Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Na Meáin > Ceadúnais Teilifíse

Print Page Send to a Friend

Ceadúnais Teilifíse

Eolas

Ní mór do gach teach, gnó agus institiúid in Éirinn a bhfuil teilifís aige nó trealamh gur féidir leis comhartha teilifíse a fháil (i.e., aeróg, mias saitilíte, agus rl.,) ceadúnas teilifíse a bheith aige. Teastas atá ann a dhearbhaíonn go bhfuil an táille chuí íoctha agat leis an rialtas agus síntiús íoctha agat leis an gcostas a bhaineann le craolachán na seirbhíse poiblí in Éirinn.

Seirbhísí cuimsitheacha raidió agus teilifíse atá saor le cláracha siamsaíochta, oideachasúla agus eolais a chraoladh a fheileann do chuile dhuine is brí le craolachán na seirbhíse poiblí in Éirinn. Ní mór do na cláracha seo nuacht agus cúrsaí reatha a sholáthar freisin chomh maith le imeachtaí i dTithe an Oireachtais (Parlaimint na hÉireann) agus i bParlaimint na hEorpa a chlúdach.

Cuireann an rialtas deontas bliantúil ar fáil do RTÉ (eagraíocht náisiúnta craolacháin) a thagann ó na táillí a íocann an pobal ar cheadúnais teilifíse. Tá dualgais ar RTÉ i dtaobh cláracha na seirbhíse poiblí a chraoladh in Éirinn. Bailíonn An Post táille an cheadúnais teilifíse ar son an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ag a bhfuil cúram an pholasaí chraolacháin in Éirinn.

Digiteach athrú

Tá cinneadh déanta ag an AE nach mór do gach ballstáit stad craolacháin teilifíse analóige faoi dheireadh na bliana 2012. Is é an Saorview saor go haer teilifís digiteach trastíre (DTT) seirbhís a thiocfaidh in ionad teilifíse analógacha in Éirinn. Tá sé faoi úinéireacht agus á bhainistiú ag RTÉ. Beidh Saorstát, seirbhís satailíte, rochtain a sholáthar ar na hÉireann saor go haer chainéil teilifíse digití agus seirbhísí dóibh siúd atá in ann a fháil Saorview. Beidh an tseirbhís teilifíse analóige in Éirinn a bheith múchta ar an 24 Deireadh Fómhair 2012. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag saorview.ie agus ag goingdigital.ie.

Nuair a bhíonn an tseirbhís teilifíse analógach múchta, beidh do gléas teilifíse analógacha gá le sraith bosca-barr a fháil teilifíse digití. Dearbhófar do gléas teilifíse analógacha a cheangal go fóill ar cheadúnas teilifíse, le nó gan bosca leagtha-barr.

Rialacha

Má tá teilifís nó trealamh gur féidir leis comhartha teilifíse a fháil i do theach, gnó nó institiúid tá dualgas dleathúil ort ceadúnas teilifíse a bheith agat. Má theipeann ar dhuine fianaise a chur ar fáil do chigire go bhfuil ceadúnas teilifíse aige/aici d'fhéadfadh sé go mbeadh lá sa chúirt ag an duine sin agus is féidir fíneáil mhór a ghearradh ar dhuine dá bharr. Is féidir daoine a bhfuil fíneáil gearrtha orthu agus ordú cúirte, a thug treoir dóibh ceadúnas teilifíse a cheannach, briste acu a chur chuig an bpríosún.

Má tá tú os cionn 70, is féidir leat ceadúnas teilifíse saor in aisce a fháil.

Má tá tú os cionn 66 agus ag fáil Pinsean Leasa Shóisialaigh agus muna bhfuil aon duine sa líon tí ag obair nó ag fáil Liúntas DífhostaíochtaCúnamh Dífhostaíochta d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal ceadúnais teilifíse a fháil saor in aisce.

Pionóis

Má chiontaítear duine (don chéad uair) mar gheall nach bhfuil ceadúnas teilifíse aige/aici gearrfar fíneáil de 634 euro air/uirthi.

Má chiontaítear duine don dara uair mar gheall nár íoc sé/sí ceadúnas teilifíse, gearrfar fíneáil de 1269 air/uirthi.

Rataí

Cosnaíonn ceadúnas teilifíse do theilifís €160.

Níl aon táille le n-íoc ar leasuithe (i.e., athrú seolta) a dhéanamh ar cheadúnais teilifíse reatha.

Conas Iarratas a dhéanamh

Is féidir íoc as ceadúnas teilifíse ag aon oifig an phoist le hairgead tirim, seic, cárta dochair nó cárta creidmheasa. Is féidir íoc as do cheadúnas teilifíse freisin tríd úsáid a bhaint as stampaí coigiltis speisialta do cheadúnas teilifíse.

Más main leat íoc as an gceadúnas teilifíse le seic ní mór an seic a chrosnú agus a bheith iníoctha le An Post. Más ag athnuachaint ceadúnais atá tú ní mór duit freisin an fógra athnuachana a chur leis an iarratas agus d'ainm agus do sheoladh iomlán a chur ar fáil in aon chomhfhreagras.

Má tá tú os cionn 70 agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas teilifíse in aisce, ba cheart duit an fhoirm iarratais HB1 (daoine os cionn 70) (pdf) anseo a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh atá tugtha ar an bhfoirm.

Má tá tú os cionn 66 agus ag fáil Pinsean Leasa Shóisialaigh agus muna bhfuil aon duine sa líon tí ag obair nó ag fáil Liúntas nó Cúnamh Dífhostaíochta d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal ceadúnais teilifíse a fháil saor in aisce. Líon isteach an fhoirm iarratais atá ar fáil ag aon oifig an phoist.

Má tá cónaí ort i dteach altramais d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal ceadúnais teilifíse a fháil saor in aisce más féidir leat a thaispeáint go bhfuil dualgas ort féin an ceadúnas a íoc.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí Ceadúnais

An Post
An Post
Seomra 2-123
Ard Oifig an Phoist
Saorphost
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 7058800
Láithreán Gréasáin: http://www.anpost.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ag bogadh go teach nua
    Is féidir le bogadh go teach nua a bheith strusmhar agus crua. Seo achoimre de na rudaí éagsúla a bhaineann le bogadh go teach nua, lena n-áirítear fógra a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse, fóntais a eagrú, post a atreorú agus fógra a thabhairt do scoileanna.
  • Pacáiste Sochar Teaghlaigh
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar Liúntais don Líon Tí, an Liúntas Leictreachais, Liúntas Gáis Nádúrtha, Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) Liúntas ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh, Liúntas Teileafóin agus Ceadúnas Teilifíse in Aisce san áireamh.
  • Scrúduithe tiomána gluaisrothair in Éirinn
    Ní mór do ghluaisrothaithe in Éirinn a eisíodh ceadúnais sealadacha tiomána ar feadh dhá bhliana dóibh scrúdú tiomána a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.