Tá dualgas ar an gCinsire Scannán gach scannán, fístéipeanna agus DVD, a bhfuil sé i gceist iad a scaipeadh ar an bpobal a scrúdú agus deimhniú go bhfuileadar sásúil le go mbeadh an pobal ag breathnú orthu. Is féidir leis an gCinsire cosc a chur ar scannán, fístéip nó DVD nó, is iondúil, go ndéantar iad a rangú de réir feiliúnachta do na haoisghrúpaí éagsúla.
Is féidir a rá nach bhfuil scannán feiliúnach go mbeadh daoine ag breathnú air (i bhfocail eile, cosc curtha air) má bhíonn an cinsire den tuairim go bhfuil an scannán mígheanasach, gáirsiúil nó diamhaslach nó go bhféadfadh sé a bheith in aghaidh nó in ann bonn a bhaint ón moráltacht phoiblí. Is féidir leis an gCinsire freisin rialú nach mór píosaí faoi leith a bhaint as scannán sular féidir teastas a thabhairt dó. Ní mór don Chinsire freisin breathnú ar an ábhar bolscaireachta a bhaineann leis an scannán agus é a cheadú. Ní mór cóip den teastas a eisítear a thaispeáint ar feadh 10 soicind ar a laghad díreach roimh tús an scannáin.
Níl aon dualgas ar chlubanna príobháideacha scannáin (mar shampla Ionad Scannáin na hÉireann) scannáin a thaispeáintear do bhaill an chlub amháin a chur chuig an gCinsire le rangú.
Déantar scannáin in Éirinn a rangú mórán ar an mbunús céanna le tíortha eile. Le deireanas tháinig athrú ar theastais rangaithe scannán, mar shampla tá teastais 12PG agus 15PG ar fáil anois, a thugann deis do thuismitheoirí nó caomhnóirí discréid a bheith iontu maidir leis an gcinéal scannán a bhfuil cead ag leanaí breathnú orthu. Déantar sleachta bolscaireachta ó scannáin a rangú freisin agus ní féidir iad a thaispeáint ach amháin nuair atá scannán den rangú céanna dhá thaispeáint.
Seo a leanas cur síos ar an gcóras reatha rangaithe scannán in Éirinn:
Is féidir le duine achomharc a lorg ar chinneadh a rinne an Cinsire Scannáin chuig an mBord Achomhairc um Chinsireacht Scannán. Tá naonúr ball ag an mBord Achomhairc um Chinsireacht Scannán agus is é/í an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a cheapann iad. Is féidir le duine achomharc a lorg má dhiúltaítear scannán a dheimhniú nó le rangú an scannáin a athrú. Ní féidir dul thar cinneadh an Bhoird Achomhairc ach is féidir an scannán a chur ar ais faoi bhráid an Chinsire tar éis seacht mbliana.
Tá roinnt coireanna faoi na hAchtanna um Chinsireacht Scannán, san áireamh tá scannán a thaispeáint gan teastas, teip cloí le téarmaí an teastais teoranta agus ábhar bolscaireachta a thaispeáint nach bhfuil ceadaithe ag an gCinsire Scannán.
Tá athbhreithniú dhá dhéanamh faoi láthair ar na fíneálacha a bhaineann le sárú na nAchtanna.
Tá cláir éagsúla, nach bhfuil ar fad coinnithe ar ríomhaire, coinnithe in Oifig an Chinsire Scannán. Tá buneolas ar fáil ar Chlár na Scannán maidir le gach scannán agus sliocht bolscaireachta a scrúdaíodh, an teastas a bronnadh san áireamh. Tá eolas maidir le píosaí a gearradh amach as scannáin faoi leith coinnithe ar Chlár na nGearrthacha agus sonraí ar Chlár na gColfairtí maidir le scannáin ar cuireadh cosc orthu. Tá sonraí maidir le cinneadh a tógadh ar achomhairc ar Chlár Bhord na nAchomharc chomh maith le aon chinneadh a thóg Bord Achomhairc um Chinsearacht Scannán. Tá Clár Cuntas agus Íocaíochtaí ann freisin.
Is féidir an t-eolas thuasluaite a scrúdú in Oifig an Chinsire Scannán. Faoi láthair, níl aon táille le n-íoc as an tseirbhís seo.
Gearrann Oifig an Chinsire Scannán, atá féin-mhaoinithe, táillí ar dháileoirí scannán leis na costais a bhaineann le teastais agus rangú a chlúdach. Ní ghearrtar táille ar dháileoir má cheapann an Cinsire gur scannán oideachasúil atá i gceist.
Tá athbhreithniú dhá dhéanamh faoi láthair ar an gcóras táillí reatha.
Siúlán Blackhall
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 7996100
Láithreán Gréasáin: http://www.ifco.ie
R-phost: info@ifco.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.