Is iad na húdaráis áitiúla a rialaíonn reiligí in Éirinn agus chothaíonn iad. Ceapann siad cláraitheoir nó airíoch do gach reilig chun díol na n-uaigheanna a eagrú sa reilig sin agus cúram a thabhairt di i gcásanna áirithe. Más mian leat uaigh a cheannach, ní foláir duit dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil chun sonraí teagmhála an chláraitheora seo a fháil. D'fhéadfadh adhlacóirí uaigheanna a cheannach ar do shon mar chuid dá seirbhís adhlacóireachta, áfach.
Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil go leor reiligí in Éirinn lán cheana féin agus cuireann go leor údaráis áitiúla srian ar réamhcheannach, nó cheannach uaigheanna roimh ré, mar shampla cead réamhcheannach a dhiúltú do dhaoine faoi 65 bliain d'aois.
Rialaíonn na coinníollacha atá eisithe ag an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil do gach údarás áitiúil suíomh agus sonraíochtaí reiligí. Má dhéanann údarás áitiúil cinneadh reilig atá ann a leathnú nó ceann nua a bhunú, caithfidh Oifigeach Sláinte Ceannais/Contae, Innealtóir agus Oifigeach Pleanála an údaráis sin déanamh cinnte go bhfuil an suíomh oiriúnach maidir le foisceacht d'fhoirgnimh eile, infrastructúr bóithre, agus cé chomh héasca agus atá sé an talamh a thaoscadh.
Leagann na rialacha síos sonraíochtaí teicniúla chomh maith do reiligí. Mar shampla ní foláir an balla teorann os comhair na reilige a bheith ar a laghad seacht méadar isteach ón mbóthar chun go mbeidh cuairteoirí don suíomh in ann a gcaranna a pháirceáil. Ní foláir méadar ar a laghadh a fhágail taobh istigh de bhalla teorann gach reilig, agus moltar go gcuirtear plandaí ann. Ba cheart go mbeadh bealach siúil méadar ar a laghad idir sraitheanna láithreacha uaigheanna.
De réir na rialacha ní foláir do laithreacha uaigheanna a bheith márcailte go soiléir agus go buan, mar shampla le huimhreacha chun gur féidir teacht ar uaigh ar bith, am ar bith. Caithfidh láithreacha uaigheanna a bheith ar a laghad naoi dtroigh ar a fhad faoi cheithre throigh ar leithead nó ar a laghad sé throigh ar a fhad faoi thrí throigh ar leithead i gcás páiste faoi dhá bhliain déag d'aois. Nuair a cuirtear corp san uaigh don chéad uair ní foláir don uaigh a bheith ar a laghad ocht dtroigh ar dhoimhne, nó níos lú má dhéanann Oifigeach Sláinte an Chontae an cinneadh sin ós rud é nach ligeann an fo-ithir doimhne de ocht dtroigh.
Is féidir uaigh a athoscailt chun duine den teaghlach céanna a chur, ach ní foláir spás de troigh ar a laghad a fhágáil os cionn an adhlactha eile. Go ginearálta, is féidir triúr nó ceathrar a chur i ngach láthair uaighe.
D'fhéadfadh an t-údarás áitiúil airíoch a fhostú chomh maith chun cúram a thabhairt don reilig, cé gur maith le go leor údaráis áitiúla bunú grupaí deonacha a spreagadh chun aire a thabhairt do na reiligí ina gceantar.
Tugann go leor údaráis áitiúla tacaíocht do na grúpaí seo le bundeontais a thabhairt le haghaidh cúraim reiligí. Déanann grúpaí deonacha iarratas ar a n-údarás áitiúil ar an deontas seo, a thugann cúnamh dóibh costais a gcuid oibre a ghlanadh. San áireamh anseo tá obair mar féar a ghearradh agus plandaí a chur i reiligí, fiaile a smachtú, agus geataí, bealaí isteach agus ballaí teorann a thógáil agus a fheabhsú.
Tugann go leor údaráis áitiúla spreagadh breise, sé sin deontas don reilig is fearr a choinnítear, a bhronntar ar ghrupaí a thug an cúram is fearr do na reiligí ina gceantar de réir breithiúnais an údaráis áitiúil.
D'fhéadfá leac uaighe a dhearú, nó dealbhóir a fhostú chun ceann a dhéanamh duit, ach de gnáth is é an t-adhlacóir atá fostaithe agat chun an t-adhlacadh a eagrú a shocraíonn tógáil agus cur isteach an leaca. Ní foláir duit cead a fháil ó d'údarás áitiúil roimh leac uaighe a chur suas, ach socróidh an t-adhlachóir é seo chomh maith. De ghnáth baineann airde de sheacht troigh ar an méad le leaca uaighe/leaca cuimhneacháin.
Má fhaigheann duine bás gan maoin le n-íoc as an adhlacadh agus murar féidir teacht ar a d(h)aoine muinteartha, tá an fhreagracht ar an Roinn Coimirce Sóisialaí nó an t-údarás áitiúil féachaint chuige go gcuirfear an duine i mbealach uasal nach gcuirfidh isteach ar shláinte phoiblí nó caoinbhéasaíocht poiblí. Beidh an Roinn Coimirce Sóisialaí nó an t-údarás áitiúil freagrach as na táillí agus na costais a bhaineann leis.
Athraíonn costas láithreach uaighe ó údarás áitiúil go húdarás áitiúil. Má fhostaíonn tú adhlacóir chun an láthair a cheannach duit, taispeánfaidh siad costas an láithreach mar chuid de costas iomlán na sochraide.
Má tá tú ag iarraidh láthair uaighe a cheannach, ba cheart duit ar an gcéad dul síos dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil. Tá liosta sonraithe teagmhála údaráis áitiúla ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.
D'fhéadfadh d'údarás áitiúil cúnamh a thabhairt má tá tú ag iarraidh grúpa deonach a bhunú chun cúram a thabhairt do reilig, nó dul isteach i ngrúpa atá ann cheana, nó iarratas a dhéanamh ar dheontais do ghrúpa den chineál sin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.