Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Sábháilteacht Táirgí agus Lipéadú > Sábháilteacht Bréagán agus Táirgí do Leanaí

Print Page Send to a Friend

Sábháilteacht Bréagán agus Táirgí do Leanaí

Eolas

Gach bliain in Éirinn, agus thar lear, cuirtear bréagáin agus táirgí nua ar an margadh atá dírithe ar leanaí. Is tábhachtach an rud é a bheith eolasach faoi chaighdeáin sábháilteachta agus tú ag ceannach táirgí nó bréagáin do leanaí. Tá rialacha faoi leith in Éirinn agus san Aontas Eorpach chun leanaí a chosaint ó bhréagáin chontúirteacha agus iad ag déanamh spraoi. Tá rialacha ar leith freisin le sábháilteacht na dtáirgí leanaí a chinntiú. Mar shampla, pramanna, bugaithe linbh, ciúnaitheoirí, cliabháin agus éadaí. Rialaítear áilleagáin agus trealamh cosúil le luascáin, sleamhnáin, pinn luaidhe agus pinn freisin. Tá an chuid is mó de na rialacha seo bunaithe ar na caighdeáin atá forbartha ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN). Forbraíonn an tÚdarás Náisiúnta Caighdeán na hÉireann (NSAI) caighdeáin a rialaíonn sábháilteacht, cáilíocht, dearadh agus feidhmiú (srl.) táirgí faoi leith atá ar díol in Éirinn.

Rialacha

Ón mbliain 1990 i leith, tá reachtaíocht in Éirinn a chuireann cosc ar bhréagáin a chur ar an margadh mura mbaineann siad na bunriachtanais sábháilteachta amach. Tá an dlí seo leagtha síos in I.R. Uimh. 32 de 1990, Rialúcháin na gComhphobal Eorpach (Sábháilteacht Bréagán).

Lena chois sin, maíonn rialacha an Aontais Eorpaigh go gcaithfidh gach táirge a thairgtear ar díol san Aontas Eorpach agus a chomhlíonann caighdeáin chosanta áirithe sláinte, sábháilteachta agus timpeallachta, marc CE a iompar. Is lipéad le dronuilleog bhán é an marc CE ar tháirge ar a bhfuil na litreacha CE i litreacha dubha. Is dearbhú é ón táirgeoir an marc CE go leanann an táirge reachtaíocht uilig an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis. Breathnaigh ar an marc CE anseo.

Is féidir marc caighdeáin teicniúil na hÉireann IS EN71 a chur ar an mbréagán i dteannta an mhairc CE. Sonraíonn sé seo go leanann an bréagán na rialacháin sábháilteachta go léir.

Déan cinnte i gcónaí go bhfuil an marc CE ar bhréagán nó ar tháirge a cheannaíonn tú.

Céard é bréagán?

I gcúrsaí dlí, sainmhínítear bréagán mar tháirge atá dírithe ar leanaí faoi 14 bliain d’aois chun súgradh leis.

Ní chlúdaítear áilleagáin (.i. trealamh spóirt, dairteanna miotail, mion-ghalinnill, seodra faisin srl.) faoin reachtaíocht chéanna. Ba cheart go ndéanfadh gasúir atá aosta go leor agus a thuigeann na contúirtí a bhaineann leo spraoi leis na míreanna seo agus iad siúd amháin.

Ba cheart go ndéanfaidh daoine fásta feitheoireacht ar leanaí agus iad ag baint úsáide as áilleagáin más féidir. Is féidir leat liosta cuimsitheach d’áilleagáin agus tuilleadh eolais ar shábháilteacht bréagáin a aimsiú anseo.

Treoirlínte Ginearálta chun táirgí sábháilte a cheannach do leanaí

Seo a leanas roinnt treoirlínte ginearálta agus tú ag ceannach táirgí sábháilte agus bréagáin. Ba cheart do mhíreanna a bheith:

  • láidir agus buanfasach (i.e., níor cheart go mbrisfeadh siad go héasca)
  • déanta d’ábhar nach ndófadh ró-éasca
  • déanta d’ábhair mhí-thocsaineacha
  • ag iompar mairc CE

Ba cheart go gcuirfí in iúl nach bhfuil bréagán feiliúnach do leanaí faoi 36 mí má tá píosaí inscortha istigh leis. Ba cheart go dtugtar le fios duit má tá aon chontúirt faoi leith ag baint leis. Mar shampla, is féidir méara leanaí a sháinniú i bpíosa a bhíonn ag bogadh i dtáirge (san áireamh leis seo tá bréagáin a fhilleann nó insí/ claspaí ar chliabháin srl.). Ba cheart go mbeadh coscáin sásúla ag rothair agus ag cairtíní srl. chomh maith le sciath do shlabhraí agus píosaí eile a bhíonn ag bogadh. Má bhíonn rothair á n-úsáid ar bhóithre poiblí, ba cheart go mbeadh soilse sásúla acu. Léigh tuilleadh faoi shoilse ar rothair anseo. Léigh tuilleadh faoi leanaí agus sábháilteacht rothair anseo.

Úsáid shábháilte de tháirgí leanaí

Is ciallmhar an rud é a dhéanamh cinnte go n-úsáidtear bréagáin go sábháilte. Sonraíonn bréagáin leis an marc CE go bhfuil siad sábháilte le húsáid mar ba cheart. Is é sin, don aoisghrúpa a fheileann don bhréagán.

Mar shampla, is féidir le bréagán a fheileann do ghasúir atá deich mbliana d’aois a bheith contúirteach do ghasúr atá trí bliana déag d’aois.

Bréagáin Leictreacha

Ba cheart go n-iompródh bréagáin leictreacha an marc CE le cinntiú go leantar caighdeáin sábháilteachta an Aontais Eorpaigh. Níor cheart go ndíolfaí aon bhréagán leictreach le níos mó ná 24 volta. (Ní hé seo an scéal iomlán. Níl ann do mhíreanna leictreacha atá dírithe ar leanaí, go háirithe lampaí ach is cinnte NACH bréagáin iad seo agus ba cheart go n-iompródh siad lipéad le foclaíocht dá réir sin.) Ba cheart go mbeadh gach cuid den bhréagán inslithe i gceart chun teagmháil le sreanga beo a sheachaint. Ní mór do threoracha sábháilteachta ar bhréagáin leictreacha a bheith soiléir agus beacht agus ba cheart go gcloífeadh tomhaltóirí leo.

Bréagáin agus lipéadú táirgí leanaí

Ba cheart go bhfeicfeá an t-eolas seo a leanas ar an bpacáistiú nó ar an táirge é féin

  • An marc CE
  • Ainm, Trádmharc agus Seoladh an déantúsóra, a ghníomhaire nó a allmhaireoir laistigh den Aontas Eorpach
  • Treoracha chun é a úsáid, más ann dóibh
  • Comhairle ar úsáid shábháilte an bhréagáin (cuir i gcás, ‘mí-oiriúnach do leanaí faoi 36 mí’)

Is féidir marc caighdeáin teicniúil na hÉireann a chur ar an mbréagán i dteannta an mhairc CE. Sonraíonn sé seo go leanann an bréagán na rialacháin sábháilteachta go léir. Is é an Caighdeán do Bhréagáin is coitianta ná IS EN 71.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá amhras ort go bhfuil bréagán mí-shábháilte, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA) a dhéanfaidh fiosrúchán ar an scéal. Ar an dul céanna, má dhéanann bréagán dochar duit féin nó do pháiste, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an NCA le haghaidh comhairle agus eolais.

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.