Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Seirbhísí Cumarsáide > Seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú

Eolas

Déanann ComReg (Coimisiún um Rialáil Cumarsáide ) seirbhísí gutháin ag ardráta in Éirinn a rialú. Bíonn ComReg ag feidhmiú le Cód Cleachtais atá dian, nach mór do sholáthraithe uilig seirbhísí in Éirinn (nó iad siúd a chuireann seirbhísí ar fáil gur féidir teacht orthu as Éirinn) cloí leo. Daoine aonair, eagraíochtaí nó comhlachtaí a dhéanann soláthar nó conradh le hOibritheoir Naisc ar mhaithe le seirbhísí ag ardráta a sholáthar iad Soláthraithe Seirbhísí. Comhlacht a ritheann nó a úsáideann nasc poiblí le seirbhísí ag ardráta a chur ar fáil nó comhlacht atá páirteach le comhlacht eile a ritheann nó a úsáideann a leithéid de nasc é Oibritheoir Naisc.

Tá freagracht ar ComReg freisin cosaint a chinntiú don tomhaltóir nuair a bhaineann sé/sí úsáid as seirbhísí ardráta náisiúnta nó idirnáisiúnta chomh maith le modh oibre a chur i bhfeidhm le deileáil le gearáin ó thomhaltóirí a bhaineann le húsáid na seirbhísí seo.

Céard iad seirbhísí gutháin ag ardráta?

Seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí nó daoine aonair ar uimhreacha gutháin ardráta iad seirbhísí gutháin ardráta. Tugtar Seirbhísí Eolais amanta ar na seirbhísí seo agus is féidir iad a aithint leis an réimse réamhuimhreacha a bhaintear úsáid astu: 1530, 1540, 1550, 1559, 1560, 1570 agus 1580. Baintear úsáid den chuid is mó as an réamhuimhir 1550 (seirbhísí taifid) agus 1580 (seirbhísí beo). Baineann an réamhuimhir 1559 le seirbhísí do dhaoine fásta amháin agus ní féidir teacht ar na seirbhísí seo gan uimhir phearsanta aitheantais a eisíonn an tOibritheoir Naisc don thomhaltóir. Is féidir teacht ar sheirbhísí gutháin ardráta le gutháin tíre, gutháin soghluaiste, ar an Idirlíon nó le córas uathoibríoch diaile ar ríomhairí pearsanta. Bíonn seirbhísí ardráta fógraithe sna meáin chumarsáide priontáilte agus ar an teilifís, raidió agus ar an Idirlíon.

Cosnaíonn glaochanna chuig na seirbhísí ardráta níos mó ná gnáthghlaochanna gutháin agus tá costas faoi leith ag baint le gach réamhuimhir. Go hiondúil cosnaíonn sé níos mó glaoch orthu ó ghutháin soghluaiste agus braitheann an formhuirear ar Oibritheoir an Naisc Shoghluaiste. Gearrtar costais na nglaochanna chuig seirbhísí ardráta ar chuntais ghutháin na dtomhaltóirí agus is iondúil go mbíonn siad liostáilte in áit faoi leith. Roinntear an costas iomlán a thiteann ar an tomhaltóir idir an Oibritheoir Naisc, Soláthraí na Seirbhíse nó aon duine eile a chuireann le soláthar na seirbhíse.

Cosc a chur ar Ghlaochanna

Más mian leat cosc a chur ar do ghutháin a bheith in ann glaochanna a dhéanamh chuig seirbhísí ardráta ba cheart duit dul i dteagmháil le do sholáthraí seirbhíse gutháin. Déanann cuid de na soláthraithe seirbhíse gutháin é seo saor in aisce.

Rialacha

Sonraí pearsanta

Ní mór do sholáthraithe cloí go hiomlán leis an Acht um Chosaint Sonraí, 1988, (agus le haon leasú air nó reachtaíocht a thagann ina áit) maidir le sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a choinneáil, a úsáid agus fáil réidh ansin leo.

Ní mór do sheirbhísí a bhailíonn sonraí pearsanta, ainmneacha agus uimhreacha gutháin mar shampla (córais aitheantais/taispeántais na n-uimhreacha a ghlaonn ar an tseirbhís san áireamh) a chur in iúl go soiléar duit cén fáth go dteastaíonn an t-eolas seo uathu. Má tá sonraí pearsanta coinnithe fút agus in úsáid le rudaí eile, ní mór é sin a chur in iúl duit agus deis a thabhairt duit stop a chur leis más mian leat.

Fógraíocht a dhéanamh ar sheirbhísí gutháin ardráta

Ní mór d'aon fhógraíocht maidir le seirbhísí gutháin ardráta in Éirinn sna meáin chumarsáide priontáilte, ar an raidió agus ar an idirlíon cloí le caighdeáin fíor-ghéara le tomhaltóirí a chosaint. Mar shampla, ní féidir bolscaireacht a dhéanamh ar aon tseirbhís ardráta mar sheirbhís atá "in aisce". Ní féidir a rá go bhfuil seirbhís ar fáil "in aisce" muna bhfuil teacht uirthi ach tríd seirbhís ghutháin ardráta. Ní cheadaítear seirbhísí beo comhrá duine le duine, i.e., seirbhísí coinne nó comhrá, a chur ar fáil in Éirinn.

Fógraíocht a dhéanamh ar sheirbhísí gutháin ardráta ar an teilifís

Má bhíonn fógraíocht déanta ar sheirbhísí gutháin ardráta ar an teilifís ní mór go mbeadh praghas na seirbhíse luaite sa chaint. Ní mór freisin go mbeadh eolas faoin bpraghas le feiceáil ar an bhfógra. Caithfear costais na nglaochanna don tréimhse ina mbeidh duine ag baint úsáide as an uimhir ardráta a bheith le feiceáil i bhfoirm téasc (caithfidh an téasc sin a bheith de mhéid faoi leith) le linn an fhógra.

Muna mbíonn san fhógra teilifíse ach 10 soicind ní gá cloí leis na rialacha sin ar fad. Tharla go bhfuil na fógraí sin ró-ghairid le costais na nglaochanna a lua sa chaint ní mór na costais a thabhairt don thomhaltóir ar dtús nuair a ghlaonn sé/sí ar an tseirbhís.

Fógraíocht a dhéanamh ar sheirbhísí gutháin ardráta sna meáin chumarsáide priontáilte

Ní mór eolas maidir le praghasanna a bheith le feiceáil i bhfoirm uimhreacha (CBL san áireamh). Ní mór go mbeadh an téasc de mhéid faoi leith agus éasca le léamh (i.e., ní ceart go mbeadh scrúdú géar ag teastáil len é a léamh).

Fógraíocht a dhéanamh ar sheirbhísí gutháin ardráta ar an raidió

Má bhíonn seirbhísí ardráta fograithe ar an raidió ní mór go mbeadh costas an ghlaoch agus eolas maidir leis an Soláthraí Seirbhíse curtha ar fáil don tomhaltóir.

Fógraíocht a dhéanamh ar sheirbhísí gutháin ardráta ar an idirlíon

Ní mór a lua i mbolscaireacht a dhéantar ar an idirlíon maidir le seirbhísí gutháin ardráta nach féidir le costas na nglaochanna dul thar 25 euro agus caithfear eolas maidir leis na praghasanna a bheith le feiceáil ar an scáileán. Chomh maith leis sin, ní mór go mbeadh córas slandála i bhfeidhm le cinntiú go bhfuil cead faighte ón té a íocann na billí sula ndéantar aon ghlaoch.

Seirbhísí Beo

Seirbhísí ardráta ina mbíonn comhrá/cumarsáid idir bheirt iad seirbhísí beo. Ní cheadaítear do na seirbhísí seo feidhmiú in Éirinn. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí ó thaobh amuigh d'Éirinn costas an ghlaoch a thabhairt i bhfoirm chainte agus ainm soláthraí na seirbhíse ag tús gach seirbhís bheo chomh maith le rabhadh a thabhairt do chustaiméirí nuair atá euro 30 caite. Iarrfar ansin ort an mian leat leanacht leis an nglaoch. Faoi rialacha ComReg ní mór cuid de na seirbhísí beo a thaifead ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh agus má tá sé i gceist ní mór a chur in iúl duit go bhfuil do ghlaoch dhá thaifeadadh. Tá rialacha géara i bhfeidhm maidir leis an gcineál comhrá nach féidir a thaifead.

Seirbhísí Tarot

Ní féidir aon tagairt a dhéanamh in ábhar bolscaireachta nó i seirbhísí tarot féin do na focail "faigh amach faoin todhchaí" nó "réamhinsím an todhchaí". Ní féidir bolscaireacht a dhéanamh ar sheirbhísí tarot le maoímh atá bunaithe ar thuairim nach féidir a chruthú le heolaíocht nó ní féidir a leithéid de mhaoímh a bheith mar chuid den tseirbhís féin.

Seirbhísí ar thaifead

Baineann na rialacha éagsúla atá leagtha síos sa Chód Cleachtais agus atá ábharach don tseirbhís faoi leith atá dhá sholáthar le seirbhísí ar thaifead.

Seirbhísí comhrá samhalta agus seirbhísí teagmhála agus coinne

Ní bhíonn comhrá beo teileafóin i gceist le seirbhísí comhrá samhalta ach bíonn beirt tomhaltóir nó níos mó in ann teachtaireachtaí faoi leith a thaifead agus a chur chuig a chéile agus iad ceangailte leis an tseirbhís. D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh sonraí teagmhála dhá chur ag na tomhaltóirí chuig a chéile agus iad ag cur na dteachtaireachtaí.

Tugann na seribhísí teagmhála agus coinne deis do dhaoine nach raibh aithne acu ar a chéile cheana an chéad teagmháil a dhéanamh agus coinne a dhéanamh castáil lena chéile. Ní bhíonn tomhaltóirí in ann teachtaireachtaí faoi leith a thaifead agus a chur chuig a chéile agus iad ceangailte leis an tseirbhís.

Níl sé de chead ag daoine atá faoi aois agus ag páistí úsáid a bhaint as seirbhísí comhrá samhalta agus seirbhísí teagmhála agus coinne agus tá iachall ar sholáthraithe seirbhíse cinntiú nach dtarlaíonn sé seo. Nuair atá bolscaireacht dhá dhéanamh ar na seirbhísí seo ní féidir an focal "beo" a lua chomh maith le focail faoi leith eile. Ní cheart go mbeadh aon téasc ná léaráidí san ábhar bolscaireacht atá gnéasúil nó le míniú den chinéal sin.

Ní mór go mbeadh rabhadh tugtha le seirbhísí comhrá samhalta ag tús an ghlaoch go mbainfear amach ábhar atá gáirsiúil nó a bhfuil míniú gnéasúil ag baint leis. Ní cheadaítear "Rochtain tostach" (i.e., rochtain gan caint) chuig na seirbhísí seo.

Má bhíonn tú ag glaoch ar sheirbhís chomhrá samhalta agus nuair a bhíonn euro 20 caite, ní mór é sin a chur in iúl duit agus do chead a fháil coinneáil leis an nglaoch.

Ní mór do sholáthraithe seirbhíse cinntiú go bhfuil comhairle curtha ar thomalthóirí maidir lena bheith ar a n-airdeall nuair a chasann siad le daoine eile tríd seirbhísí comhrá samhalta agus seirbhísí teagmhála agus coinne. Ní cheadaítear téasc leis na focail "teagmháil ar an bpointe" ná "beo ar an líne" nuair atá seirbhísí comhrá samhalta dhá fhógairt.

Gearáin

Má bhíonn gearán agat ná imní ort is fearr é a chur i scríbhinn. Ní mór gearáin a dhéanamh taobh istigh de thrí mhí ón am a úsáideann tú an tseirbhís, ach, tá discréid ag an Rialóir deileáil le gearáin nach gcloíann leis an riail sin. Tá sé tábhachtach freisin a rá go mbreathnaítear ar gach gearán faoi rún.

Tabhair faoi deara nach féidir le ComReg deileáil le conspóidí a bhaineann le costas na nglaochanna chuig seirbhís ardráta. Beidh ort teagmháil a dhéanamh go díreach leis an soláthraí seirbhíse le do ghearán a dhéanamh.

Rataí

Níl aon táille ag baint le gearán a dhéanamh le ComReg.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart aon ghearán maidir le seirbhís ardráta a chur i scríbhinn. Má bhaineann an gearán le fógra faoin tseirbhís a bhí i gcló, ar an raidió nó ar an teilifís, ba cheart an dáta, an t-am, an áit agus an meán ina raibh an fógra a lua.

Déanfaidh ComReg gach gearán a scrúdú a thagann chucu taobh istigh de thrí mhí ó rinneadh an glaoch nó ó cuireadh an t-ábhar bolscaireachta i gcló.

Is féidir an tréimhse ama seo a shíneadh má bhí cúinsí speisialta ann a chur bac ort an gearán a dhéanamh taobh istigh den tréimhse trí mhí sin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratais

An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide

Bloc DEF
An tIonad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Lower Abbey Street
Dublin 1
Ireland

Teil:(01) 804 9668
Lóghlao:1890 229 668
Facs:(01) 804 9680
Láithreán Gréasáin: http://www.askcomreg.ie/
R-phost: consumerline@comreg.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ag Déanamh Gearáin faoi Sheirbhísí Teileachumarsáide nó Seirbhísí Poist
    Déileálann ComReg le gearáin neamh-réitithe faoi sheirbhísí teileachumarsáide agus faoi sheirbhísí poist. Faigh amach conas agus cathain is ceart gearán a dhéanamh.
  • Fógraíocht Tomhaltóirí
    Tugtar cosaint do thomhaltóirí in Éirinn agus san AE ón bhfógraíocht bhréagach mhíthreorach. Foghlaim faoi na rialacha a rialaíonn fógróirí agus an méid le déanamh má cuireadh dallamullóg ort le fógra.
  • Seirbhísí Poist in Éirinn
    Is é ComReg a rialaíonn seirbhísí poist in Éirinn. Tá roinnt oibritheoirí freagrach as an tseirbhís a chur ar fáil, lena n-airítear An Post, soláthraí seirbhíse comhchoitianta na hÉireann.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.