Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Praghsáil > Taispeáint Praghsanna d'Earraí agus Seirbhísí

Print Page Send to a Friend

Taispeáint Praghsanna d'Earraí agus Seirbhísí

Eolas

Cé nach bhfuil aon rialuithe ann ar phraghsanna in Éirinn, tá ann do reachtaíocht a bhaineann le praghsanna táirgí agus seirbhísí atá ar fáil do thomhaltóirí. Cinntíonn Rialúcháin an CE (Ceanglais maidir le Praghsanna Táirgí a chur in iúl) 2002 agus Orduithe a rinneadh faoi Acht na bPraghsanna 1958 go 1972 agus An tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 go mbíonn dóthain eolais ag tomhaltóirí chun comparáidí praghais a dhéanamh idir taírgí agus seirbhísí.

Rialacha

Taispeáint na bpraghsanna i siopaí miondíola

Is é cuspóir na Rialúchán um Phraghsáil Táirgí 2002 ná le cur ar chumas tomhaltóirí praghas an táirge a fheiceáil sula gceannaítear é agus chun comparáidí praghais a dhéanamh. Is féidir praghas na dtáirgí a bhíonn ar díol i siopaí agus margaí siopadóireachta a ghreamú leis na míreanna iad féin. Is féidir iad a thaispeáint mar mhalairt ar lipéad ar imeall na seilfe. Úsáidtear lipéid seilfe go ginearálta chun praghsanna a thaispeáint sna lárionaid siopadóireachta ó d’éirigh barrachóid coitianta. Faoi na Rialúcháin um Phraghsanna Táirgí 2002, ní mór do mhiondíoltóirí an praghas díolta ceart a thaispeáint in euro, cánacha san áireamh. Ní foláir Praghais aonaid a dhíoltar trí thoirt, meáchan nó tomhas a thaispeáint go soiléir freisin. Tá faisnéis níos mionsonraithe ar fáil faoi phraghsáil earraí agus seirbhísí ar fáil anseo. Soláthraíonn na rialúcháin do dhíolúintí áirithe ó phraghsáil aonaid ar nós míreanna ar comhionann nó níos lú ná 50 ml nó 50 gram iad. Síníonn na Rialúcháin go siopadóireacht ar líne freisin. Ní chlúdaíonn na Rialúcháin um Phraghsáil Táirgí seirbhísí

Tá sé riachtanach faoin Ordú um Praghsanna agus Táillí (Ráitis Cháin-Áirithe), 1973 go mba cheart do cháin a bheith cuimsithe le gach praghas a mharcáltar ar earraí agus praghsanna a thaispeántar nó a luaitear ag an leibhéal miondíola (m.sh. CBL) mura gceaptar gur don chustaiméir gnó iad.

Taispeáint praghsanna in áitreabh ceadúnaithe

Ceaptar an tOrdú Taispeána chun Praghasanna Miondíola (Deochanna in Áitribh Cheadúnaithe) a Thaispeáint, 1999 le custaiméirí a chur ar an eolas faoi na praghsanna a ghearrtar in áitreabh ceadúnaithe. Áirítear le háitreabh ceadúnaithe in Éirinn beáir, clubanna oíche, nó ionaid eile óna dteastaíonn ceadúnas fíoncheannaithe chun oibriú. Maíonn an t-ordú go dtaispeánfadh áitreabh ceadúnaithe 2 liosta de phraghsanna dí. Liosta cuimsitheach de gach mír a dhíoltar agus liosta achomair de na 16 deoch is coitianta ar díol. Má tá praghsanna éagsúla ann i limistéir éagsúla d’áitreabh ceadúnaithe (mar shampla praghsanna deochanna a bheith éagsúil sa Tolglann agus sa Bheár) ní foláir na fógraí seo a thaispeáint go feiceálach i ngach ionad ina ndíoltar na táirgí. Má athraíonn na praghsanna tar éis am áirithe (mar shampla tar éis 11i.n.) – ní mór é seo a thaispeáint ar an bhfógra freisin. Ba chóir go gcuimseodh na liostaí praghais deochanna a dhíoltar lena dtomhailt ar an áitreabh. Ní chuimsítear ionaid eischeadúnais leis an Ordú seo ach is amhlaidh go gcuimsíonn na Rialúcháin um Cheanglais Maidir le Praghsanna Táirgí a chur in iúl 2002

Ní foláir liosta de 16 mír a thaispeáint go suntasach laistigh nó díreach lasmuigh de shlí isteach an áitribh. Is liosta é an méid seo a leanas de 16 mír nach mór do thábhairneoirí a thaispeáint cun cloí leis an ordú seo:

  • Pionta (568 ml) leanna dhuibh bhairille
  • Pionta (568ml) leanna bhairille
  • Pionta (568 ml) lágair bhairille
  • Pionta (568ml) cheirtlis bhairille
  • Buidéal (330ml) leanna dhuibh
  • Buidéal (330ml) leanna
  • Buidéal (330ml) lágair
  • Buidéal (330ml) ceirtlise
  • Tomhas (35.5ml) uisce beatha
  • Tomhas (35.5ml) jin
  • Tomhas (35.5ml) vodca
  • Buidéal (200ml) dí bheo
  • Buidéal (200ml) dí chóla bheo
  • Buidéal (113ml) meascthóra
  • Buidéal (250ml) uisce
  • Buidéal (187ml) fíona

Caitheann an liosta de 16 mír agus an liosta cuimsitheach a bheith soiléir infheicthe araon do chustaiméirí. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear na liostaí praghais a thaispeáint i suíomh suaithinseach mar ar féidir le duine ar bith iad a fheiceáil. Déanann Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí suirbhé ar áitribh cheadúnaithe chun a gcloí leis an dlí a chinntiú. Is féidir leis an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí tábhairneoirí agus ceadúnaithe a ionchúiseamh a mbreithnítear a bheith ag briseadh an Ordaithe.

Taispeáint praghais do Bhia i mBialanna, Caiféanna agus Óstlanna

Má thugann tú cuairt ar bhialann is féidir leat a bheith ag dúil go réasúnta go gcuirfear ar an eolas thú faoina bpraghsanna bia. Cuireann an tOrdú chun Praghsanna Miondíola (Bia in mBunaíochtaí Lónadóireachta) a Thaispeáint, 1984 de cheangal ar úinéirí liosta cuimsitheach de phraghsanna bia a thaispeáint . Feidhmíonn an dlí seo do gach óstlann, teach tábhairne, bialann, caifé, srl. a thairgíonn bia le díol agus le tomhailt ar an áitreabh. Ba cheart an fógra seo a bheith infheicthe go láithreach lasmuigh nó laistigh d’ionad ina mbítear ag dáileadh bia. I gcás óstlainne nó áitribh cheadúnaithe ina mbítear ag dáileadh bia i roinnt ionad, is féidir an fógra a thaispeáint ag slí isteach an áitribh nó ag slí isteach an limistéir lónadóireachta. Ní foláir aon mhuirir bhreise a bhíonn i bhfeidhm (ar nós muirir seirbhíse srl) a mhaíomh go soiléir ar an bhfógra fosta.

Taispeáint praghsanna i nGruagairí

Ní mór do ghruagairí faoin Ordú Chun Táillí (Gruagaireacht) a Thaispeáint, 1976 fógra a thaispeáint ina leagtar amach muirir do gach seirbhís a dhéanann siad mar ghruagaire. (Áirítear bearblanna leis an téarma ‘gruagairí’ sa chomhthéacs seo freisin). Más féidir é, ní mór don fhógra a bheith le feiceáil ón tsráid amuigh nó go díreach laistigh de shlí isteach na ngruagairí. Ní foláir don fhógra a bheith soléite agus suas chun dáta do thomhaltóirí.

Taispeáint praghsanna do Dhíosal agus Peitreal

Ní foláir do stáisiúin seirbhíse faoin Ordú chun Praghsanna Miondíola (Díosal agus Peitreal) a Thaispeáint, 1997 na praghsanna peitril agus díosail a thaispeáint. Ní foláir don fhógra a bheith sofheicthe ó cholbha an bhóthair agus a bheith i scríobh nach lú ná 20cm in airde é. Sonraíonn an tOrdú nach mór na praghsanna a thaispeáint i líotair. Ina theannta sin, ní foláir don phraghas iarbhír a ghearrtar ag an gcaidéal peitril meaitseáil leis an bpraghas.

Fógraíocht do Thicéid Cheolchoirme agus Amharclainne

Leagann an tOrdú um Fhaisnéis do Thomhaltóirí (Fógráin do Thaibhithe Ceolchoirme nó Amharclainne), 1997 síos nach mór gach fógra scríofa do cheolchoirm nó do léiriú amharclainne poiblí an praghas iontrála a thaispeáint. Ní foláir aon mhuirear breise agus na cúinsí ina mbíonn na muirir bhreise sin iníoctha a shloinneadh ar leithligh, i dtéarmaí airgeadaíochta nó céatadáin (mar shampla, má bhíonn muirear breise ann don íoc le cárta creidmheasa, ní mór é seo a bheith maíte san fhógra scríofa). I ngach aon fhoirm fógraíochta eile (m.sh. raidió agus fógraíocht teilifíse) ní foláir don phraghas iontrála a shloinneadh in éineacht le tagairt don fhíric go bhféadfadh muirear breise a bheith iníoctha i gcúinsí áirithe.

Fógraíocht praghsanna do Tháillí Aeir

Sainíonn an tOrdú um Fhaisnéis do Thomhaltóirí (Fógráin do Tháillí Aeir), 2000 rialacha d’fhógraí tháillí aeir. Ní foláir an praghas iomlán a mhaíomh go soiléir i ngach fógra do tháille aeir (lena n-áirítear raidió, teilifís agus prionta). Ciallaíonn sé seo go sonrach nach mór don phraghas iníoctha don táille aeir gach muirear a áireamh (.i. cánacha, srl.). Má tá srianta i bhfeidhm, ba chóir gach srianadh a shonrú go soiléir san fhógra. (Mar shampla, féadann praghas an táille aeir a bheith infheidhmithe amháin d’eitiltí idir dáta agus amanta áirithe, srl).

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le hOifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí má fheictear duit nach mbíonn miondíoltóir ná soláthraí seirbhísí ag taispeáint praghsanna de réir an dlí.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Praghsáil earraí agus seirbhísí in Éirinn
    Prices of items and services for sale in Ireland are not generally regulated . Duties of retailers and rights of consumers are explained here.
  • Cáin Bhreisluacha
    Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) san áireamh sa phraghas i gcás formhór na dtáirgí agus na seirbhísí a úsáidimid gach lá. D’fhéadfadh sé go mbeadh dliteanas ort CBL a íoc má cheannaíonn tú ar líne freisin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le CBL agus mar a íoctar í.
  • Dramh-threalamh Leictreonach agus Leictreach a Athchúrsáil
    Ó Lúnasa 2005 beidh ar mhiondíoltóirí in Éirinn trealamh dramhaíola leictreonach agus leictreach (WEEE) a thógáil ar ais. Faigh amach faoi na rialacháin a rialaíonn an tógáil ar ais sin.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.