Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Seirbhísí Cumarsáide > Líonraí Teileafóin Phóca in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Líonraí Teileafóin Phóca in Éirinn

Eolas

De réir na tuarascála is deireanaí ó ComReg maidir leis an margadh, tá fóin phóca ar an bhfód ar 96% den mhargadh in Éirinn. 98% an meán ar fud an AE. Is iomaí branda de na fóin phóca atá ann chomh maith. Ní raibh oiread rogha ag tomhaltóirí riamh maidir le fóin phóca ná seirbhísí fóin phóca. Tugtar léargas sa cháipéis seo ar roinnt de na seirbhísí a chuireann soláthraithe seirbhíse teileafóin ar fáil agus ar na cearta atá agat agus tú ag baint leas as na seirbhísí sin.

Tá ceithre cinn de líonraí teileafóin phóca in Éirinn. Soláthraí ar leith a ritheann gach ceann de na líonraí teileafóin phóca sin. Chun go mbeadh cead isteach sa mhargadh aige, ní mór do sholáthraí seirbhíse teileafóin phóca ceadúnas a bheith aige ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).

Tairgíonn gach soláthraí seirbhíse teileafóin phóca ar leith pacáistí éagsúla don tomhaltóir. Tá suíomh idirlín curtha le chéile ag ComReg, ar a dtugtar www.callcosts.ie, a ligeann don tomhaltóir comparáid a dhéanamh idir táillí teileafóin phóca i measc na n-oibreoirí ar fad. Cuidíonn an suíomh leis an tomhaltóir an pacáiste teileafóin phóca is fearr a roghnú, bunaithe ar an úsáid faoi leith ag an duine sin féin.

Má cheannaíonn tú fón póca, bíonn conradh agat le soláthraí seirbhíse teileafóin phóca. Braitheann cineál an chonartha ar an rogha a dhéanann tú idir seirbhís teileafóin phóca Réamhcheannacháin agus seirbhís Iarcheannaithe.

  • Ciallaíonn seirbhís réamhcheannacháin go n-íocann duine de réir mar atáthar ag dul ar aghaidh, ag ceannach creidmheasa le cur ar an fón in ionaid ar nós siopa nó meaisín bainc nó ar an fón féin.
  • Ciallaíonn seirbhís iarcheannaithe go bhfaigheann duine bille maidir leis na glaonna ar fad a bhíonn déanta aige/aici.

Taobh istigh den dá chineál conartha sin, is iomaí rogha eile atá ann. Déan amach duit féin

  • cén t-am de lá is dócha a ndéanfaidh tú an chuid is mó de do chuid glaonna (le linn buaicamanna nó amanna seachbhuaice)
    an mbainfidh tú úsáid as SMS (seirbhís ghearrtheachtaireachtaí nó teachtaireachtaí téacs) níos mó ná a bhainfidh as glaonna gutha
  • cé na soláthraithe seirbhíse a úsáideann na daoine ar dócha gur orthu a bheidh tú ag glaoch
    Tabharfaidh freagraí na gceisteanna sin noda duit maidir leis an bpacáiste is fearr duit féin.

Buaicrátaí agus Rátaí Seachbhuaice

Is iondúil gur i rith an lae, nuair a bhíonn an chuid is mó de na daoine agus de na gnólachtaí ag déanamh glaonna, a bhíonn na buaicamanna. Cosnaíonn glaonna níos mó le linn buaicamanna. I rith an tráthnóna, san oíche agus ar an deireadh seachtaine a bhíonn rátaí seachbhuaice i bhfeidhm go hiondúil. D’fhéadfadh glaonna a bheith i bhfad níos saoire le linn na dtréimhsí sin. Bí cinnte go mbíonn a fhios agat na hamanna éagsúla agus leibhéal na mbuaicrátaí agus na rátaí seachbhuaice ó ní gá gur mar a chéile a bheidís i gcás gach pacáiste do ghlaonna fóin phóca.

Athrú ar do sholáthróir seirbhíse fóin póca

Is féidir a athrú ó sholáthróir seirbhíse amháin go dtí ceann eile soláthraí seirbhíse agus d'uimhir fóin phóca atá ann cheana féin a choimeád. Mar sin féin, sula ag athrú go dtí soláthraí seirbhíse nua ba chóir duit seiceáil ar dtús cad a oibleagáidí conarthacha a bhfuil tú le do sholáthraí seirbhíse atá ann cheana féin. Faoi rialacha nua an AE atá á dtabhairt isteach, tá soláthar déanta chun a chinntiú gur féidir le tomhaltóirí a n-uimhir bogadh ó sholáthraí seirbhíse go dtí ceann eile taobh istigh de lá oibre amháin.

Rialacha

Cuimhnigh go bhfuil cosaint maidir leis an ngléas fóin phóca a cheannaíonn tú faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980. Ciallaíonn sin gur chóir go mbeadh aon ghléas teileafóin phóca a cheannófá

  • De réir an chur síos a thugtar air – ar an ábhar margaíochta nó ón lucht díolacháin
  • Infheidhme (.i. oiriúnach chun a úsáide mar ghléas teileafóin phóca)
  • Ar chaighdeán indíolta (.i. acmhainn a dhíolta agus a úsáide ag an gcustaiméir a bheith ann)

Sa chás go n-éiríonn gléas fóin nó píosa eile den trealamh fón póca a cheannaíonn tú ó sholáthraí seirbhíse teileafóin phóca fabhtach is féidir leat é a thabhairt ar ais agus gléas eile a fháil ina ionad go gcuirtear caoi air nó aisíoc. Ní shonraítear sa reachtaíocht an cineál cúitimh is gá don mhiondíoltóir a thabhairt duit ach ba cheart a bheith ag súil go mbeadh sé réasúnta. Tá cur síos ar an gcaoi le gearán a dhéanamh anseo. Sa chás go bhfuil na deismireachtaí gearáin ar fad triáilte agat gan sásamh a fháil, is féidir leat an t-éileamh a dhéanamh le Cúirt na nÉileamh Beag.

Seirbhísí 3G

Is téarma maidir le ‘Teicneolaíocht Theileafón Póca den Tríú Glún’ atá sa téarma 3G. Fágann córais teileafóin phóca den tríú glún gur féidir tarchuradóireacht ardluais a dhéanamh ar shonraí agus úsáid a bhaint as feidhmchláir ilmheáin níos cuimsithí ar nós fís lánghluaiseachta, comhdhálacha físe agus an tIdirlíon.

Árachas Teileafóin Phóca

Le hárachas teileafóin phóca, ar nós árachas de chineálacha eile, glactar árachas ar an sás láimhe in aghaidh chaillteanas, ghadaíocht, agus mar sin de. Tairgítear le go leor polasaithe árachais theileafóin phóca cosaint a thabhairt do do theileafón póca in aghaidh dhamáiste de thimpiste, ó ghadaíocht, caillteanas, damáiste ó uisce, agus eile. Is minic agus teileafón póca á cheannach go bhfiafrófaí díot an raibh tú ag iarraidh árachas teileafóin phóca. Seiceáil an tsuim a bheadh le híoc agat féin ar dtús sula n-íocfadh an comhlacht árachais thusa maidir le haon chaillteanas nó damáiste d’earra faoi árachas. An farasbarr a thugtar ar an tsuim sin a chaitheann tú féin a íoc ar dtús. Má tá árachas agat ar an teach agus a bhfuil ann, d’fhéadfadh go dtiocfadh goid an teileafóin phóca faoin árachas sin – is féidir é a sheiceáil leis an gcomhlacht árachais. D’fhéadfadh go dtiocfadh nithe eile faoi árachas faoi leith ar theileafón póca ar nós glaonna a dhéanfadh daoine gan scrupall.

Seirbhís Sruthaireachta (‘Roaming’)

Nuair a cheannaítear teileafón póca a íoctar trí bhille in Éirinn, sínítear conradh i leith seirbhíse a ligean do dhuine réimse seirbhísí a úsáid ar nós glaonna teileafóin, teachtaireachtaí téacs agus pictiúir etc. Ba cheart do gach tomhaltóir a bheith ar an eolas go hiomlán maidir le téarmaí agus coinníollacha an chonartha atá acu. Má cheadaíonn an soláthraí seirbhíse duit an fón póca a úsáid agus tú ag taisteal thar lear, d’fhéadfadh go ngearrfaí ‘táillí sruthaireachta’ ort. Tugtar ‘sruthaireacht’ (roaming) ar úsáid an fhón póca nuair a théitear thar tír amach. Ba cheart duit bheith ar an airdeall maidir lena éagsúil is atá na táillí maidir leis an fón a úsáid agus tú ag sruthaireacht agus na táillí a ghearrtar maidir le glaonna ag baile.

Is inmholta an beart seiceáil leis an soláthraí seirbhíse sula dtéitear thar lear go bhfeicfidh tú cé na táillí a ghearrfar má úsáideann tú an fón i dtír iasachta. Tá bileog curtha ar fáil ag ComReg ina gcuirtear comhairle maidir le ‘sruthaireacht’ le teileafón póca agus tá sin ar fáil ar www.askcomreg.ie.

Sa chás go ngoidtear an fón ort

Tá uimhir dó féin ag gach sás láimhe a dhíoltar ar a dtugtar IMEI (Aitheantóir Idirnáisiúnta Fóin Póca). Coinnigh tuairisc ar an eolas sin agus cláraigh leis an soláthraí seirbhíse teileafóin phóca atá agat é nuair a cheannaíonn tú an sás láimhe. Sa chás go ngoidtear an fón ort, tabhair tuairisc maidir leis an ngoid do na Gardaí agus don soláthraí seirbhíse theileafón póca gan mhoill agus féadfar cinntiú nach n-oibreoidh an fón ar líonra ar bith. Déan teagmháil leis an soláthraí seirbhíse theileafón póca maidir le tuilleadh eolais faoin scéim seo.

Leanaí agus Fóin Phóca

Úsáideann go leor leanaí in Éirinn agus thar lear fóin phóca. Is féidir an t-idirlíon a cheadú trí mheán fóin phóca nua-aimseartha chomh maith le hábhar físe nó íomhánna a sheoladh a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach nó mí-oiriúnach do leanaí. Tá treoir dar teideal A parent’s guide to mobile phones (pdf) foilsithe ag The Irish Cellular Industry Association ina mínítear an dea-chleachtas maidir le húsáid fóin phóca ag leanaí. Tá suíomh idirlín www.hotline.ie bunaithe ag The Internet Service Providers Association of Ireland i gcomhar leis an mBord Comhairleach Idirlínar ar féidir tuairisc a thabhairt ar chásanna ina dtagtar trasna ar phornagrafaíocht leanaí.

Rataí

Gearrann soláthraithe seirbhíse éagsúla rátaí éagsúla ar na pacáistí seirbhísí fóin phóca – is fút féin atá na rátaí éagsúla a fhiosrú agus an margadh is fearr a aimsiú do na seirbhísí a úsáideann tú.

Is féidir le daoine níos sine ná 70 bliain d’aois Liúntas Teileafóin a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar chuid den Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Tá an liúntas seo ar fáil freisin do dhaoine a fhaigheann sochar leasa sóisialta.

Sa chás go mbíonn deacracht agat leis an sás láimhe agus nach n-éiríonn leat sásamh a fháil ón miondíoltóir ónar cheannaigh tú an fón póca, is féidir leat dul go dtí Cúirt na nÉileamh Beag.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig an Stiúrthóra um Ghnóthaí Tomhaltóirí
4 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Fiosrúcháin ó Thomhaltóirí: 01 402 55 55
Lóghlao 1890 220 229
Ríomhphost: odca@entemp.ie

Foireann na dTomhaltóirí, An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
Ionad Irish Life
Bloc DEF
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Fiosrúcháin ó Thomhaltóirí: Lóghlao 1890 229 668
Idirlíon: www.askcomreg.ie
Idirlíon: www.callcosts.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ceangal leis an idirlíon ón mbaile
    Tá méadú seasta ar líon na dteaghlach sa tír atá ag ceangal leis an idirlíon. Tugtar comhairle sa cháipéis seo maidir le soláthraí seirbhíse idirlín a roghnú.
  • Seirbhísí teileafóin líne seasta in Éirinn
    Is é ComReg a dhéanann seirbhísí cumarsáide a rialú in Éirinn. Cliceáil anseo chun faisnéis a rochtain ar conas soláthraí seirbhíse teileafóin líne seasta a roghnú
  • Seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú
    Déantar seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú in Éirinn. Is féidir fáil amach anseo cén chaoi a ndéantar cearta saoránach a chosaint, is cuma an bhfuil na seirbhísí sin dhá sholáthar in Éirinn nó dhá sholáthar thaobh amuigh d'Éirinn ach ar fáil anseo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.