Údarás neamhspléach reachtúil é an tÚdarás Chraolacháin na hÉireann(UCE) a bhreathnaíonn ar ghearáin ón bpobal maidir le ábhar a chraoladh in Éirinn agus a dhéanann breithiúnas ar na gearáin sin. Tá cláracha raidió agus teilifíse i gceist chomh maith le fógraí a chraoltar ar gach stáisiún raidió agus teilifíse poiblí, trachtála agus pobail sa Stát. Tugann an UCE breithiúnas ar ábhar craolta maidir le:
Ainmníonn an Rialtas baill an UCE agus bíonn siad in oifig ar feadh tréimhse cúig bliana.
Ní mór do chraoltóirí in Éirinn déanamh cinnte go bhfuil an nuacht a chraolann siad tuairscithe agus curtha i láthair ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta, mar shampla go gcuireann siad an nuacht i láthair gan a dtuairimí féin a nochtadh. Is féidir dhá chraolachán nó níos mó a chur san áireamh mar iomlán má chraoltar iad taobh istigh de thréimhse ama réasúnta dá chéile.
Ní mór do gach craoltóir a dhéanamh cinnte nach gcraolann sé aon rud go bhféadfaí go réasúnta a rá nach raibh sé oiriúnach nó go raibh sé geanasach, go háirid maidir leis na nithe seo a leanas:
Tá cóid maidir le oiriúnacht agus cuibheas dhá ullumhú faoi láthair ag an UCE.
Ní mór do gach craoltóir a dhéanamh cinnte nach gcraolann sé aon rud go bhféadfaí go réasúnta a rá go spreagfadh sé nó go gcuirfeadh sé chun cinn an chóiriúlacht nó go mbeadh baol ann an bonn a bhaint as údarás an Stáit.
Tá sé mar dhualgas ar an gcraoltóir a dhéanamh cinnte nach gcuirtear isteach go míréasúnta ar phríobháideachas an duine i gcláracha a chraolann sé agus sna bealaí a thógann sé leis na cláracha sin a dhéanamh.
Breathnóidh an UCE ar ghearáin nuair a dhéantar líomhaintí go raibh eolas nó fírící nach raibh cruinn i ráitis a craoladh agus gur dhein na ráitis sin ionsaí ar dínit, clú nó onóir an duine lena bhaineadar.
Ní mór do gach craoltóir oibriú taobh istigh de Chód Caighdeáin, Cleachtais agus Coisc maidir le Fógraíocht, Urraíocht agus bealaí eile Cur Chun Cinn Tráchtála i Seirbhísí Craolacháin.
Is féidir le baill an phobail gearáin a dhéanamh má chreideann siad go raibh san áireamh ábhar go bhféadfaí go réasúnta a rá go spreagfadh sé nó go gcuirfeadh sé chun cinn an chóiriúlacht nó go mbeadh baol ann an bonn a bhaint as údarás an Stáit in aon ábhar faoi leith a bhain leis an nuacht nó le cúrsaí reatha (ábhair chonspóideacha don phobal nó atá faoi dhíospóireacht phoiblí) a d'fhoilsigh, a dháil nó a dhíol Údarás RTÉ.
Má chreideann an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha go bhféadfadh ábhar nó aicme ábhair a bhí le craoladh an chóiriúlacht a chur chun cinn nó a spreagadh nó go mbeadh baol ann an bonn a bhaint as údarás an Stáit, d'fhéadfadh sé/sí treoir a thabhairt do na craoltóirí gan an t-ábhar nó aon ábhar d'aicme faoi leith a chraoladh. Ní mór do chraoltóirí cloí leis an ordú seo.
Is féidir le duine ar bith den lucht féachana nó lucht éisteachta gearán a dhéanamh leis an gCGC maidir le clár nó fógra a craoladh ar sheirbhís chraolacháin cheadúnaithe taobh istigh den Stát.
Ní mór don ghearán a bheith i scríbhinn, is fearr é a bheith ar Fhoirm Ghearáin.
Ní mór do do ghearán:
Cuirtear gach gearán a bhreathnaíonn an UCE air ar fáil don phobal, ainm an ghearánaí san áireamh.
Ní mór do chraoltóirí uilig ceadúnaithe neamhspléach raidió agus teilifíse poiblí in Éirinn cloí le rialacha an UCE, bíodh siad ag craoladh ar bhonn áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
Má tá an t-eolas cuí curtha ar fáil agat taobh istigh den teorainn ama agus má thiteann an gearán atá agat faoi scóip an UCE, cuirfidh sé do litir chuig an gcraoltóir atá i gceist le staidéar a dhéanamh uirthi agus freagra a thabhairt ar do litir más mian leis é. Má dhéanann an craoltóir an litir a fhreagairt, cuirfidh an UCE an freagra sin ar aghaidh chugat. Muna mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ón gcraoltóir, ba cheart duit scríobh chuig an UCE. Iarrfaidh sé ansin taifead den chraoladh ón gcraoltóir.
Muna gcuireann an craoltóir aon fhreagra ar fáil ar do litir, iarrfaidh an UCE taifead den chraoladh le staidéar a dhéanamh orthu agus cinneadh a ghlacadh.
D'fhéadfadh fostaí den chraoltóir atá i gceist iarratas a dhéanamh labhairt faoin ngearán. Má cheapann an UCE go bhféadfadh an gearán droch thionchar a bheith aige ar leas an fhostaí sin, tabharfar deis dó nó di labhairt maidir leis an ngearán.
Déanfaidh an UCE cinneadh an bhfuil na cóid/an reachtaíocht sáraithe ag an gcraoltóir.
Má aontaíonn an UCE leis an ngearán "seasofar" leis.
Muna n-aontaíonn an UCE leis an ngearán, "diúltófar" é.
Déantar achoimre ar an gcomhfhreagras ar fad a dhreachtú. Bíonn cinneadh an UCE, chomh maith leis na fáthanna ar tógadh an cinneadh sin san áireamh san achoimre.
Cuirfear cóip den chinneadh chugat agus chuig an gcraoltóir sula ndéanfar é a fhoilsiú. Má bhí an clár/fógra léirithe ag duine eile seachas ag an gcraoltóir, cuirfidh an UCE cóip den chinneadh chuige nó chuici.
Bíonn gach cinneadh a dhéanann an UCE curtha ar fáil don phobal. Ach amháin sa chás go gcreideann an UCE nach mbeadh sé feiliúnach é a dhéanamh, dáiltear achoimre na ngearán uilig ar na meáin chumarsáide agus cuirtear ar shuíomh idirlín an UCE iad. Bíonn ainm an ghearánaí tugtha san eolas foilsithe.
Is féidir leis an UCE iarraidh ar an gcraoltóir nithe áirid a bhain leis an gcinneadh ar ghearán a fhoilsiú ar bhealach aontaithe idir é féin agus an craoltóir atá i gceist.
Níl aon táille le n-íoc as gearán a dhéanamh chuig an gCGC.
Níl sé de chumhacht ag an gCGC costais a bhronnadh ar aon pháirtí.
Chun gearán a dheanamh teigh i dteagmháil leis an tÚdarás Chraolacháin na hÉireann.
2-5 Plás Warrington
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 644 1200
Facs:+353 1 644 1299
Láithreán Gréasáin: http://www.bai.ie/
R-phost: info@bai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.