Anseo atá tú: Baile > Bás agus Méala > Tar éis báis > Teastas Báis

Print Page Send to a Friend

Teastas Báis

Eolas

Tá riachtanas dlíthiúil ann in Éirinn go gcaithfear gach bás a tharlaíonn sa Stát a thuairisciú agus a chlárú. Is sa cheantar ina dtarlaíonn an bás a choimeádtar na taifid. Déantar na taifid uile ar bhásanna in Éirinn a choimeád ar bhonn náisiúnta in Oifig an Ard-Chláraitheora, an lárionad sibhialta do Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna i bPoblacht na hÉireann.

Tá roinnt athruithe ar rialacha maidir le clárú an bháis san Acht um Chlarú Sibhialta 2004 Tá feidhm ag na hathruithe seo ó 5 Nollaig 2005.

Rialacha

De ghnáth déanann ball foirne básanna a tharlaíonn in ospidéil a chlárú leis an gCláraitheoir do Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna is gaire don áit. (Ó Nollaig 2005 is féidir bás a chlárú le haon Chláraitheoir, is cuma cén áit ina dtarlaíonn sé.)

Ní mór básanna a tharlaíonn lasmuigh d'ospidéil nó d'institiúidí eile a chlárú a luaithe agus is féidir i ndiaidh an bháis. I gcás mar seo, de ghnáth cláraíonn an neasghaol é. Mar rogha air sin, is féidir le duine a bhí i láthair ag an mbás nó le linn tinneas bháis an mhairbh, nó le comharsa cóngarach, an bás a chlárú, nó mura dtarlaíonn sin uile , is féidir leis an t-adhlacóir é a dhéanamh.

Rátaí

Níl aon chostas ar bhás a tharlaíonn in Éirinn a chlárú.

Is iad na táillí a ghearrtar ar theastas ná:

  • €10 do lántheastas caighdeánach (€8 ar gach cóip bhreise)
  • €1 do lánchóip ghearr (do chuspóirí leasa shóisialaigh)
  • €6 do chóip neamhdheimhnithe d’iontráil isteach sa Clár (€4 ar gach cóip bhreise)

€20 do lánchóip fhíoraithe de theastas breithe (ar fáil ón Oifig Chlár Ghinearálta amháin)

Conas bás a chlárú


Chun bás a chlárú, ní mór teastas dochtúra (Foirm Fógra Báis ó 5 Nollaig 2005) a luann cúis an bháis a thabhairt don Chláraitheoir áitiúil (nó d'aon Chláraitheoir, ó 5 Nollaig 2005). Is féidir é seo a fháil ón dochtúir a bhí i láthair leis an marbh le linn tinneas an bháis. (Ó 5 Nollaig 2005, ní mór Cuid 2 den Fhoirm Fógra Báis a líonadh.) Ní mór ansin an Clár a shíniú i láthair an chláraitheora. Tá an clárú seo saor in aisce.

Ní mór don dochtúir a bheith sásta faoi chúis an bháis sula ndéanann sé/sí é a dheimhniú. Mura bhfaca sé/sí an marbh ar a laghad 28 lá sular tharla an bás, nó mura bhfuil sé/sí sásta faoi chúis an bháis, ní mór dó/di teagmháil a dhéanamh leis an gCróinéira dhéanfaidh cinneadh maidir le scrúdú iarbháismás gá. D'fhéadfadh moill a bheith ann má bhíonn scrúdú iarbháis i gceist, mar ní bheidh fáil ar theastas dochtúra/Foirm Fógra Báis go dtí go mbeidh an toradh ar fáil. Déanfar bás a chlárú go huathoibríoch i gcás choiste cróinéara nó scrúdú iarbháis a lorgaíonn an Cróinéir. Ní mór básanna a chlárú chomh luath agus is féidir. (Ó 5 Nollaig 2005, tá teorainn ama de thrí mhí ann.) Ní mór cead i scríbhinn a lorg ón Ard-Chláraitheoir chun bás nár cláraíodh laistigh de bhliain a chlárú.

Ní mór duit dul i dteagmháil leis an gCláraitheoir áitiúil (nó le haon Chláraitheoir, ó 5 Nollaig 2005) san áit ina bhfuair an duine bás chun cóip den Teastas Báis a fháil. Má tá tú ag clárú an bháis, is féidir cóipeanna den Teastas Báis a fháil ag an am céanna. Bíonn laghdú ar an táille má theastaíonn an Teastas Báis le haghaidh gnóthaí leasa shóisialaigh . Ní gá i gcónaí fanacht leis an Teastas Báis sula ndéantar sochair leasa shóisialaigh a lorg , mar glactar le fógra an bháis ó na nuachtáin má bhíonn moill ar an Teastas Báis.

Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an ospidéal máithreachais chun eolas a fháil maidir le marbhghin a chlárú

foirm iarratais le haghaidh cóip de Theastas Báis (pdf) ar fáil ó Oifig an Ard-Chláraitheora.

Is féidir leat cur isteach ar-líne ar chóipeanna de theastais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá eolas teagmhála le haghaidh Cláraitheoirí Breitheanna, Póstaí agus Básanna ar fáil anseo.

Is féidir leat cur isteach ar-líne ar chóipeanna de theastais anseo.

Ba chóir iarratas ar chlárú go déanach a chur chuig:

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
Ireland

Teil:+353 90 663 2900
Lóghlao:1890 25 20 76
Facs:+353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.groireland.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cróinéirí
    Oifigeach neamhspléach é/í Cróinéir in Éirinn a bhfuil freagracht dlíthiúil air/uirthi maidir le básanna gan coinne agus básanna nach féidir a mhíniú a fhiosrú.
  • Nuair a fhaigheann duine bás gan choinne
    Forbhreathnú ar an méid a tharlaíonn nuair a fhaigheann duine bás de dheasca timpiste nó in imthosca nach bhfuil aon míniú orthu.
  • Cláraitheoirí Breitheanna, Póstaí agus Básanna
    Míníonn an cháipéis seo an riachtanas atá ann chun tarlúintí saoil a chlárú agus tugann sé liosta d'uimhreacha teileafóin na bpríomh-chláraitheoirí breitheanna, póstaí agus básanna ar fud na hÉireann.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.