Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Seirbhísí Cumarsáide > Seirbhísí teileafóin líne seasta in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí teileafóin líne seasta in Éirinn

Eolas

Tá a lán comhlachtaí in Éirinn a sholáthraíonn seirbhísí teileafóin líne seasta do thomhaltóirí. Ciallaíonn líne seasta go bhfuil nasc idir do theileafón agus pointe balla i do theach nó i d’oifig. Is féidir leat seirbhís theileafóin líne seasta a roghnú, a chomhlíonann do riachtanais.

Dualgas Seirbhíse Uilíoch (USP)

Roimh léirscaoileadh an mhargaidh teileachumarsáide ag deireadh na nochaidí, ba é an comhlacht stáit, Telecom Éireann, a sholáthair seirbhísí teileachumarsáide in Éirinn. Rinneadh Telecom Éireann a phríobháidiú i 1999 agus tugtar Eircom air anois.

ComReg, rialtóir don earnáil leictreonach, teileachumarsáide agus poist, freagrach as córas a chur i bhfeidhm chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil bunseirbhísí ar fáil do na tomhaltóirí go léir ar fud na tíre. Tugtar Dualgas Seirbhíse Uilíoch ar an bprionsabal seo. Is é Eircom an Soláthraí Seirbhíse Uilíoch (USP) agus mar thoradh ar seo, bíonn ar an gcomhlacht roinnt dualgais a chomhlíonadh maidir le soláthar seirbhísí áirithe.

Is féidir leat breis faisnéise a rochtain ar Dhualghas Seirbhíse Uilíoch ar láithreán gréasáin tomhaltóra ComReg.

Rialacha

Ag roghnú nó ag athrú soláthraithe seirbhíse

Tá an caidreamh idir tomhaltóir agus soláthraí seirbhíse teileafóin bunaithe ar chonradh tomhaltóra. Nuair a dhéantar imscrúdú ar na comhlachtaí difriúla, is rud tábhachtach é comparáid a dhéanamh idir na téarmaí agus na coinníollacha difriúla a bhaineann le conarthaí difriúla, mar shampla, an t-airgead go gcaithfear a íoc do chíos líne nó do ghlaonna. Roimh conradh a shíniú le comhlacht nua, ba chóir dhuit imscrúdú a dhéanamh ar théarmaí agus ar choinníollacha an chonartha atá agat faoi láthair chun iad a chur i gcomparáid le téarmaí agus coinníollacha an chonartha nua.

Ba cheart duit athbhreithniú a dhéanamh ar cheann nó dhó de bhur mbillí teileafóin is déanaí, chomh maith le do phatrún glaoite a leagadh amach (is é sin ná na huimreacha a chuireann tú glaoch orthu go minic agus an t-am a chuireann tú glaoch ar na huimreacha seo). Ina dhiaidh sin, ba chóir duit faisnéis a lorg ó na comhlachtaí difriúla ar a dtáillí glaoite. Ba chóir duit ceist a chur ar gach oibritheoir, liosta clóite a sheoladh chugat chun a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar tháillí agus comparáid a dhéanamh idir na táillí difriúla.

Is féidir leat na ceisteanna seo a leanas a úsáid freisin chun cinneadh a dhéanamh:

  • An bhfuil íostáille nó táille tosaigh le híoc nuair a dhéantar glaoch teileafóin?
  • Conas a dhéanann an comhlacht teileafóin táillí glaoite a leagadh amach – in aghaidh an soicind nó an nóiméid?
  • An bhfuil táillí breise le híoc, mar shampla, táillí cónaisc?
  • Cathain a thosaíonn agus a chríochnaíonn na rátaí lae, tráthnóna agus deireadh seachtaine?
  • Cé mhéid ama a thógfaidh sé chun aistriú go dtí an t-seirbhís nua?
  • An bhfuil ort conradh am-bhunaithe a shíniú?
  • An bhfuil íosmhéid airgid le híoc in aghaidh na míosa?
  • An bhfuil scéimeanna lascaine speisialta ar fáil?
  • An bhfuil pionóis le híoc má chuireann tú deireadh le do chonradh?

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin teagmháil a dhéanamh leis an oibritheoir atá agat faoi láthair roimh chonradh a shíniú le soláthraí seirbhíse nua, chun faisnéis a fháil ar fhógraí nó ar thréimhse phionóis chealúcháin.

De ghnáth, ní thógann sé ach cúpla seachtaine chun aistriú go soláthraí seirbhíse nua, ón am a chuirtear in iúl dodo sholáthraí seirbhíse nua go dteastaíonn uait a sheirbhísí a úsáid. Faoi rialacha nua an AE atá á dtabhairt isteach, tá soláthar déanta chun a chinntiú gur féidir le tomhaltóirí a n-uimhir bogadh ó sholáthraí seirbhíse go dtí ceann eile taobh istigh de lá oibre amháin.

Níl ort ach conradh a shíniú nó glaoch teileafóin a chur ar sholáthraí seirbhíse nua chun a chur in iúl dóibh gur mhaith leat a sheirbhísí a úsáid. Nuair a thugann tú cead ar an teileafón do sholáthraí seirbhíse é seo a dhéanamh, tugtar Fiorú Tríú Páirtí (nó TPV) ar seo. Mar chuid den phróiseas seo, bíonn ort roinnt cheisteanna a fhreagairt. Cláraítear an TPV agus féachtar air mar chonradh dleathach.

Déanfaidh do sholáthraí seirbhíse nua teagmháil le do shean-soláthraí seirbhíse chun é a chur in iúl dóibh gur mhaith leat deireadh a chur le do chonradh. Ina dhiaidh sin, gheobhaidh tú litir ó do shean-soláthraí seirbhíse a léireoidh go dtoilíonn tú aistriú go soláthraí seirbhíse nua. Níl ort freagra a sheoladh ar ais, ach amháin mura mian leat do sholáthraí seirbhíse a athrú.

Bíonn ar chomhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí teileafóin líne seasta do thomhaltóirí Éireannacha údarú a fháil ó ComReg.

Tréimhse shuaimhnithe

Is í tréimhse suaimhnithe ná an méid ama ina dtugtar cead do thomhaltóir cúlú óna c(h)onradh gan pionós a íoc. Nuair a ghlacann tú le soláthraí seirbhíse nua, bíonn tréimhse shuaimhnithe de seacht lá oibre agat chun cúlú ón chonradh, ón dáta a fhaigheann tú na téarmaí agus coinníollacha.

Margaíocht dhíreach agus soláthraithe seirbhíse teileafóin

Déanann soláthraithe seirbhíse teileafóin a seirbhísí a mhargú go minic. Mura mian leat glaonna margaíochta díreach a fháil ó chomhlachtaí, is féidir leat é seo a chur in iúl don Bhunachar Sonraí Eolaí Náisiúnta. Cliceáil anseo chun níos mó faisnéise a rochtain ar conas déileáil le glaonna teileafóin neamhcheadaithe.

Nuair a aistríonn tú go soláthraithe seirbhíse nua, níl cead ag do shean-soláthraithe seirbhíse teagmháil a dhéanamh leat ar feadh trí mhí ar a laghad.

Cíos trealaimh

Déanann a lán tomhaltóirí, teileafóin a fháil ar cíos íoctha óna soláthraithe seirbhíse, ach tá níos mó daoine ag ceannach a dteileafón féin i gcónaí. Má cheannaíonn tú do theileafóin féin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraithe seirbhíse, a thug do shean teileafón duit ar cíos, chun a fháil amach cad ba cheart duit a dhéanamh chun an sean teileafón a sheoladh ar ais chucu, chun an táille a íocann tú don seirbhís seo a scriosadh ó do bhille.

Ní cheart a bheith ort trealamh nua a fháil nuair a aistríonn tú go soláthraí seirbhíse nua.

Billeáil aonair

Is féidir le tomhaltóirí billeáil aonair a roghnú chun bille amháin a fháil óna soláthraí seirbhíse tosaíochta, a chuireann san áireamh ceanglais seirbhíse teileafóin iomlána an tomhaltóra – lena n-airítear glaonna agus cíos líne. Ní mór duit ceist a chur ar do sholáthraí seirbhíse chun a fháil amach an féidir leat bille aonair a fháil.

Beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’oibritheoir nua chun ceisteanna a chur air maidir le seirbhísí coimhdeachta, mar shampla glao ag feitheamh, glao fregartha agus araile. De ghnáth, is féidir leat na seirbhísí céanna idirlín agus leathanbhanda a úsáid nuair a roghnaíonn tú soláthraí seirbhíse teileafóin nua Is féidir leat breis faisnéise a fháil ó do sholáthraí seirbhíse nua.

Is féidir leat bileog ComReg Cur Síos ar Bhilleáil Aonair (pdf) a rochtain anseo.

Réamhroghnú iompróra

De réir Réamhroghnaithe Iompróra (CPS), is féidir leat oibritheoir áirithe a roghnú roimh ré, chun glaonna áirithe a iompair, mar shampla glaonna idirnáisiúnta. Níl ort réimír a dhiailiú nó aon rud eile a dhéanamh roimh ghlaoch a chur ar an uimhir. Faigheann tú dhá bhille – ceann amháin ó d’oibritheoir CPS do tháillí glaonna agus an dara cheann ó do sholáthraí seirbhíse cíosa líne.

Rátaí

Bíonn ort rátaí difriúla a íoc bunaithe ar an soláthraí seirbhíse a roghnaíonn tú, ar na sóirt glaonna a dhéanann tú agus ar an am a dhéanann tú na glaonna seo. Is féidir leat féin imscrúdú a dhéanamh ar na rátaí difriúla chun an luach ar airgead is fearr a fháil bunaithe ar na glaonna a dhéanann tú agus ar na seirbhísí a dteastaíonn uait.

Is féidir le daoine níos sine ná 70 bliain d’aois Liúntas Teileafóin a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar chuid den Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Tá an liúntas seo ar fáil freisin do dhaoine a fhaigheann sochar leasa sóisialta.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá roinnt foilseacháin ar fáil ó ComReg gur féidir le tomhaltóirí a úsáid chun soláthraí seirbhíse a roghnú. Ina theannta sin, tá breis faisnéise ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide

Bloc DEF
An tIonad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Lower Abbey Street
Dublin 1
Ireland

Teil:(01) 804 9668
Lóghlao:1890 229 668
Facs:(01) 804 9680
Láithreán Gréasáin: http://www.askcomreg.ie/
R-phost: consumerline@comreg.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Líonraí Teileafóin Phóca in Éirinn
    Ní raibh oiread rogha riamh ag tomhaltóirí maidir le fóin phóca agus seirbhísí fhóin phóca in Éirinn. Mínítear sa cháipéis seo faoi roinnt de na seirbhísí a chuireann soláthraithe seirbhíse teileafóin ar fáil agus na cearta atá agat agus tú ag baint leas as na seirbhísí sin.
  • Seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú
    Déantar seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú in Éirinn. Is féidir fáil amach anseo cén chaoi a ndéantar cearta saoránach a chosaint, is cuma an bhfuil na seirbhísí sin dhá sholáthar in Éirinn nó dhá sholáthar thaobh amuigh d'Éirinn ach ar fáil anseo.
  • Ag Déanamh Gearáin faoi Sheirbhísí Teileachumarsáide nó Seirbhísí Poist
    Déileálann ComReg le gearáin neamh-réitithe faoi sheirbhísí teileachumarsáide agus faoi sheirbhísí poist. Faigh amach conas agus cathain is ceart gearán a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.