillte nó b'fhéidir faoiseamh agus ansin tagann mothúcháin go bhfuil tusa thú féin ciontach.

Is féidir leis na mothúcháin a bhíonn againn a bheith fisiciúil - géar agus anróiteach. Ní mór a chuimhniú gur gnáthmhothúcháin iad seo agus gur cuid den phroiséas bróin iad a imeoidh leis an am. I measc na mothúchán fisiciúil tá:

  • easpa fuinnimh agus spéis sa saol
  • neamhchodladh nó a bheith tuirsceach i gcónaí
  • drochchumas dianmhachnaimh agus díchuimhne
  • easpa goile nó a bheith ag ithe go síoraí le sólás a fháil
  • gan a bheith in ann caoineadh nó a bheith go minic ag caoineadh
  • iompú goile agus /nó buinneach
  • tinneas cinn agus pianta sa chorp gan aon fáth

Bíonn tionchar difriúil ag an mbás ar lapadáin, ar pháistí óga, ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta. Tá sé fíorthábhachtach bás duine a mhíniú do pháistí ar bhealach gur féidir leo deileáil leis ag brath ar a n-aois.

Tá neart seirbhísí bróin agus grúpaí tacaíochta ar fud na tíre, seirbhísí poiblí agus príobháideacha, proifisiúnta agus deonacha, eaglasta agus tuatha. Má tá creideamh láidir agat, d'fhéadfadh sé go bhfuil tacaíocht ar fáil duit ón sagart áitiúil, ón ord rialta, ó mhinistir, ón Raibí nó ó phobal na heaglaise. Ba cheart teagmháil a dhéanamh leo ag an eaglais chuí. Tá fóram tacaíochta méala ar líne, widows.ie, do bhaintreacha, baintreacha fir agus páirtí saoil a d’fhulaing méala.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Barnardos Comhairle Báis do Pháistí

Barnardos
Christchurch Square
Dublin 8
Ireland

Teil:Helpline (01) 473 2110 (Mo-Fri, 10 am-12noon, Wed 12-2pm))
Láithreán Gréasáin: http://www.barnardos.ie/what-we-do/specialist-services/bereavement-counselling.html
R-phost: bereavement@barnardos.ie

An tAonad um Chur chun Cinn na Sláinte

An Roinn Sláinte
Teach Hawkins
Sráid Hawkins
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 635 4000
Facs:+353 1 634 4372
Láithreán Gréasáin: http://www.healthpromotion.ie
R-phost: healthpromotionunit@health.irlgov.ie

Cumann Náisiúnta Bhaintrí na hÉireann

Teach Chúil Raithin
Sráid Chúil Raithin
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 1 872 8814
Láithreán Gréasáin: http://www.nawi.ie
R-phost: info@nawi.ie

Baintreach Óga na hÉireann

Teach Reighmore
Cill Mocheanóg
Cill Mhantáin
Éire

R-phost: info@widowedyoung.ie

Cumann Bás Tobann na Naíonán

Teach Carmichael
Sráid Brunswick Thuaidh
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 873 2711
Lóghlao:1850 391 391
Facs:+353 (0)1 872 6056
Láithreán Gréasáin: http://www.isida.ie
R-phost: isida@eircom.net

Cumann Anabíochta na hÉireann

Teach Carmichael
Sráid Brunswick Thuaidh
Dublin 7
Ireland

Teil:+353 (0)1 8735702
Láithreán Gréasáin: http://www.miscarriage.ie/
R-phost: info@miscarriage.ie

Fondúireacht Ospís na hÉireann

4ú Urlár
Dlísheomraí Morrison
32 Sráid Nassau
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 6793188
Facs:+353 (0)1 6730040
Láithreán Gréasáin: http://www.hospice-foundation.ie
R-phost: info@hospice-foundation.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Féinmharú
    Eolas teagmhála ar eagraíochtaí tacaíochta i gcás féinmharaithe.
  • Brón Báis agus Breith Linbh
    Féachann an cáipéis seo ar anabaíocht, marbhbhreith, bás neo-naíoch agus Shiondróm Bhás Tobann Naíonán, ó thaobh na seirbhísí atá ar fáil in Éirinn.
  • Dúlagar Iarbhreithe
    Imlíne ar dhúlagar agus ar thacaíochtaí iarbhreithe in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.