Cinsireacht foilseachánn

Eolas

Bord neamhspléach in Éirinn é an Bord um Chinsireacht Foilseachán a bunaíodh faoin dlí le leabhair agus tréimhseacháin atá ar díol a scrúdú. Is féidir leis an mBord cosc a chur ar díol agus dáileadh leabhar agus tréimhseachán má chreideann sé go bhfuileadar gáirsiúil. Má bhíonn cosc ar díol agus dáileadh foilseacháin faoi leith ciallaíonn sin go bhfuil sé in aghaidh an dlí an leabhar sin a cheannach, a dhíol nó a dháileadh ar fud na tíre. Is féidir achomharc a dhéanamh maidir le cosc ar leabhair chuig an mBord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán. Cúigear ball atá ar an mBord um Chinsireacht Foilseachán agus ar an mBord Achomhairc. Is é/í an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a cheapann na baill ar an dá bhord. Níl aon luach saothair ag baint le post ar na boird seo (is é sin le rá nach n-íoctar na baill).

Rialacha

Déanfaidh an Bord um Chinsireacht Foilseachán scrúdú ar aon leabhar nó tréimhseachán a chuireann oifigeach Custaim agus Máil faoina bhráid agus aon leabhar a chuireann ball den phobal faoina bhráid. Is féidir leis an mbord cinneadh a dhéanamh aon leabhar nó tréimhseachán a scrúdú é féin. In Éirinn, níl aon rannóg rochtana teoranta - déantar foilseachán a chosc nó gan é a chosc. Ní minic go gcuireann an Bord cosc ar fhoilseacháin, agus i mblianta faoi leith, ní chuirtear cosc ar rud ar bith.

Bíonn cruinnithe rialta ag an mBord le plé a dhéanamh ar na foilseacháin a cuireadh faoina bhráid. Beidh an foilseachán léite ag gach ball den Bhord roimh an gcruinniú. Má tá cosc le cur ar leabhar ní mór do ar a laghad triúr ball a bheith ar aon intinn maidir leis an gcinneadh agus duine amháin a bheith ar mhalairt tuairim. Má dhéantar cosc a chur ar an bhfoilseachán beidh feidhm leis an gcosc chomh luath agus a bhíonn sé fógraithe in Iris Oifigiúil - (Iris oifigiúil Stáit na hÉireann). Tagann deireadh le ordú coisc ar leabhar ar an 31 Nollaig tar éis tréimhse 2 bhliain déag a thosnaíonn ar an dáta a thagann an t-ordú i bhfeidhm. Is féidir áfach ordú a tharraingt siar má dhéantar achomharc ina aghaidh. Cuirtear an chéad chosc ar thréimhseachán ar feadh 3, 6 nó 12 mí ag brath ar cé chomh minic a chuirtear i gcló é. Má bhíonn an dara chosc nó ceann eile ina dhiaidh sin curtha ar thréimhseachán is cosc buan a bhíonn ann. Is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh an orduithe.

Achomharc a dhéanamh in aghaidh orduithe coisc

Feidhmíonn an Bord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán mórán ar an mbunús céanna leis an mBord um Chinsireacht Foilseachán, ach amháin nach dteastaíonn ach tromlach simplí ó na baill le cinneadh a thógáil.

Is féidir leis an údar, eagarthóir nó foilsitheoir achomharc a dhéanamh i gcoinne coisc ar leabhar nó is féidir le aon chúigear bhall den Oireachtas (an Seanad nó an Dáil) atá ag feidhmiú lena chéile achomharc a dhéanamh. Is féidir leis an mBord Achomhairc an t-ordú a dhearbhú, a tharraingt siar nó a athrú le eagrán faoi leith den leabhar a fhágáil as an ordú.

Is féidir le foilsitheoir tréimhseacháin achomharc a dhéanamh in aghaidh coisc ar thréimhseachán nó is féidir le aon chúigear bhall den Oireachtas atá ag feidhmiú lena chéile achomharc a dhéanamh. Is féidir leis an mBord Achomhairc an t-ordú a tharraingt siar nó a athrú le go mbeadh díol agus dáileadh eagráin faoi leith den thréimhseachán ceadaithe.

Cúiseanna le cosc a chur ar leabhair nó tréimhseacháin in Éirinn

Cuirtear cosc ar leabhair má chreideann an Bord um Chinsireacht Foilseachán go bhfuileadar mígheanasach nó gáirsiúil. Cuirtear cosc ar thréimhseacháin má cheapann an Bord um Chinsireacht Foilseachán go mbíonn siad mígheanasach nó gáirsiúil as an ngnáth nó go minic. Is féidir cosc a chur ar leabhair agus ar thréimhseacháin má chreideann an Bord go spreagann siad ginmhilleadh nó bealaí le gin a mhilleadh. Is féidir cosc a chur ar thréimhseacháin freisin má tá an Bord den tuairim go mbaineann go leor den ábhar iontu le coireanna. I ndáiríre, áfach, is mar gheall ar gháirsiúlacht de ghnáth a chuirtear foilseacháin faoi bhráid an Bhoird. Déanfaidh an Bord fiúntas liteartha, eolaíochta nó stairiúil an fhoilseacháin a mheas. Cuirfear san áireamh an éirim ghinearálta, an teanga ina bhfuil sé scríofa, an dáileachán gur dóigh a bheadh aige, na léitheoirí agus aon rud eile a mheasann an Bord a bheith cuí. D'fhéadfaí go gcuirfí san áireamh aon chumarsáid leis an údar, eagarthóir nó foilsitheoir.

Má tá scrúdú déanta ag an mBord um Chinsireacht Foilseachán ar fhoilseachán agus muna bhfuil ordú coisc i bhfeidhm faoi láthair ina choinne, ní bhaineann an tAcht um Pornagrafaíocht Leanaí 1998 leis.

Is féidir barántas cuardaigh a chur ar fáil do na Gardaí má chreideann siad go bhfuil leabhair nó tréimhseacháin a bhfuil cosc orthu dhá choinneáil ina áit ar bith le díol nó le dáileadh.

Coinníonn Clár na bhFoilseachán Coiscthe taifead ar na foilseacháin atá faoi chosc faoi láthair chomh maith le aon athruithe ar orduithe coisc. Is féidir breathnú ar an gClár, saor in aisce, san Oifig um Chinsireacht Foilseachán agus cuirtear an Clár i gcló ó am go chéile.

Is údaráis neamhspléacha iad an dá bhord agus níl aon chumhacht ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le aon chinneadh a dhéanann siad.

Tá dhá chuspóir ag an Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí (Leasú) 2004 i ndáil le cinsireacht na bhfoilseachán. Cinntíonn sé nach mbíonn an baol ann d’aon duine a sheolann nó a chuireann cáipéisí ar fáil do choiste de thithe an Oireachtais (ina bhféadfadh pornagrafaíocht leanaí a bheith), go mbeidís ag déanamh cion coiriúil i ndáileadh na pornagrafaíochta leanaí. Bíonn sé seo riachtanach sa chás go mbíonn iallach ar dhuine éigin cloí le treoir ó choiste de chuid na Dála nó an tSeanaid chun cáipéisí sonraithe ar bith atá ina seilbh acu a sheoladh nó a chur ar fáil don choiste. Is é an dara beart a dhéanann Acht 1998 ná seilbh, priontáil nó taispeáint na pornagrafaíochta leanaí a chur ina gcion freisin. Ní sholáthraíonn sé aon eisceacht do bhaill an Oireachtais a d’fhéadfadh a theacht i seilbh srl. de phornagrafaíocht leanaí, mar thoradh ar fheidhmiú a bhfeidhmeanna cuí, ámh. Cinntíonn an tAcht 2004 nach mbeadh aon bhall den Oireachtas, aon státseirbhíseach ná comhairleoir a tháinig i seilbh na pornagrafaíochta leanaí, nó a dháil, a phriontáil, a d’fhoilsigh ná a thaispeáin an phornagrafaíocht leanaí ag déanamh cion coiriúil agus iad i mbun a bhfeidhmeanna dlisteanacha i mbailiú na fianaise le linn fiosrúcháin in aon ní a bhainfeadh leis an bpornagrafaíocht leanaí, nó a bheadh ag cúnamh le haon fhiosrúchán dá leithéid.

Rataí

Ní mór d'údar nó do fhoilsitheoir táille de €6.35 a íoc as achomharc a dhéanamh i gcoinne ordaithe coisc. Aisíocfar an táille seo má mheastar gur achomharc dáiríre atá ann. Go hiondúil, aisíoctar gach táille achomhairc.

Conas iarratas a dhéanamh

Gearán a dhéanamh maidir le leabhar nó foilseachán

Le gearán a dhéanamh maidir le leabhar nó tréimhseachán, ní mór duit an gearán a chur i scríbhinn chuig an Oifig um Chinsireacht Foilseachán, ag lua cén fáth go gceapann tú gur ceart cosc a chur ar an leabhar nó tréimhseachán agus slioctanna a ainmniú (más ann dóibh) sa téasc a cheapann tú a thugann fianaise don ghearán. Ní mór duit freisin cóip den leabhar a sheoladh isteach nó trí eagrán deireanacha den tréimhseachán.

Achomharc a dhéanamh maidir le ordú coisc

Is féidir leis an údar, foilsitheoir nó duine de chúigear bhall den Oireachtas atá ag feidhmiú lena chéile achomharc a dhéanamh maidir le ordú coisc. Ní mór an t-achomharc a dhéanamh ar an bhfoirm chuí, atá ar fáil ón Oifig um Chinsireacht Foilseachán. Ní mór duit sé chóip den leabhar a sheoladh isteach, nó an oiread cóipeanna agus a iarrtar den tréimhseachán, agus an táille mar atá thuasluaite.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig um Chinsireacht Foilseachán

f/ch Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann
Siúlán Blackhall
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:(01) 779 6100
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/WP15000099
R-phost: info@ifco.gov.ie


Page edited: 16 April 2015