Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Seirbhísí Fuinnimh agus Uisce > An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh

Print Page Send to a Friend

An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh

Réamhrá

Is é an rialtóir do mhargaí leictreachais agus gáis nádúrtha in Éirinn ná an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CRF). Bunaíodh é ar dtús in 1999 faoin Acht um Rialáil Leictreachais 1999. Ó shin i leith, tá feidhmeanna eile curtha leis faoi reachtaíocht eile, cosúil leis na feidhmeanna faoin Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002.

Ról CRF

Spregann CRF iomaíocht sna hearnálacha leictreachais agus gáis nádúrtha. Déanann sé leas na gcustaiméirí a chosaint chomh maith, go háirithe daoine faoi mhíbhuntáiste agus daoine breacaosta, trí chinntiú go bhfuil caighdeáin na seirbhísí socraithe agus cód chleachtais curtha i bhfeidhm.

Tugann CRF ceadúnais do chomhlachtaí leictreachais agus gáis nádúrtha, agus leagann sé síos caighdeáin feidhmíochta a dhéanann sé a fhorghníomhú. Déanann an Coimisiún iarracht a chinntiú go bhfuil soláthar an gháis nádúrtha agus leictreachais do chustaiméirí sábháilte, slán agus iontaofa.

In éineacht leis an Northern Ireland Authority for Utility Regulation (NIAUR), reáchtálann an CRF Tionscadal Uile-Oileáin, agus í mar aidhm margadh aonair a chruthú do ghás nádúrtha agus leictreachas ar oileán na hÉireann.

Gearáin tomhaltóirí

D'fhéadfadh an CRF cabhrú leat má tá deacrachtaí agat ag déileáil le do sholáthraí nó oibreoir líonra.

Sula dtéann tú i dteagmháil leis an CRF, caithfidh tú dul i dteagmháil le do sholáthraí nó oibreoir líonra i dtús báire agus iarracht a dhéanamh an gearán a réiteach leo go díreach. Tá dualgas ar sholáthraithe cóid chleachtais a chur le chéile a leagann amach na seirbhísí do chustaiméirí lena n-áirítear conas a dhéanann siad gearáin a láimhseáil. Mura bhfuil tú ábalta réiteach a fháil ar do ghearán go díreach, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an CRF.

Tá eolas faoin próiseas chun gearán a dhéanamh le soláthraí nó oibreoir líonra ar fáil ar láithreán gréasáin CRF. Soláthraítear comhairle ar thaifid a choinneáil agus leideanna eile chomh maith.

Teagmháil

Coimisiún um Rialáil Fuinnimh

Foireann do Chustaiméirí Fuinnimh
An Mhalartán
Cearnóg Belgard Thuaidh
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Éire

Lóghlao:1890 404 404
Facs:(01) 400 0850
Láithreán Gréasáin: http://www.energycustomers.ie
R-phost: energycustomers@cer.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 December 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Leictreachais in Éirinn
    Eolas faoi sheirbhísí leictreachais ar fáil in Éirinn. Cuirtear eolas ar fáil faoi voltas, úsáid tí, táillí, agus tá eolas faoi sheirbhísí do dhaoine le míchumais agus daoine níos sine san áireamh.
  • Seirbhísí gáis nádúrtha in Éirinn
    Déanann an cháipeis seo cur síos ar na seirbhísí a thairiscíonn Bord Gais, an comhlucht reachtúil atá freagrach as soláthar, traiseoladh agus dáileadh gáis nádúrtha in Éirinn.
  • Réiteach Malartach ar Dhíospóidí in Éirinn
    You may be able to resolve a dispute that you have with a company in Ireland using alternative dispute resolution. This document describes what alternative dispute resolution is and how it might be useful to Irish consumers.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.