Is deis dhlíthiúil í Cumhacht Aturnae in Éirinn a fhéadfaidh duine (an deontóir) a shocrú le linn a s(h)aoil nuair atá sláinte mhaith intinne aige/aice. Ceadaíonn sé do dhuine eile atá ainmnithe go speisialta (An tAturnae) beart a dhéanamh ar son an deontóra má bhíonn sé/sí as láthair, thar lear nó míchumasaithe de bharr breoiteachta.
Má tá duine éigin in Éirinn faoi mhíchumas intinne (mar shampla, mar a gheall ar bhreoiteacht, mhíchumas nó ghalar forásach meathlúcháin), de ghnáth déantar a gcuid sócmhainní agus maoine go léir a chalcadh agus ní féidir le héinne eile úsáid a bhaint astu ach amháin má tá comhúinéireacht orthu nó má tá Cumhacht Aturnae ag duine éigin chun déileáil lena gcuid maoine nó airgid.
Tá Cumhacht Aturnae, sa chiall níos leithne, ar cheann de na socruithe dlí is féidir leat a dhéanamh le linn do shaoil, sa chás go dtagann míchumas ort nó nach mbeidh tú in ann déileáil le do ghnóthaí. Tá eolas chun tú a threorú i do chuid sainroghanna a thaifeadadh agus a chlárú i gcás éigeandála, tinneas tromchúiseach nó ar bhás ar fáil ag Thinkahead.ie. Léigh tuilleadh faoi shocruithe dlí i gcás duine atá míchumasaithe anseo.
Tá dhá chineál Cumhachta Aturnae ceadaithe faoi dhlí na hÉireann
Tagann deireadh leis an bpéire seo ar bhás an deontóra. D'fhéadfadh sé a bheith deacair a chruthú áfach go bhfuil an deontóir marbh, murar féidir teacht ar a c(h)orp, mar shampla i gcás báite. Chomh luath agus a fhaightear an corp nó a dhéantar fógra cúirte go nglactar leis go bhfuil an deontóir marbh (de ghnáth tar éis 7 mbliana) tagann deireadh leis an gCumhacht Aturnae (má bhí a leithéid ann) agus déileáiltear lena gcuid gnóthaí ar an ngnáthbhealach faoi uacht nó faoin dlí díthiomnachta
Féadfaidh Cumhacht Aturnae réimse leathan cumhachtaí a thabhairt don Aturnae maidir le maoin, gnó agus cúrsaí airgid an deontóra. Féadfaidh sé nó sí íocaíochtaí a dhéanamh ó na cuntais atá leagtha síos, soláthar a dhéanamh i gcomhair riachtanais aon duine atá ainmnithe, agus bronntanais fheiliúnacha a thabhairt do chairde nó ghaolta an deontóra.
Ceadaíonn Cumhacht Bhuan Aturnae don Aturnae chomh maith "cinneadh faoi chúram pearsanta" a dhéanamh ar son an deontóra nuair nach bhfuil sé/sí in ann cinneadh a dhéanamh é/í féin mar gheall ar chúinsí sláinte intinne. Agus cinneadh ar chúram pearsanta á dhéanamh, d'fhéadfadh go mbeadh cinneadh le déanamh ar cé leis agus cén áit a bheidh an deontóir ina c(h)ónaí, cé hiad na daoine a mbeidh agus nach mbeidh sé/sí in ann a fheiceáil agus cén traenáil nó athshlánú ar chóir dó/di a fháil. Más mian leis an deontóir, áfach, is féidir leis/léi ceann ar bith de na cumhachtaí seo a eisiamh nuair atá an Chumhacht Aturnae á socrú nó is féidir leis/léi coinníollacha agus srianta réasúnta a chur i bhfeidhm maidir le cumhachtaí an Aturnae.
Is féidir leat duine ar bith is mian leat a cheapadh mar Aturnae agat, lena n-áirítear cara, duine den teaghlach, comhghleacaí, páirtí homaighnéasach nó leispiach srl.
Is féidir cumhacht aturnae a chur i gcrích má shíníonn tú í nó má shíníonn duine eile faoi do threoir í agus finné i láthair.
Tá próiseas i bhfad níos casta i gceist má tá cumhacht bhuan aturnae á cur i gcrích.
Aistríonn cumhacht bhuan aturnae riar maith cumhachtaí uaitse chuig duine eile agus mar sin, tá roinnt cosaintí dlíthiúla ann chun tú a chosaint ó mhí-úsáid. Tá an próiseas a bhaineann le cumhacht bhuan aturnae a chur i bhfeidhm casta agus tá gá le rannpháirtíocht aturnae agus dochtúra. Ní féidir leis an gcumhacht bhuan a theacht i bhfeidhm go dtí go bhfuil nósanna imeachta áirithe tugtha chun críche agus go bhfuil ról ginearálta maoirseachta ag na Cúirteanna maidir leis an gcumhacht a chur i bhfeidhm.
Caithfidh leagan amach áirithe a bheith ar an gcáipéis a chuireann an chumhacht i gcrích agus caithfidh na rudaí seo a leanas a bheith san áireamh ann:
Caithfear daoine áirithe a chur ar an eolas nuair atá Cumhacht Bhuan Aturnae á chur i gcrích, lena n-áirítear baill den teaghlach.
Is féidir cumhacht bhuan aturnae a thabhairt do dhaoine aonair nó do chorparáidí iontaobhais ach ní féidir í a thabhairt do na daoine seo a leanas:
Ní thagann an Chumhacht Bhuan Aturnae i bhfeidhm go dtí go bhfuil sí cláraithe. Chun Cumhacht Bhuan Aturnae a chlárú, cuireann an duine atá le bheith ina (h)aturnae iarratas faoi bhráid na hArd-Chúirte nuair atá cúis le creidiúint go bhfuil tú faoi mhíchumas intinne nó go bhfuil míchumas intinne ag teacht ort. Sula ndéanann sé an t-iarratas seo, caithfidh an t-aturnae tú a chur ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aige/aici é sin a dhéanamh. Caithfidh teastas leighis a bheith ag an aturnae ag dearbhú nach bhfuil tú in ann do ghnóthaí a bhainistiú.
Caithfear fógra maidir le hiarratas an aturnae a sheirbheáil ort agus ar roinnt daoine eile
Tá ról leathan maoirseoireachta ag an gcúirt maidir leis an gCumhacht Bhuan Aturnae. I measc rudaí eile, tá cumhacht ag an gcúirt treoracha a thabhairt maidir le bainistíocht agus riaradh do mhaoine. Féadfaidh an chúirt cúlghairm de chumhacht aturnae a dhaingniú má tá sí sásta go bhfuil an ábaltacht intinne agat chun é a chúlghairm. Is féidir leis an gcúirt cealú na cumhachta a ordú má tá sí sásta faoi na nithe seo a leanas:
Féadfaidh an Chumhacht Bhuan Aturnae údarás ginearálta a thabhairt don aturnae aon rud dlíthiúil gur mian leis/ léi a dhéanamh nó féadfaidh sé an t-údarás a thabhairt dó/di gníomhachtaí faoi leith a dhéanamh ar do shon.
Is féidir leis an aturnae cinntí faoi do chúram pearsanta a dhéanamh -ní mór don aturnae iad a dhéanamh ar do leas is fearr, de réir an rud ba mhian leat a dhéanamh agus ní mór don aturnae dul i gcomhairle le do theaghlach agus cúramóirí agus na cinntí seo á ndéanamh aige. Cinneadh a bhaineann le ceann nó níos mó de na nithe seo a leanas is ea cinneadh faoi chúram pearsanta:
Níl cinntí faoi chúram sláinte san áireamh ar an liosta, cé go bhfuil sé deacair uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir cinntí faoi chúram sláinte agus chúram pearsanta. Is cosúil, áfach nach bhfuil an chumhacht ag an aturnae cinneadh a dhéanamh ar cheart nó nár cheart don duine a bhfuil míchumas intinne air/uirthi dul faoi scian.
Tá roinnt cásanna ina dtagann deireadh le Cumhacht Bhuan Aturnae, mar shampla má theipeann ar an aturnae coinníollacha áirithe a shásamh.
Nuair atá an Chumhacht Bhuan Aturnae cláraithe, ní féidir í a chúlghairm, ach amháin sa chás go gceadaíonn an chúirt an chúlghairm, fiú má tá cumas intinne agat i láthair na huaire.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.