Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Gluaisteánaíocht > Comhairle maidir le carr nua a cheannach in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Comhairle maidir le carr nua a cheannach in Éirinn

Eolas

Go ginearálta nuair a cheannaíonn tú carr nua in Éirinn is ó dhíoltóir nó ó gharáiste a cheannaíonn tú é. Beidh conradh tomhaltóra agat leis an díoltóir nó leis an ngaráiste sin. Faoin gconradh sin beidh sé de cheart agat carr a cheannach atá i riocht díola, de réir mar a chuirtear síos air agus é oiriúnach chun a chuid críocha. Ciallaíonn sé sin má bhíonn locht ar an gcarr tar éis duit é a cheannach, ní mór don ghnólacht lena bhfuil an conradh agat (i.e. an díoltóir cairr nó garáiste) rudaí a chur ina gceart tríd an locht a dheisiú nó trí carr eile a thabhairt duit. I gcás an-dona b’fhéidir go dtabharfaidís duit costas an chairr freisin.

Ní bhíonn feidhm leis na rialacha sin ach amháin i gcás daoine a cheannaíonn carranna dá n-úsáid phearsanta féin ó dhuine arb é a ghnáth ghnó é carranna a dhíol. Má cheannaíonn tú feithicil thráchtála (veain, trucail nó tarracóir) b’fhéidir nach mbeadh na cearta céanna agat le nuair a cheannaíonn tú carr le haghaidh úsáid phearsanta a bhaint as.

Tá costais bhreise ag baint le carr a cheannach ba chóir a bheadh ar eolas agat sula gceannaíonn tú ceann. Nuair a bhíonn tú ag buiséadú le haghaidh carr a cheannach ba chóir smaoineamh go gcaithfidh tú íoc as árachas, cáin, deisiúcháin agus seirbhís a chur air chomh maith le peitreal/díosal. Ní bheidh carr le hinneall beag chomh daor le cáin, árachas a chur air ná é a choinneáil ag imeacht mar sin smaoinigh ar na nithe sin nuair a cheannaíonn tú carr.

Airgeadas

Go minic nuair a cheannaíonn tú rud mór ar nós cairr beidh cúnamh ag teastáil uait chun an ceannachán a mhaoiniú. B’fhéidir go ndéanfá cinneadh carr a cheannach ar Fruilcheannachairgead a fháil ar iasacht chun cuidiú leat íoc as an gcarr. Ba chóir duit breathnú thart i gcónaí chun an margadh is fearr a fháil agus cuimhneamh go bhfuil níos mó ná bealach amháin ann chun costas cairr nua a mhaoiniú. Sula bhfaigheann tú iasacht ba chóir duit an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (GNT) láithreán gréasáin a léamh.

Má bhíonn garáiste ag tairiscint maoiniú a shocrú beidh siad ag gníomhú mar eadránaí creidmheasa agus d’fhéadfaidís a bheith ag saothrú coimisiúin as do chreidmheas a shocrú duit. Rialaíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí eadránaithe creidmheasa agus caithfidh údarású a bheith ag gach eadránaí creidmheasa. Téigh i dteagmháil leis an GNT chun fáil amach an bhfuil an garáiste a raibh tú ag déileáil leis cláraithe leo.

Má roghnaíonn tú carr a cheannach ar Fruilcheannach cinntigh go bhfuil tú ag fáil margaidh fruilcheannaigh agus ní comhaontú fruile tomhaltóirí. Nuair a cheannaíonn tú carr ar Fruilcheannach ní bhíonn tusa i d’úinéir ar an gcarr go dtí go mbíonn an tráthchuid deiridh íoctha agat. I gcás comhaontú Fruile Tomhaltóirí ní leatsa an carr go deo. Tar éis duit comhaontú creidmheasa a shíniú bíonn ‘tréimhse fuaraithe’ deich lá agat. B’fhéidir go n-iarrfadh roinnt garáistí ort an ceart sin a chur amú ach ba chóir duit smaoineamh go cúramach faoi sin sula dtarscaoileann tú an ceart sin.

Ceanglais dlíthiúla chun carr a cheannach

Má allmhairíonn tú carr go hÉirinn nó má cheannaíonn tú carr in Éirinn beidh ort a chinntiú go bhfuil an carr cláraithe agus b'fhéidir go mbeadh ort Cáin Cláraithe Feithicle a íoc. Ina theannta sin caithfidh tú a chinntiú go mbeidh dóthain mótair-árachais agat agus beidh ort mótarcháin a íoc go bliantúil. Féadfaidh tú tuilleadh a fháil amach faoi cad a chaithfidh tú a dhéanamh nuair a cheannaíonn tú carr nua in Éirinn anseo.Má tá cónaí ort i dtír eile agus más mian leat carr a cheannach in Éirinn féadfaidh tú an carr a chlárú anseo go sealadach. Féadfaidh tú léamh faoi na rialacha diana a bhaineann le clárúchán feithicle sealadach anseo.

Caithfidh gach carr in Éirinn caighdeán sábháilteachta ar leith a shroichint agus caithfidh siad a bheith sábháilte le dul chun bóthair. Ó 2002 cinntíonn an Tástáil Cairr Náisiúnta go gcomhlíonann gach feithicle caighdeáin áirithe. Caithfear tástáil a chur ar charr nua nuair a bhíonn an carr 4 bliana d'aois.

Má cheannaíonn tú carr agus más mian leat é a thiomáint láithreach ba chóir duit a chinntiú go bhfuil an ceadúnas tiomána cuí agat don charr.

Ba chóir go léireodh luasmhéadar luas i gcileaméadar san uair

Ó Eanáir 2005 léirítear gach teorainn luais in Éirinn ar chomharthaí bóthair i gcileaméadair in áit mílte. Ní mór do thiománaithe in Éirinn fios a bheith acu cad é a luas i gcileaméadair agus tomhaiseann cuid mhaith carranna nua a dhíoltar in Éirinn an luas i mílte san uair agus i gcileaméadair san uair. Tá luasmhéadair marcáilte i gcileaméadair san uair i mbeagnach gach feithicle nua a chuir tionscail mótair na hÉireann ar an margadh ó Eanáir 2005. Chun breis eolais a fháil ar mhéadrú téigh chuig.

Trádáil-Isteach

B’fhéidir go bhfuil carr níos sine agat le trádáil isteach agus ba chóir duit smaoineamh ar cad atá na garáistí difriúla ag tairiscint do do charr. Arís, is é an rogha is fearr agat ná cuartú thart chun an praghas is fearr a fháil ar an gcarr atá tú ag trádáil isteach. Faigh comhairle neamhspleách faoi luach do chairr sula dtrádálann tú isteach é. Tá an baol ann go n-íocfaidh garáiste nó díoltóir níos lú air ná mar is fiú é ar an margadh oscailte, de bhrí go gcaithfidh siadsan costais chun é a dhíol arís a chlúdach. Má bhíonn am agat féadfaidh tú an carr a dhíol ar phraghas níos airde tú féin trí fhógra beag a chur i bpáipéar nuachta.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bhíonn fadhb agat le carr nua atá ceannaithe agat ba chóir duit, sa chéad dul síos, an carr a thabhairt ar ais chuig an ngaráiste nó díoltóir agus ba chóir go mbeidís in ann aon fhadhbanna a bheadh agat a dheisiú. De ghnáth bíonn nósanna imeachtaí custaiméirí cuimsitheacha ag dáileoirí carranna nua chun déileáil le fadhbanna custaiméirí. Is féidir comhairle bhreise a fháil ó Chumann Thionscal Mótar na hÉireann. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí eolas duit freisin ar na cearta atá agat sa chás go dteastaíonn sé uait.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Cumann Thionscal Mótair na hÉireann

5 Sráid Penfro Uachtarach
Dublin 2
Ireland

Teil:+353 (0)1 6761690
Facs:+353 (0)1 6619213
Láithreán Gréasáin: http://www.simi.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 July 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.