Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Na Meáin > Cinsearacht Taifeadtaí Fístéipe agus DVD in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Cinsearacht Taifeadtaí Fístéipe agus DVD in Éirinn

Eolas

Tá dualgas ar an gCinsire Scannán, a bhfuil Cinsire Cúnta lán-aimseartha agus foireann Cinsirí Cúnta Páirt-aimseartha ag obair in éineacht leis, scrúdú a dhéanamh ar gach taifeadadh fístéipe/DVD atá le díol nó le dáileadh in Éirinn.

Is féidir fístéip nó DVD:

  • A rangú feiliúnach d'aoisghrúpa faoi leith

  • A rangú mífheiliúnach le breathnú air.

Rialacha

Bíonn gach fístéip/DVD rangaithe feiliúnach d'aoisghrúpa faoi leith ach amháin sa chás go bhfuil cosc curtha air faoi Mhír 3 (1) den Acht um Thaifeadtaí Fístéipe, 1989.

Is féidir cosc a chur ar fhístéip/DVD má cheapann an Cinsire:

  • Go b'fhéadfadh sé a bheith ina spreagadh ag daoine coireanna a chur i gcrích,
  • Go b'fhéadfadh sé fuath a chothú i gcoinne grúpa daoine sa Stát nó taobh amuigh di nó
  • Mar gheall go bhfuil sé gáirsiúil nó mígheanasach, gur dóigh go ndéanfadh sé daoine a thruailliú nó a chur ar a n-aimhleas,

  • Tá gníomhartha foréigneacha troma nó cruáil (san áireamh ciorrú agus ciapadh) le daoine nó ainmhithe léirithe ann.

Ní gá don Chinsire Scannán an rangú céanna a thabhairt do fístéip/DVD leis an bpríomhscannán agus is féidir fístéip agus DVD a rangú éagsúil óna chéile má bhíonn ábhar difriúil iontu. Tá an córas rangaithe in Éirinn mórán cosúil leo siúd atá i dtíortha eile.

Rangú fístéipeanna/DVD in úsáid faoi láthair

Seo a leanas an ragnú mar atá faoi láthair:

  • G: feiliúnach do dhaoine go ginearálta
  • PG: feiliúnach do dhaoine go ginearálta, ach moltar go mbeadh treoir ó thuismitheoir do leanaí faoi 12
  • 12: feiliúnach do dhaoine atá 12 nó ós a chionn
  • 15: feiliúnach do dhaoine atá 15 nó ós a chionn
  • 18: feiliúnach do dhaoine atá 18 nó ós a chionn

Coireanna agus Pionóis faoin Acht um Thaifeadtaí Fístéipe

Tá roinnt coireanna faoin Acht um Thaifeadtaí Fístéipe, san áireamh fístéipeanna/DVD a bhfuil cosc orthu nó leis an teastas mícheart a thabhairt isteach sa tír, a bheith i do sheilbh nó a sholáthar nó fístéipeanna/DVD a sholáthar gan aon cheadúnas a bheith agat.

Is féidir leis an bpobal tuairisc maidir le aon sárú ar an Acht a chur chuig Oifig an Chinsire Scannán nó chuig an nGarda a bhfuil sé de chead acu fístéipeanna/DVD a bhfuil cosc orthu nó a bhfuil an teastas mícheart orthu a thógáil ó sholáthraithe.

I measc na bpionós gur féidir a ghearradh i dtaobh sárú an Achta tá fíneálacha, agus i gcásanna faoi leith, téarma sa phríosún. Tá athbhreithniú dhá dhéanamh faoi láthair ar na fíneálacha.

Achomharc a dhéanamh maidir le rangú fístéipe/DVD

Is féidir le duine ar bith achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh a dhéanann an Cinsire Scannán cosc a chur ar fhístéip/DVD chuig an mBord Achomhairc um Chinsireacht Scannán taobh istigh de thrí mhí ón dáta a foilsítear an t-ordú coisc in Iris Oifigiúil (iris oifigiúil Stáit na hÉireann).

Is féidir le duine ar bith achomharc a dhéanamh maidir leis an rangú a thugann an Cinsire Scannán do fístéip/DVD chuig an mBord Achomhairc um Chinsireacht Scannán taobh istigh de thrí mhí ó dháta an rangaithe.

Tá naonúr ball ag an mBord Achomhairc um Chinsireacht Scannán agus is é/í an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a cheapann iad.

Taifid coinnithe in Oifig Chinsire na Scannán

Tá cláir coinnithe in Oifig an Chinsire Scannán maidir le saothar ar tugadh teastais dó agus ar cuireadh cosc air chomh maith le cláir na Miondíoltóirí agus Mórdhíoltóirí fístéipeanna/DVD. Is féidir na cláir seo a scrúdú in Oifig Chinsire na Scannán. Faoi láthair, níl aon táille le n-íoc as an tseirbhís seo.

Rataí

Táillí

Gearrann Oifig an Chinsire Scannán, atá féin-mhaoinithe, táillí ar dháileoirí scannán leis na costais a bhaineann le teastais agus rangú a chlúdach.

Is iad seo a leanas na táillí a ghearrtar ar fhístéip atá le bheith curtha ar fáil don tomhaltóir le ceannach nó le tógáil ar cíos nuair atá saothar fístéipe ar an bhfístéip a bhfuil iarratas déanta ar theastas soláthair ina thaobh:

  • 10 euro don chéad uair an chloig den fhístéip
  • 8 euro do gach nóiméad don dara uair an chloig
  • 6 euro do gach nóiméad ina dhiaidh sin.

Is é 50 euro an táille a ghearrtar nuair is réamhthaispeántas atá san fhístéip de shaothar fístéipe níos mó. Euro 50 a ghearrtar mar tháille do shaothar fístéipe gur ábhar bolscaireachta é. Más cluiche fístéipe é an saothar fístéipe, nach saothar díolúnach é, gearrtar táille de 2,500 euro.

Euro 1,000 a ghearrtar mar tháille le hachomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc um Chinsireacht Scannán.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann

Siúlán Blackhall
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 7996100
Láithreán Gréasáin: http://www.ifco.ie
R-phost: info@ifco.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cinsireacht scannán in Éirinn
    Scrúdaíonn an Cinsire Scannán gach scannán agus fístéip a bhfuil sé i gceist a scaipeadh ar an bpobal le cinntiú go bhfuileadar sásúil le go mbeadh an pobal ag breathnú orthu.
  • Leanaí agus cearta in Éirinn
    Tugann an doiciméad seo eolas ar chearta an linbh i réimsí éagsúla lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, taisteal, áineas, sláinte agus caidrimh.
  • Cinsireacht Foilseachán in Éirinn
    Déantar cinsireacht i gcónaí ar fhoilseacháin agus ar thréimhseacháin in Éirinn. Cur síos atá sa cháipéis seo ar an dlí faoi láthair maidir le cinsireacht agus cén chaoi inár féidir foilseacháin faoi leith a chosc.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.