Tá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as rialachán ghnólachtaí sheirbhís airgeadais in Éirinn. Cruthaigh an tAcht um Athchóiriú an Bhainc Cheannais 2010, a thosaigh ar 1 Deireadh Fómhair 2010, comhlacht aonair nua ar a dtugtar Banc Ceannais na hÉireann atá freagrach as baincéireacht cheannais agus rialachán airgeadais. Ghlac sé ionad na gcomhlachtaí bainteacha roimhe seo– Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann (ar a dtugtar an Banc Ceannais go ginearálta) and Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann (Rialtóir Airgeadais).
Rialaíonn an Banc Ceannais gníomhaíochtaí na ndreamanna seo a leanas:
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar na hinstitiúidí airgeadais atá rialaithe anseo.
Is é an príomhchuspóir atá ag rialúchán:
Déanann an Banc Ceannais monatóireacht agus feidhmiú ar chosaint tomhaltóirí, iompar gnó agus riachtanais stuamachta institiúidí airgeadais. Leagann sé síos riachtanais inniúlachta íosmhéid do chomhlachtaí.
Tá roinnt cóid iompair reachtúla ag an mBanc Ceannais a chuireann oibleagáid ar institiúidí airgid a ghníomhú ar bhealach cothrom trédhearcach, agus ar mhaithe lena gcuid custaiméirí. Déanfar na cóid chosanta seo a phóilíniú agus a fhorfheidhmiú trí iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó chumhachtaí forfheidhmithe. Tá cóipeanna de na cóid éagsúla ar fáil ar láithreán gréasáin rialachán airgeadais an Bhainc Cheannais.
Má tá gearán agat faoi sholáthróir sheirbhís airgeadais ba chóir duit tosú trí ghearán a dhéanamh díreach don duine lena ndéileálfa de ghnáth sa ghnólacht. Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a ndéileáiltear le do ghearán, is féidir leat gearán níos foirmiúla a dhéanamh do bhainistíocht shinsearach ag an soláthróir sheirbhís airgeadais. Mura bhfuil tú sásta go fóill go bhfuil do ghearán á láimhseáil go cóir ag an ngnólacht, is féidir leat do ghearán a chur chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi ghearán a dhéanamh in ár gcáipéis: Gearán a dhéanamh faoi sholáthróir sheirbhís airgeadais.
Cuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA) eolas ar fáil do thomhaltóirí maidir leis na cearta agus ar na costais, rioscaí agus na buntáistí a bhaineann le táirgí airgeadais éagsúla. Cabhraíonn an t-eolas leat rochtain a fháil ar na seirbhísí airgeadais is fearr a oireann duit. Coinníonn an NCA láithreán gréasáin airgeadais do thomhaltóirí.
Rialachán Airgeadais
Boisce Phoist 9138
Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 224 6000
Lóghlao:1890 777 777
Facs:(01) 671 6561
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie/regulation/Pages/home.aspx
R-phost: enquiries@centralbank.ie
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.