Saoire atá réamh-eagraithe í saoire lán-eagraithe ina bhfuil ar a laghad péire acu seo a leanas i gceist:
Déantar an saoire lán-eagraithe a dhíol ar phraghas cuimsitheach thar tréimhse níos mó ná 24 uair nó go mbeadh lóistín oíche amháin san áireamh. Is cuma má bhíonn ort íoc astu féin ar chodanna faoi leith den phacáiste (mar shampla an eitilt nó taisteal) is "saoire lán-eagraithe" atá i gcónaí ann.
Ach, ní saoire lán-eagraithe atá ann má dhéanann gnólacht turais nó gníomhaire taistil socruithe faoi leith le riachtanais chustaiméara amháin a shásamh (mar shampla, lóistín ann féin nó socruithe eile taobh amuigh daoibh siúd atá clúdaithe agus san áireamh sa bhróiséar). Ar an gcaoi chéanna ní ghlactar leis gur saoire phacáiste í saoire a eagraíonn tú féin. Má tá saoire phacáiste á cur in áirithe agat ar an idirlíon ba chóir duit a sheiceáil an mbaineann reachtaíocht tomhaltóirí na hÉireann faoi shaoirí pacáiste léi.
Ní féidir eolas bréagach nó eolas a chuirfeadh an duine amú a bheith sa bhróiséar saoire. Má dhéanann tú conradh (agus ní mór cuimhniú gur conradh atá ann) bunaithe ar an eolas sa bhróiséar, is féidir leat damáistí a éileamh má bhíonn an t-eolas sin míchruinn.
Gnólacht, eagraí nó miondíoltóir turais a eagraíonn an saoire lán-eagraithe ar do shon. An duine a fheidhmníonn mar phríomh-eagraí an taistil thar lear, taisteal a eagraíonn sé ar mhaithe len é a dhíol leis an gnáthphobal, é an gnólacht turais.
Gníomhaire taistil é an miondíoltóir go hiondúil i gcás saoire lán-eagraithe. Díolann gníomhairí taistil saoire lán-eagraithe le custaiméirí atá curtha le chéile go hiondúil roimh ré ag gnólachtaí turais. Is é an gníomhaire taistil a fheidhmníonn mar ghníomhaire leis an taisteal thar lear a dhíol nó a thairiscint le díol, nó a cheannach ar son an phobail ar choimisiún.
Tá dualgas ar ghnólachtaí turais agus ar ghníomhairí taistil faoin Acht um Shaoire Lán-eagraithe agus Trachtáil Taistil 1995 an custaiméir a chosaint i gcás dócmhainneachta (féimheachta).
An Coimisiún um Rialacha Eitilte a thugann ceadúnais do ghníomhairí
taistil agus do ghnólachtaí turais in Éirinn. Tá dualgas dlíthiúil ar
gach gnólacht turais agus gníomhaire taistil a bheith faoi bhannaí
(árachas) roimh dóibh ceadúnas a fháil. Tugann an banna seo cosaint do
leasa an chustaiméara agus i gcás féimheachta an ghníomhaire taistil nó an
ghnólacht turais cuireann an Coimisiún an banna i bhfeidhm. Go hiondúil
déanann an Coimisiún éilimh aonair a mheas ó chustaiméirí an ghníomhaire
taistil nó ghnólacht turais a theip air, airgead a aisíoc le custaiméirí a
cheannaigh saoire agus más gá, socruithe a dhéanamh custaiméirí nár
éirigh leo tús nó críoch a chur lena saoire a thabhairt abhaile.
Ní mór go mbeadh cóip den chonradh curtha ar fáil do gach custaiméir agus ní mór go mbeadh na rudaí seo a leanas luaite i ngach conradh:
Chomh maith leis sin, roimh an conradh a chur i gcrích, ní mór eolas tábhachtach eile a chur ar fáil duit:
Tá sé tábhachtach léamh tríd na téarmaí agus coinníollacha i gconradh an tsaoire lán-eagraithe. Beidh cur síos sa chonradh ar an mbealach atá i bhfeidhm le deileáil le gearán, beidh sé deimhnithe ann cé leis gur ceart an gearán a dhéanamh agus beidh sé leagtha síos cén bealach gur ceart an gearán a dhéanamh (mar shampla, i scríbhinn, & rl).
Má bhíonn gearán agat agus tú ar saoire ba cheart an fhadhb a chur in iúl láithreach don ionadaí áitiúil nó don ghníomhaire go háitiúil.
Ní mór don ghnólacht turais cúiteamh a dhéanamh leat as aon easpa sa tseirbhís a chuireann sé ar fáil - idir an méid a bhí ceapaithe a bheith ar fáil agus an méid a cuireadh ar fáil i ndáiríre.
Ba cheart go mbeadh deis ag an gnólacht turais an cás a chur ina cheart, gan aon chostas breise ortsa.
Muna bhfuil tú sásta go bhfuil rudaí curtha ina gceart ba cheart duit an oiread fianaise agus is féidir leat le tacú le do chás a bhailiú nuair atá tú ar saoire, grianghrafanna a thógáil nó físeán a dhéanamh (más féidir).
Muna mbíonn tú sásta gur caitheadh mar is cóir leis an ngearán nuair a thagann tú abhaile ón saoire ní mór duit gearán i scríbhinn a chur chuig an ngníomhaire taistil - nó chuig an té a raibh tú ag plé leis go díreach - taobh istigh de 28 lá ón dáta gur cuireadh conradh na saoire lán-eagraithe i gcrích.
Muna bhfaigheann tú freagra taobh istigh d'achar réasúnta, ba cheart an dara litir ghearáin a chur uait.
Muna bhfuil tú sásta ag an bpointe sin le freagra an ghníomhaire, is féidir leat an gearán a chur ós comhair Cúirt na nÉileamh Beag, tá táille neamh-aisíoctha de €18 le n-íoc ar éileamh nach mó ná €2,000. Ba cheart aon fhiosrúcháin maidir le hiarratas do Chúirt na nÉileamh Beag a chur chuig an gCúirt Dúiche áitiúil.
An chuid is mó pacáiste saoire conarthaí is féidir a rá go n-éilimh os cionn na teorann seo Cúirt na nÉileamh Beag a shaothrú trí eadráin.
Tá cumhacht ag an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí déanamh cinnte go bhfuil reachtaíocht na hÉireann maidir le saoire lán-eagraithe curtha i bhfeidhm agus aon sárú ar an reachtaíocht seo a aimsiú (mar shampla, fógraíocht a chuireann daoine amú, bróiséir nach bhfuil cruinn, & rl). Ní féidir leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí cás a thabhairt ar son duine den phobal.
Má chúisítear eagraí nó gníomhaire as coir faoi Mhíreanna 21, 22(3) nó 26 den Acht um Shaoire Lán-eagraithe agus Trádáil Taistil 1995, (a bhaineann le bannaí agus bacanna a chur ar obair na n-oifigeach údaraithe) d'fhéadfaí fíneáil de €1,900 a ghearradh orthu, nó fíneáil de suas le €63,500 nó tréimhse phríosúntachta suas le dhá bhliain (nó an dá rud).
Má chuireann an t-eagraí nó an gnólacht turais an saoire ar ceal nó má dhéanann sé athrú ar théarmaí an chonartha, an praghas agus cineál lóistín san áireamh, ní mór ceann de na roghanna seo a leanas a chur ar fáil don chustaiméir:
Ní cheadaítear aon athrú praghasanna taobh istigh de 20 lá ó dáta an imeachta.
Tá sé de chead ag an eagraí an saoire a chur ar ceal de bharr cúinsí nach bhfuil aon smacht aige orthu, gníomh Dé mar shampla, nó má theipeann ar an eagraí an méid daoine a bhí riachtanach don saoire lán-eagraithe a fháil le páirt a ghlacadh ann.
Ní mór do dhuine fógra réasúnta a thabhairt don eagraí más mian
leis/léi an saoire a aistriú chuig duine eile. Tá comhdhualgas ar an té a
cheannaigh an saoire sa chéad áit chomh maith leis an duine a bhfuil an
saoire le bheith aistrithe chuige/chuici íoc as an saoire nó as aon chuid den
táille atá ag seasamh amach nó as aon chostais eile atá i gceist.
3ú Úrlár
Teach Alexandra
Ardán Phort an Iarla
Dublin 2
Ireland
Teil:+353 (0)1 661 1700
Facs:+353 (0)1 661 1269
Láithreán Gréasáin: http://www.aviationreg.ie
R-phost: info@aviationreg.ie
Ionad Macra
1 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 879 7620
Facs:+353 (0)1 873 4328
Láithreán Gréasáin: http://www.eccireland.ie/
R-phost: info@eccireland.ie
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.