D’fhéadfadh sé gur bealach iontach é carr a thógáil ar cíos in Éirinn nó ar do laethanta saoire le taisteal timpeall na tíre seo nó tíre eile agus gan ort carr a cheannach. Seans go mbeidh ort veain nó feithicil eile a thógáil ar cíos ionas go mbeidh tú in ann lastas níos mó a iompar. Go hiondúil, ní bhíonn fadhb ar bith ag custaiméirí feithiclí a thógáil ar cíos ach mar sin féin tá bealaí ann le fadhbanna a sheachaint.
Nuair a thógann tú carr ar cíos, cruthaítear conradh idir thú féin agus comhlacht cíosa na gcarranna. Léigh conradh cíosa an chairr agus cuir ceist faoi aon rud nach dtuigeann tú. Déan cinnte go dtuigeann tú na Téarmaí agus na Coinníollacha sula nglacann tú leis an gconradh. Más ar líne atá tú ag cur carr in áirithe, is minic go mbíonn na Téarmaí agus Coinníollacha le fáil taobh istigh de cheannteidil eile cosúil le Ceisteanna Coitianta nó Riachtanais. Bí soiléir faoina n-oibleagáidí atá ort faoin gconradh a chlúdaíonn cíos na feithicle.
Má tá tú ag tógáil feithicil ar cíos ar líne nó tríd an teileafón, cruthaítear ‘conradh cianda’ a théann i ngleic le soláthar na seirbhísí iompair. Go hiondúil, nuair a cheannaíonn tú táirge nó seirbhís ar líne, tá tréimhse agat a mhaireann 7 lá le d’intinn a athrú faoin margadh atá déanta agat. Ní bhaineann eisceachtaí ar bith leis seo agus sampla is ea soláthar seirbhísí iompair, cuir i gcás ticéid aerlíne a eisiúint. Nuair a thógann tú feithicil ar cíos níl tréimhse 7 lá agat le d’intinn a athrú faoi rud ar bith atá curtha in áirithe agat.
Más faoi 25 nó thar 70 bliain d’aois thú, fíoraigh an mbeidh tú in ann carr a thógáil ar cíos mar baineann teorainneacha aoise le carr ar cíos. Glacfaidh an chuid is mó de thíortha, go háirithe ballstáit AE eile le ceadúnas tiomána náisiúnta bailí reatha. Seiceáil le feiceáil an mbeidh níos mó doicméadaithe ná seo de dhíth ort – cuir i gcás ceadúnas tiomána idirnáisiúnta.
D’fhéadfá déileáil le bróicéir cíosa carranna a shocróidh carr a thógáil ar cíos duit. Déan cinnte go bhfuil tú sásta go bhfuil tú ag déileáil le comhlacht cíosa carranna cuí. Déan cinnte nach bhfuil tú ag íoc níos mó táillí bróicéara ná mar atá gá leis.
Tá an conradh déanta ní nuair a dhéanann tú é a chur in áirithe ach nuair a bhailíonn tú an carr. Déan cinnte go dtuigeann tú cé na hoibleagáidí atá agat ag an am a chuireann tú in áirithe é agus nuair a bhailíonn tú an carr. Bíodh a fhios agat freisin cé na rudaí ar cheart duit a dhéanamh chun an carr a fhágáil ar ais gan táillí breise a tharraingt ort féin. D’fhéadfadh sé gurb éard atá i gceist leis seo an carr a fhágáil ar ais le humar peitril lán.
Uaireanta d’fhéadfaí léaráid den charr a thabhairt duit leis an damáiste seachtrach marcáilte air – bí cinnte go bhfuil an damáiste go léir atá déanta ar an gcarr marcáilte isteach sula dtiománann tú chun bealaigh. Seans go dtairraingeofar costais ort as aon damáiste nach bhfuil marcáilte ar an léaráid ná ar an tuarascáil damáiste.
Seans go bhfillfeá san oíche nuair nach féidir leat inniúchadh ceart a dhéanamh ar an gcarr atá tú ar tí a thógáil ar cíos, iarr tóirse orthu ionas gur féidir leat an carr a sheiceáil go cruinn beacht sula nglacann tú leis an bhfeithicil.
Déan na rudaí seo a leanas a sheiceáil ar an gcarr sula dtiománann tú an carr chun bealaigh ón ngaráiste.
Má tá sé ar intinn agat carr ar cíos a thógáil thar theorainn náisiúnta, iarr ar chomhlacht cíosa na gcarranna más féidir seo sula dtrasnaíonn tú an teorainn.
Nuair a fhágann tú an carr ar ais ag do chomhlacht cíosa na gcarranna déan cinnte go bhfuil an carr seiceáilte agat a fhad is atá tú ansin. Seans go gciallódh sé seo go seachnófá costais ar do chárta creidmheasa as damáiste nach raibh a fhios agat fúthu. Cé go bhfuil seans ann gur cheannaigh tú tarscaoileadh damáiste, seans go bhféadfadh comhlachtaí cíosa carranna costas a chur ar do chárta creidmheasa do mhéideanna breise a d’fhéadfadh a bhaint leo. Tá sé tábhachtach, mar sin, go ndéantar inniúchadh ar an bhfeithicil agus tú á fágáil ar ais agus go nótáltar aon damáiste.
Baineann rátaí difriúla le comhaontuithe cíosa carranna ó chomhlachtaí difriúla. Déan siopadóireacht cúpla áit do na margaí is fearr ar an idirlíon nó trí ghlaoch a chur ar chomhlachtaí cíosa carranna.
Má tá gearán agat faoi charr a thóg tú ar cíos in Éirinn, sa chéad áit, téigh chuig an gcomhlacht ónar thóg tú an carr ar cíos. Mura bhfuil tú sásta fós, téigh i dteagmháil le Comhairle Cíosa Carranna na hÉireann ag an bhfuil nós imeachta gearáin acu do bhaill-chomhlachtaí.
Má tá gearán agat le comhlacht cíosa carranna i mballstáit AE eile téigh i dteagmháil le hIonad Tomhaltóirí na hEorpa a d’fhéadfadh comhairle a chur ort faoi do cheart agus cuidiú leat leis an ngearán.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.