Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Sábháilteacht Táirgí agus Lipéadú > Sábháilteacht Trealamh Cosanta Pearsanta

Print Page Send to a Friend

Sábháilteacht Trealamh Cosanta Pearsanta

Eolas

Is éard is ciall le Trealamh Cosanta Pearsanta ná aon ghléasra nó fearas atá déanta chun cosaint a thabhairt in aghaidh chontúirtí sláinte agus sábháilteachta agus tú i mbun gníomhaíochtaí ó lá go lá. Clúdaíonn trealamh cosanta pearsanta réimse leathan rudaí ó ghléasraí simplí ar nós spéaclaí gréine, clogaid rothair agus seaicéid fhrithchaiteacha go dtí culaith in aghaidh contúirt cheimiceach agus úimeanna sábháilteachta.

Clúdaíonn dlí ar leithligh (I.R. Uimh 272 de Rialacháin CE 1993 (Trealamh Cosanta Pearsanta), 1993 na hábhair sin. Luann an dlí gur chóir do gach trealamh cosanta pearsanta sláinte a chaomhnú agus sábháilteacht úsáideoirí a chinntiú. Ní fhéadfaidh trealamh cosanta pearsanta dochar a dhéanamh do dhaoine eile, d'ainmhithe tí ná d’áitreabh. Ba chóir don úsáideoir na hábhair seo ar fad a chothabháil i gceart agus iad a úsáid chun na críocha atá beartaithe dóibh amháin. Ba chóir rabhaidh agus treoracha a bhíonn faoi iamh leo a leanúint i gcónaí.

Clúdaíonn an dlí gach trealamh cosanta pearsanta bíodh sé in úsáid sa bhaile, chun críocha áineasa nó ar obair. Tá freagracht ar an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA) seiceáil go gcomhlíonann trealamh cosanta pearsanta a úsáidtear ar mhaithe le háineasa nó sa bhaile an dlí. Déanann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta monatóireacht ar gach trealamh cosanta pearsanta a úsáidtear i ngnó agus i dtionscail.

Clúdaíonn Rialacháin Loingis Cheannaíochta (Árthaigh Áineasa Liánta go Meicniúil) (Sábháilteacht), 2001 agus Rialacháin Loingis Cheannaíochta (Árthaigh Áineasa) (Seaicéid Tharrthála agus Oibríocht) (Sábháilteacht) , 2004 úsáid trealamh sábháilteachta ar aon árthach áineasa atá liánta go meicniúil. Áirítear leis sin mótarbháid, báid , chumhachtacha báid chumhachtacha tapa (iad sin a thaistealaíonn ag luas 17 muirmhíle) agus árthaigh uisce pearsanta, a dtugtar scaird-scí orthu de ghnáth. Léigh tuilleadh faoi threalamh cosanta pearsanta ar árthaigh áineasa anseo.

Cá háit a ndéanfaidh me iarratas

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Údarás Sláinte agus Sábháilteachta

An Foirgneamh Cathrach
Sráid James Joyce
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 614 7000
Lóghlao:1890 28 93 89
Facs:(01) 614 7020
Láithreán Gréasáin: http://www.hsa.ie
R-phost: wcu@hsa.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 June 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.