Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Seirbhísí Cumarsáide > Seirbhísí Poist in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Poist in Éirinn

Eolas

Feidhmíonn An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) mar údarás rialaitheach náisiúnta poist na hÉireann. Ainmníodh An Post mar sholáthraí seirbhíse comhchoitianta na hÉireann faoin Acht um Rialáil Cumarsáide (Sheirbhísí Poist) 2011. Tá dualghas dleathach ar an soláthraí seirbhíse comhchoitianta, seirbhísí áirithe a chur ar fáil.

Cé go bhfuil comhlachtaí eile ag soláthar seirbhísí poist in Éirinn, bíonn ar An Post seirbhísí áirithe a chur ar fáil.

Seirbhísí Poist

Soláthraithe seirbhísí poist

Tá cead ag aon duine gnólacht poist a bhunú chun déileáil le post de gach saghas, ar an gcoinníoll nach soláthraítear na seirbhísí nach bhfuil cead ag comhlacht ar bith eile, seachas An Post, a chur ar fáil. Má thuilleann tú breis is €500,000 in aghaidh na bliana áfach, ní mór duit údarú seirbhíse poist a fháil ó ComReg. Bíonn ar sholáthraithe údaraithe cód cleachtais a leagadh amach chun déileáil le gearáin ó thomhaltóirí agus chun cúiteamh a sholáthar dóibh. Bíonn orthu deimhin a dhéanamh de freisin riachtanais áirithe a chomhlíonadh maidir leis na seirbhísí poist a chuirtear ar fáil, mar shampla, slándáil poist agus cosaint ó chaillteanas nó damáiste.

Tá liosta iomlán de na soláthraithe seirbhíse poist atá údaraithe ag ComReg ar a láithreán gréasáin.

Soláthraí seirbhíse comhchoitianta

Mar sholáthtraí seirbhíse comhchoitianta na hÉireann, bíonn ar An Post seirbhís chomhchoitianta a chur ar fáil do gach duine agus do gach comhlacht ar fud an Stáit. Chun é seo a dhéanamh, bíonn ar an gcomhlacht míreanna agus pacáistí poist a bhailiú agus a sheachadadh gach lá oibre (is é sin Luan go Aoine). Ní mór don chomhlacht na seirbhísí náisiúnta agus idirnáisiúnta seo a leanas a chur ar fáil:

  • míreanna poist níos lú ná 2 chileagram a bhailiú, a shórtáil, a iompair agus a dháileadh amach
  • Pacáistí poist níos lú ná 20 cileagram a bhailiú, a shórtáil, a iompair agus a dháileadh amach laistigh d’amanna seachadta áirithe agus bunaithe ar tháillí foilsithe
  • Seirbhísí do mhíreanna cláraithe
  • Seirbhísí do mhíreanna le hárachas. Íoctar cúiteamh de suas le €4,600 má dhéantar míreanna a chailliúint nó de bharr míreanna moillithe
  • Seirbhísí tacaíochta, lena n-airítear:

- post a atreorú

- leabhair a sheoladh thar lear

- post a stóráil (Stóráil Phoist)

- saorfhreagra / saorphost

- boscaí nó málaí príobháideacha

- teastais postais saor in aisce a eisiúint

- saorsheirbhís poist a sholáthar do dhaoine dalla nó do dhaoine caocha

Ina theannta sin, bíonn ar An Post rochtain iomlán, neamhchoinníollach a sholáthar ar bhulcphost i 43 áit dhifriúil ar fud an Stáit.

Tá breis faisnéise ar fáil i bhfoilseachán ComReg An tSeirbhís Phoist Chomhchoitianta – sainmhíniú infheidhme (ComReg 05/85) (pdf) a thugann tuairisc ar na mbunsheirbhísí poist atá ar fáil, agus Rialú ar Sheirbhísí Poist – Dualgas Seirbhíse Comhchoitianta – Rochtain ar Bhulcphost (ComReg 07/06) (pdf) atá ar fáil ar láithreán gréasáin ComReg.

Seirbhísí eile a sholáthraíonn An Post

Soláthraíonn An Post seirbhísí poist eile, lasmuigh de riachtanas seirbhíse comhchoitianta an chomhlachta, lena n-airítear: Dírphost, Dírphost Pas, Seirbhísí Bailithe Stampaí agus Post Cúiréireachta. Tagann ionann is 25% de láimhdeachas An Post ó sheirbhísí neamh-phostais, lena n-airítear seirbhísí airgeadais, táillí ceadúnais teilifíse a bhailiú, clódóireacht, bogearraí ríomhaire, deimhniú agus slándáil digiteach, eolaithe gnó agus forbairt réadmhaoine.

Tá faisnéis ar fáil ar na seirbhísí a sholáthraíonn An Post, agus ar na seirbhísí atá ar fáil in oifigí poist áitiúla, ar láithreán gréasáin An Post.

Monatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí poist

Tá ComReg freagrach as deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann An Post a dhualgais dhleathacha maidir le praghas, le cáilíocht agus leis an rogha seirbhísí comhchoitianta a sholáthraítear. Is féidir le ComReg treoracha a thabhairt d’An Post, i ndiaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, is féidir le ComReg tús a chur le nósanna imeachta forfheidhmithe mar is iomchuí.

Bíonn ar ComReg measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhíse a sholáthraíonn An Post, agus ar tuarascálacha a fhoilsiú go rialta. Tá Caighdeán Eorpach oifigiúil (EN13850) ar fáil a léiríonn cad ba cheart do ComReg a dhéanamh. Déantar measúnú leanúnach ar cháilíocht na seirbhíse agus foilsítear torthaí feidhmíochta An Post i bhfógraí faisnéise a fhoilsíonn ComReg go raithiúil. Ní dhéantar measúnú ach ar an ngnáthphost – ní chuirtear san áireamh feachtais poist nó bulcphost. Tá na cuspóirí seachadta seo a leanas leagtha amach ag ComReg; 94% a sheachadadh ar an lá dar gcionn agus 99.5% a sheachadadh laistigh de 3 lá. Tá na torthaí is déanaí ar fáil ar láithreán gréasáin ComReg.

Níl mórán cumhachta ag ComReg rialú a dhéanamh ar na seirbhísí poist breise a sholáthraíonn An Post. Níl ach cead ag ComReg deimhin a dhéanamh de go bhfuil nósanna imeachta gearáin ag An Post chun déileáil leis na seirbhísí seo agus nach bhfuil airgead ag teacht ó na seirbhísí seo chun tacú leis na seirbhísí uilíocha.

Níl ComReg freagrach as na seirbhísí neamhphostais, a sholáthraíonn An Post, a rialú. Tá na seirbhísí seo faoi réir an ghnáthdhlí tráchtála.

Tá ComReg freagrach as deimhin a dhéanamh de go mbíonn cód cleachtais ag na soláthraithe seirbhísí poist eile a fhaigheann údarú seirbhíse poist ó ComReg, chun déileáil le gearáin ó thomhaltóirí agus chun cúiteamh a sholáthar dóibh. Déanann ComReg deimhin de freisin go gcomhlíonann siad na bunriachtanais a bhaineann leis na seirbhísí poist a sholáthraíonn siad, mar shampla, slándáil poist agus cosaint ó chaillteanas nó damáiste. Tá ComReg freagrach as soláthraithe seirbhísí poist a thuilleann níos mó ná €500,000 in aghaidh na bliana a rialú.

Beartáin ó thíortha thar lear

Má fhaigheann tú beartán nó pacáiste ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach (AE), bíonn ort an CBL nó na dleachtanna iomchuí a íocadh roimh an beartán a fháil. Má fhaigheann tú beartán ó thír AE eile, ní bhíonn ort CBL nó dleachtanna a íocadh, toisc gur íocadh na táillí seo nuair a ceannaíodh na hearraí.

Tá córas difriúil i bhfeidhm ag na soláthraithe seachadta difriúla chun CBL agus dleachtanna custaim a bhailiú. Úsáidtear na modhanna seo a leanas chun na táillí seo a bhailiú:

  • Íocann an soláthraí seachadta an táille i dtús báire chun na míreanna a scaoileadh ó chustam. Bíonn ort an táille a aisíoc ina dhiaidh sin
  • Tugann an soláthraí seachadta faisnéis duit faoin méid airgid atá le híoc agus iarrtar ort an táille seo a íocadh roimh do phacáiste a sheoladh chugat
  • Iarrann an soláthraí seachadta ort teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na gCoimisinéirí Ioncaim

Iarrtar ort táillí difriúla a íocadh chun míreanna poist a scaoileadh ó chustam bunaithe ar an soláthraí seachadta a roghnaíonn tú. De ghnáth, íoctar céatadán den luach airgid atá ar na hearraí sa phacáiste, nó íostháille de idir €5 agus €25. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí seachadta chun liosta táillí a fháil.

Postchóid

Úsáidtear córas postchód i ngach tír san Aontas Eorpach seachas Éire. An Acht Um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist) 2011 reachtaíonn le haghaidh córas postchód náisiúnta.

Ag déanamh gearáin

Seirbhísí poist na hÉireann

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís a sholáthraíonn An Post mar sholáthraí seirbhíse na hÉireann, cur do ghearán in iúl d’fhoireann seirbhíse chustaiméara an chomhlachta, agus iarr uirthi do ghearán a réiteach.
Mura n-aontaíonn tú le toradh an imscrúdaithe, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), chun athbhreithniú a dhéanamh ar do chás. Rachfaidh an Coimisiún i dteagmháil leat nuair is féidir leis cabhrú leat.

Seirbhísí poist eile

Má bhaineann do ghearán le seirbhísí poist, a sholáthraíonn An Post nó soláthraí seirbhíse údaraithe eile, ba chóir duit do ghearán chur in iúl don soláthraí iomchuí, agus a iarraidh air do ghearán a réiteach.
Is féidir leat sonraí teagmhála sholáthraithe seirbhíse údaraithe a rochtain ar láithreán gréasáin ComReg.
Mar thuasluaite, d’fhéadfaidh ComReg cabhrú leat mura mbíonn tú sásta le torthaí imscrúaithe do sholáthraithe seirbhíse.

Cúiteamh

Má bhaineann do ghearán le h’éileamh airgeadaíochta maidir le seirbhísí poist, a sholáthraíonn An Post nó soláthraí seirbhíse údaraithe eile, is féidir leat do ghearán a thabhairt os comhair na Cúirte Mhionéileamh.
Is féidir leat éileamh a chur isteach ar chúiteamh bunaithe ar an táirge, ar an tseirbhís agus ar an soláthraí seirbhíse a n-úsáidtear. Ba cheart duit a fháil amach roimh ré an féidir leat cúiteamh a fháil trí scrúdú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an táirge nó an tseirbhís iomchuí.

An Ombudsman

Ina theannta sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman mura mbíonn tú sásta leis an tslí ina ndearnadh An Post iarracht déileáil le do ghearán. Cliceáil anseo chun faisnéis a rochtain ar an Ombudsman.

Seol do ghearáin chuig

An Post

An Roinn Sheirbhísí Custaiméara
Ard-Oifig an Phoist
SAORPHOIST
O'Connell Street
Dublin 1
Ireland

Teil:(01) 705 7600
Lóghlao:Callsave 1850 575 859
Facs:(01) 809 0900
Láithreán Gréasáin: http://www.anpost.ie
R-phost: customer.services@anpost.ie

An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide

Bloc DEF
An tIonad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Lower Abbey Street
Dublin 1
Ireland

Teil:(01) 804 9668
Lóghlao:1890 229 668
Facs:(01) 804 9680
Láithreán Gréasáin: http://www.askcomreg.ie/
R-phost: consumerline@comreg.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.