Seirbhísí Poist in Éirinn
Is é ComReg a rialaíonn seirbhísí poist in Éirinn. Tá roinnt oibritheoirí freagrach as an tseirbhís a chur ar fáil, lena n-airítear An Post, soláthraí seirbhíse comhchoitianta na hÉireann.
Seirbhísí teileafóin líne seasta in Éirinn
Is é ComReg a dhéanann seirbhísí cumarsáide a rialú in Éirinn. Cliceáil anseo chun faisnéis a rochtain ar conas soláthraí seirbhíse teileafóin líne seasta a roghnú
Líonraí Teileafóin Phóca in Éirinn
Ní raibh oiread rogha riamh ag tomhaltóirí maidir le fóin phóca agus seirbhísí fhóin phóca in Éirinn. Mínítear sa cháipéis seo faoi roinnt de na seirbhísí a chuireann soláthraithe seirbhíse teileafóin ar fáil agus na cearta atá agat agus tú ag baint leas as na seirbhísí sin.
Ceangal leis an idirlíon ón mbaile
Tá méadú seasta ar líon na dteaghlach sa tír atá ag ceangal leis an idirlíon. Tugtar comhairle sa cháipéis seo maidir le soláthraí seirbhíse idirlín a roghnú.
Seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú
Déantar seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú in Éirinn. Is
féidir fáil amach anseo cén chaoi a ndéantar cearta saoránach a chosaint, is
cuma an bhfuil na seirbhísí sin dhá sholáthar in Éirinn nó dhá sholáthar thaobh
amuigh d'Éirinn ach ar fáil anseo.
Deileáil le margaíocht díreach nár iarradh
Tá comhairle ar fáil sa cháipéis seo conas deileáil le
margaíocht díreach nár iarradh (dramhphost)
Ag déileáil le glaonna díolacháin teileafóin gan iarraidh
‘Glaonna fuara' a thugtar ar ghlaonna díolacháin gan iarraidh a thagann ó chomhlachtaí nach ndearna tú gnó leo cheana. Anois is féidir leat tú féin a chlárú ar Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta mar dhuine nach bhfuil ag iarraidh glaonna fuara a fháil. Liosta is ea an Bunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta de na huimhreacha teileafóin ar fad i ngach leabhar teileafóin poiblí nó atá le fáil ó fhiosrúcháin faoin eolaire.
Deileáil le ríomh-phost déistineach nár iarradh
Tá comhairle ar fáil sa cháipéis seo conas deileáil le
ríomh-phost déistineach nár iarradh.
Ag Déanamh Gearáin faoi Sheirbhísí Teileachumarsáide nó Seirbhísí Poist
Déileálann ComReg le gearáin neamh-réitithe faoi sheirbhísí teileachumarsáide agus faoi sheirbhísí poist. Faigh amach conas agus cathain is ceart gearán a dhéanamh.
This document is in:
Gnóthaí Tomhaltóirí
Cosaint Tomhaltóirí
Gearáin Thomhaltóirí
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.