Bíonn an-difríocht idir socruithe sochraidí faoi leith agus braitheann siad, i measc rudaí eile, ar cá bhfuil an tsochraid le bheith, cén cineál cónra atá i gceist agus an mbeidh carranna sochraide ar chíos agat nó nach mbeidh.
D'fhéadfadh sé go mbeadh na dualgais seo ar stiúrthóir na sochraide:
Cumann na hÉireann de Stiúrthóirí Sochraide é an cumann ceirde do thionscal na n-adhlacóirí. Ní mór do na baill an Cód Cleachtaidh atá ag an gcumann a chur i bhfeidhm, a cheanglaíonn baill:
Foladh a stopann an corp ag meath a chur isteach sa chorp in áit na ngnáthsilteacha uilig atá i gceist le corp a bhalsú. Ní gá é a dhéanamh, go háirid má théann an corp chuig an seipéal agus má bhíonn an sochraid ann go luath tar éis báis. Thart ar leath na gcorp ar fad sa tír a bhalsaítear.
Tá difríochtaí móra idir praghasanna uaigheanna agus sochraidí, agus mar sin más féidir is fiú praghasanna a fhiosrú in áiteanna eagsúla.
Is féidir duine a adhlacadh taobh amuigh de reilig oifigiúil, ar thalamh an teaghlaigh mar shampla. Ach, tá sé thar a bheith deacair é seo a dhéanamh. Tá sé an-chríonna é seo ar fad a shocrú i bhfad roimh an mbás, ní gá go mbeidh sé indéanta na socruithe dleathúla a chur i gcrích taobh istigh de achar gairid. Tiocfaidh Cigire Sláinte Timpeallachta ó rannóg sláinte an údaráis áitiúil le cinntiú nach mbeidh an áit adhlacaidh ag cur isteach ar fhoinsí uisce nó bealaí draenála agus go bhfuil doimhneacht de ocht dtroigh ann. Ba cheart scríobh chuig an údarás áitiúil cuí (Comhairle Condae nó Bardás) le sonraí a fháil.
Is féidir corp an mhairbh a chréamadh agus an luaith a chur in uaigh an teaghlaigh, na háiseanna ag an gcréamatóir a úsáid, nó iad a chur de láimh go príobháideach.
Bíonn an-difríocht idir costais sochraide ag brath ar céard go díreach a bhíonn ag teastáil uait agus ag brath ar sa chathair nó faoin tuath atá an tsochraid (go ginearálta cosnaíonn sochraid faoin tuath níos lú). Má tá deacrachtaí agat le n-íoc as sochraid labhair leis an Oifigeach Leasa Pobail agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé/sí in ann cabhrú leat.
Teach Mesbil
Aonad Gnó Mespil
Bóthar Sussex
Baile Átha Cliath 4
Éire
Láithreán Gréasáin: http://www.iafd.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.