Tugann lipéid ar tháirgí agus ar earraí eolas duit faoi thréithe an táirge nó na míre. Mar shampla, tugann lipéid ar bhia eolas duit faoi luach cothaithe agus meáchan an bhia. Tugann lipéid ar éadaí eolas duit faoin saghas, déantúsóir srl. Tugann an t-eolas ar lipéid deis duit rogha eolach a dhéanamh faoina mbíonn ar intinn agat a cheannach. Tá rialacha in Éirinn agus san AE maidir le lipéid ar tháirgí. Baineann na rialacha sin go príomha le teicstílí agus le coisbheart cé go gclúdaítear réimsí eile freisin. Bíonn rialacha sonracha i bhfeidhm i gcomhair lipéadú an bhia.
Ní mór do dhéantúsóirí táirgí agus earraí comhlíonadh leis na dlíthe um lipéadú. Cé go leagann an dlí síos roinnt íoscheanglas, níl tada a chuireann cosc ar thuilleadh eolais a thabhairt ar lipéid, chomh fada agus go mbíonn an t-eolas sin fíor. Mar shampla, ní éilítear treoracha ar conas ábhair bhia a bhruith/sheirbheáil. Bíonn an t-eolas sin ar go leor lipéad bia cé nach mbíonn gá leis.
Níl aon cheanglas dlí ar tháirgeoirí ábhair neamh-bhia (.i. éadaí, srl.) an tír dhéanta an ábhair a thaispeáint ar an lipéad. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn aon oibleagáid ar an déantúsóir a rá gurbh in Éirinn nó thar lear a rinneadh mír. B’fhéidir go mbíonn lipéid a thugann treoir duit ar conas rudaí a níochán agus a chothabháil inmhianaithe ach ní éilítear iad de réir an dlí. I mbeagán focal, níl oibleagáid ar dhéantúsóirí treoracha níocháin ná cothabhála a chur ar earraí, ach is féidir leo sin a dhéanamh más mian leo.
Nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht, seiceáil go bhfuil lipéad ceart ar an mír atá tú ag ceannach. Bíodh a fhios agat, gur féidir le lipéid tú a mhíthreorú ar uairibh. Mar shampla, díreach mar gheall go bhfuil an pacáiste neamhdhíobhálach don chomhshaol, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil táirge níos fearr don chomhshaol. Sa chás sin, ba chóir duit a bheith ag faire amach do lipéad a deir, mar shampla, go bhfuil an t-ábhar ‘déanta as ábhar athchúrsáilte'.
Comhlíonann míreanna a mharcáiltear le Trádáil Chothrom Fairtrade nó Orgánach Organic le caighdeáin a bhíonn leagtha síos ag cumainn nó ag carthanachtaí. Deimhníonn na heagraíochtaí sin go gcomhlíonann táirgeoirí agus táirgí critéir shainiúla. Má fhaigheann tú ábhair a bhfuil ‘orgánach’ nó ‘Trádáil Chothrom’ marcáilte orthu a mheasann tú a bheith míthreorach, téigh i dteagmháil leis na heagraíochtaí sin le haghaidh cúnamh a fháil.
Is lipéad dronuilleogach bán é an Lipéad CE leis na litreacha CE i litreacha dubha air. Ciallaíonn an lipéad CE go gcomhlíonann an táirge gach caighdeán sláinte, sábháilteachta agus cosanta comhshaoil de chuid an Aontais Eorpaigh a leagtar síos sna Treoracha earnálacha nó ingearacha cuí. Ní bhíonn gach táirge clúdaithe ag marcáil CE.
Tugadh isteach lipéadú CE san AE chun caighdeánú a dhéanamh ar rialacháin lipéadaithe ar fud na mBallstát. Éilítear an marc ar réimse leathan táirgí. Síneann na samplaí idir threalamh leictreach agus cuisneoirí, gás-téitheoirí uisce agus chlogaid, bréagáin agus séadairí croí. Féach ar bhreis eolais faoin lipéad CE anseo
Ba chóir go mbeadh táirgí teicstíle a dhíoltar san AE lipéadaithe trí thagairt dá n-ábhar snáithín nuair a chuirtear ar an margadh iad chun críocha táirgeachta nó tráchtála. Tá an dlí sin leagtha síos i Rialacháin (I.R. 245 de 1998 Comhphobail Eorpacha (Ainmneacha agus Lipéadú Táirgí Teicstíle), 1998. Baineann na Rialacháin sin le táirgí a dhéantar go hiomlán as snáithíní teicstíle mar éadaí, cuirtíní nó éadaí leapan. Baineann sé freisin le táirgí ina mbíonn ar a laghad 80% de chomhchodanna teicstíle mar throscán, scáth fearthainne agus clúdaigh ghréine, clúdaigh urláir, tochtaí agus earraí campála, líneálacha cluthra na gcoisbheart, na lámhainní, agus na miotóg. Níl aon oibleagáid dlí na lipéid aire a thaispeáint ach má thaispeántar iad sin ní mór dóibh a bheith cruinn.
I gcuid mhaith cásanna, ní mór do lipéid ar theicstílí an céatadán d’ábhair atá sa rud a thaispeáint. Mar shampla, d'fhéadfadh lipéad '100% cadás' nó '50% olann, 50% aicrileach’ a bheith ar éadaí. Arís, insíonn na lipéid sin níos mó duit faoin táirge agus cuideoidh sé le do chinneadh chun an t-éadach a cheannach nó gan a cheannach.
Tá rialacha tábhachtacha ann freisin maidir le conas a chuirtear lipéad ar chodanna áirithe de choisbheart. Is iondúil go mbíonn na lipéid sin greamaithe ar bhonn an choisbhirt nó ar bhosca na mbróg nó laistigh den choisbheart. Ní mór an t-eolas faoi ábhar déanta an choisbhirt a thaispeáint trí phictiúir aontaithe nó siombail nó téacs. Leagann I.R. Uimh. 63/1996: Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Lipéadú Coisbhirt), 1996 síos na rialacha faoi lipéid choisbhirt.
Leagann an dlí amach conas a chaithfear codanna éagsúla den choisbheart (.i. an chuid uachtarach, an líneáil, an bonn lasmuigh) a lipéadú. Caithfear eolas a thabhairt ar chomhábhar ar a laghad 80% d’achar dhromchla an uachtair, na líneála agus stocaí bhonn istigh den mhír coisbhirt, agus ar a laghad 80% de thoirt an bhoinn lasmuigh.
Mura bhfuil aon ábhar amháin in ar a laghad 80% den choisbheart, ní mór don lipéad dhá phríomhábhar dhéanta an choisbhirt a shloinneadh (mar shampla, 20% rubar, 60% leathar, srl.).
De bhrí gurb í an aidhm atá ag na dlíthe thuas ná eolas a thabhairt, ní mór do gach lipéad a bheith inléite. Tá an déantúsóir nó a ghníomhaire údaraithe san Aontas Eorpach freagrach as na lipéid a sholáthar agus as cruinneas an eolais atá le fáil orthu.
Tá na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar tháirgeoirí agus ar thrádálaithe maidir le lipéadú teicstíle agus coisbhirt leagtha amach sna Rialacháin ainmnithe thuas.
1 Cearnóg Swift
Northwood
Seantraibh
Baile Átha Cliath 9
Éire
Teil:+353 (0)1 807 3800
Facs:+353 (0)1 807 3838
Láithreán Gréasáin: http://www.nsai.ie
R-phost: nsai@nsai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.