Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Seirbhísí Fuinnimh agus Uisce > Seirbhísí gáis nádúrtha in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí gáis nádúrtha in Éirinn

Réamhrá

Is féidir gás nádúrtha a úsáid le haghaidh téamh lárnach sa bhaile, cócaireacht, tinte le lasracha fíora agus le haghaidh triomú rothlamach. Lena chois sin baineanna custaiméirí gnó leas as gás nádúrtha le haghaidh réimse rudaí. Cuirtear faoi thalamh i bpíobáin é lena nascadh le háitribh agus mar sin ní gá é a stóráil. Tá breis agus leathmhilliún áras cónaithe agus gnó in Éirinn nasctha leis an soláthar gáis nádúrtha.

Is é Bord Gáis Éireann (Bord Gáis) atá freagrach as bonneagar na píblíne gáis nádúrtha. Comhlacht Stáit thráchtála is ea é, ar leis an Rialtas go hiomlán é, agus a fheidhmíonn sa tionscal fuinnimh. Tá dhá phríomhghnó aige - Líonraí agus Soláthar Fuinnimh.

Osclaíodh an margadh soláthair gáis in Éirinn de réir a chéile don iomaíocht le blianta beaga anuas. Bhí sé de chead ag gach úsáideoir gnó a sholáthraí féin a roghnú ó mhí Iúil 2004 i leith. Tá an cead seo ag úsáideoirí cónaithe ó mhí Iúil 2007 i leith.

Tugann an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh ceadúnais do sholáthraithe gáis. Féach ar liosta iomlán de sholáthraithe gáis nádúrtha ar láithreán gréasáin an Choimisiúin.

Líonraí Bhord Gáis

Is é Líonraí Bhord Gáis a thógann líonraí tarchurtha agus leithdháilte gáis nádúrtha in Éirinn agus is leis iad agus is é a oibríonn iad. Tógtar an gás ó Cheann Chionn tSáile amach ó chósta Chorcaí agus ó gháscheantair na Mara Thuaidh trí phíblíne idirnascaire fhomhuirí ag Loch Sionnaigh i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Déantar an gás nádúrtha a sheoladh trí phíblínte timpeall na tíre agus tá sé ar fáil i bhformhór na mbailte is na gcathracha. Féach ar liosta iomlán na mbailte agus na gcathracha a bhfuil seirbhísí gáis nádúrtha acu ar a láithreán gréasáin.

Nascann Líonraí Bhord Gáis na custaiméirí go léir lena líonra is cuma cén chuideachta soláthraithe gáis atá agat. Faigh amach anseo conas nascadh agus na costais a bhaineann leis.

Cuireann sé seirbhísí oibre ar an láthair ar fáil, freisin, do chustaiméirí ar mhian leo go ndéanfaí a nasc gáis a athrú ar bhealach éigin. Tá tuilleadh eolais faoi seirbhísí oibre ar an láthair agus na táillí a bhaineann leo ar fáil anseo.

Tá Líonraí Bhord Gáis freagrach as sábháilteacht agus cothabháil gach líonra gáis. Bíonn feachtais rialta aige gach bliain chun feasacht a spreagadh i measc custaiméirí gáis nádúrtha, agus i measc an phobail i gcoitinne, faoi na príomhcheisteanna a bhaineann le gás nádúrtha. Áirítear ar na feachtais shábháilteachta seo:

  • Feasacht a spreagadh faoin mbaol nimhithe ó aonocsaíd charbóin
  • Cad is cóir a dhéanamh má fhaigheann duine boladh gáis nádúrtha sa bhaile nó ar an tsráid
  • An tábhacht a bhaineann le fearais a sheirbhísiú

Lena chois sin tá líne seirbhíse éigeandála íosghlao 1850 205 050 acu a bhíonn ar oscailt 24 uair a cloig agus ar chóir duit glaoch air má fhaigheann tú boladh gáis agus má mheasann tú go bhfuil gás ag sceitheadh.

Gásmhéadair

Suiteálann Líonraí Bhord Gáis na méadair a thomhaiseann an méid gáis a úsáidtear in aon áitreabh agus léann sé iad. Tiocfaidh duine ó Líonraí Bhord Gáis go dtí d’áras teaghlaigh trí uaire in aghaidh na bliana chun an méid gáis a úsáideadh ón uair dheireanach ar léadh an méadar a léamh. Cuirtear an fhaisnéis seo ar aghaidh go dtí do sholáthraí gáis nádúrtha agus úsáidtear an t-eolas seo chun do bhille gáis a ullmhú.

Má theipeann ar an léitheoir méadair do mhéadar a léamh fágfaidh sé nó sí Carta ag rá, ‘Tá brón orainn nár bhuaileamar leat’ agus féadfaidh tú na huimhreacha ar an méadar a bhreacadh síos air. Féadfaidh tú na huimhreacha ar an méadar a sheoladh go díreach chuig do sholáthraí.

Déantar meastacháin den mhéid gáis a úsáideann tú sna tréimhsí idir na huaireanta a léitear do mhéadar nó murar féidir le léitheoir teacht ar an méadar. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí an méadar a léamh chun meastacháin chruinne a chinntiú agus chun bille cruinn ceart a fháil.

Nuair a shuiteáltar méadair nua, cuirtear i mboscaí méadair sheachtracha iad. Cuireann sé seo ar chumas an léitheora an méid gáis a d’úsáid tú a thaifeadadh gan cur isteach ort. Bíonn glas ar bhosca an mhéadair agus bíonn eochair agatsa. Ba chóir duit é seo a choinneáil in áit shábháilte agus gan an bosca a oscailt ach amháin chun:

  • Na figiúirí ar do mhéadar a léamh
  • An gás a chasadh as ag an méadar má fhaigheann tú boladh gáis sa bhaile

Má tá bosca méadair agat, agus mura bhfuil eochair agat, ba chóir duit dul i dteagmháil le Líonraí Bhord Gáis ag 1850 200 694 agus seolfar ceann chugat.

D’fhéadfadh méadair níos sine a bheith suite laistigh de d’áras teaghlaigh. Ba chóir duit deimhin a dhéanamh de gur féidir leis an léitheoir méadair teacht go réidh ar do mhéadar.

Is le Líonraí Bhord Gáis na méadair seo agus ní cóir baint díobh ar bhealach ar bith. Tá sé sin in aghaidh an dlí agus d’fheadfaí ciontóirí a ionchúiseamh.

Soláthraithe Gáis Nádúrtha

Bhí sé de chead ag gach úsáideoir cónaithe a sholáthraí féin a roghnú ó mhí Iúil 2007 i leith. Féach ar liosta iomlán de sholáthraithe gáis nádúrtha ar láithreán gréasáin an Choimisiúin.

Cuntas soláthair gáis a oscailt nó a dhúnadh

Má tá tú ag aistriú go háitreabh a bhfuil gás nádúrtha ann cheana féin ba chóir duit dul i dteagmháil le soláthraí gáis le fáil amach cad iad téarmaí agus coinníollacha soláthair an tsoláthraí agus chun foirm iarratais a fháil.

Moltar go ndéanfaí an méadar a léamh nuair a bhogann an t-áitritheoir deireanach amach nó nuair a bhogann tusa isteach, chun bille ceart cruinn a fháil ó do sholáthraí. Ba chóir duit fógra a thabhairt chomh luath agus is féidir leat go bhfuil tú ag bogadh isteach chun deimhin a dhéanamh nach ndéanfar an méadar a dhínascadh nó a chur faoi ghlas.

Níl tú freagrach as aon ghás a d’úsáid an t-áitritheoir a bhí ann romhat, ach má tá bille gáis gan íoc agat ón seoladh a bhí agat roimhe sin, b’fhéidir go mbeidh ort an bille sin a íoc le deimhin a dhéanamh nach gcuirfear isteach ar an soláthar.

Más custaiméir gáis nádúrtha tú agus má tá tú ag bogadh go háitreabh nua, nó más mian leat do chuntas a dhúnadh, déan teagmháil le do soláthraí.

Moltar duit má tá tú ag fágáil an bhaile go nglaofá ar do sholáthraí roimh ré chun na figiúirí méadair deireanacha a thabhairt, mar aon le do sheoladh nua agus ainm an áitritheora nua (más eol duit é). Mura ndéanann tú é sin beidh tú freagrach as aon ghás a úsáidtear san áitreabh.

Cóid Chleachtais agus Cairteacha Custaiméirí

Tá dualgas reachtúil ar sholáthraithe gáis Cóid Chleachtais a chur ar fáil ina dtugtar cuntas ar na seirbhísí atá acu do chustaiméirí. Baineann siad seo le:

  • Seoladh billí
  • Íocaíocht billí
  • Dínascadh
  • Margaíocht
  • Déileáil le gearáin
  • Seirbhísí do chustaiméirí a bhfuil riachtanais speisialta acu

Lena chois sin ní mór do sholáthraithe gáis Cairteacha Custaiméirí a chur ar fáil ina bhfuil leibhéil seirbhísí ráthaithe le haghaidh a gcuid custaiméirí.

Téigh go láithreán gréasáin do sholáthraí gáis chun na doiciméid seo a fheiceáil nó téigh i dteagmháil leo chun cóip saor in aisce a fháil.

Cairt Chustaiméirí agus Cóid Chleachtais ag Líonraí Bhord Gáis a bhaineann le gnéithe éagsúla dá ghnó.

Eolas teagmhála

Seirbhís Éigeandála Íosghlao 24 Uair an Chloig (Sceitheanna Gáis): Í

Lionraí an Bhoird Gáis

Bloc 2
Bothar Airéine
Lárionad Gnóithe Átha an Ghainimhe
Átha an Ghainimhe
Baile Átha Cliath 18
Éire

Teil:(066) 979 1962
Lóghlao:1850 200 694
Láithreán Gréasáin: http://www.bordgais.ie/networks/
R-phost: networksinfo@bge.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.