Féadfaidh tú gearán a dhéanamh chuig Ombudsman an Phreasa faoi alt ar bith a léigh tú i nuachtán Éireannach (lena n-áirítear eagráin Éireannacha de nuachtáin na RA) nó in iris Éireannach a mheasann tú a sháraíonn an cód. Baineann sé seo le nuachtáin náisiúnta, cúige agus réigiúnacha. Féadfaidh tú gearán a dhéanamh freisin faoi iompar iriseora a mheasann tú a sháraigh an cód.
Ní féidir le hOmbudsman an Phreasa déileáil ach amháin le gearáin a foilsíodh, nó le hiompar a tharla, i ndiaidh 1 Eanáir 2008 agus lena chois sin ní mór duit do ghearán a lóisteáil laistigh de 3 mhí ó am an fhoilsithe nó an eachtra.
Má tá gearán le déanamh ní mór don alt nó don iompar na caighdeáin ghairmiúla agus iompair atá leagtha síos sa Chód Cleachtais le haghaidh Nuachtán agus Tréimhseachán a shárú. Lena chois sin ní mór go mbeadh tionchar díreach ag an alt nó ag an iompar atá i gceist ort féin agus baint aige leat. Ní bhacfaidh Ombudsman an Phreasa leis an ngearán má tá imeachtaí dlíthiúla tionscanta faoi.
Caithfidh tú do ghearán a dhéanamh le heagarthóir an nuachtáin nó na hirise atá i gceist agus a mhíniú cén fáth a gceapann tú gur sáraíodh an cód. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh d'achar réasúnta (thart faoi coicís) nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, féadfaidh tú gearán a dhéanamh chuig Ombudsman an Phreasa
Ní mór duit do ghearán a lóisteáil le hOmbudsman an Phreasa laistigh de 3 mhí ón dáta ar foilsíodh an t-alt nó ar tharla an teagmhas. Má bhí tú i dteagmháil le heagarthóir an nuachtáin nó na hirise agus murar éirigh leat an scéal a réiteach ba chóir duit do ghearán a dhéanamh gan mhoill chuig Ombudsman an Phreasa.
Féadfaidh tú do ghearán a dhéanamh:
Ba chóir na nithe seo a leanas a bheith i do ghearáin chuig Ombudsman an Phreasa:
Mura bhfuil tú cinnte faoin mbealach chun do ghearán a déanamh féadfaidh tú dul i dteagmháil le hOmbudsman an Phreasa.
Má ghlactar le do ghearán cuirfidh Ombudsman an Phreasa cóip de do ghearán chuig eagarthóir an fhoilseacháin agus déanfaidh sé/sí iarracht do ghearán a réiteach trí phróiseas réitigh. D'fhéadfadh sé sin suas le 6 seachtaine a thógáil.
Murar féidir teacht ar réiteach déanfaidh Ombudsman an Phreasa iniúchadh níos grinne ar do chás agus tabharfaidh sé/sí cinneadh faoi. Má mheastar go bhfuil ábhar suntasach ag baint le do chás nó go bhfuil sé an-chasta d'fhéadfaí é a chur os comhair Chomhairle Phreasa na hÉireann le cinneadh a dhéanamh faoi.
Má dhéantar cinneadh i d'fhabhar beidh ar an nuachtán nó ar an iris an cinneadh a fhoilsiú. Foilseofar an cinneadh ar láithreán gréasáin Ombudsman an Phreasa, freisin.
Féadfaidh achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh chuig Comhairle Preasa na hÉireann. Ní mór duit d'achomharc a lóisteáil laistigh de 6 sheachtain ó am an chinnte. Caithfidh tú an bunús atá le d'achomharc a lua agus fáth réasúnta a thabhairt. Rudaí mar faisnéis nua a bheith tagtha chun solais a bheadh i gceist anseo.
1, 2 & 3 Sráid Westmoreland
Baile Átha Cliath 2
Baile Átha Cliath 2
Éire
Lóghlao:1890 208 080
Facs:(01) 674 0046
Láithreán Gréasáin: http://www.pressombudsman.ie
R-phost: info@pressombudsman.ie
1, 2 & 3 Sráid Westmoreland
Baile Átha Cliath 2
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 648 9130
Facs:(01) 674 0046
Láithreán Gréasáin: http://www.presscouncil.ie
R-phost: info@presscouncil.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.