Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Praghsáil > An tInnéacs Praghsanna do Thomhaltóirí

Print Page Send to a Friend

An tInnéacs Praghsanna do Thomhaltóirí

Eolas

Tomhaiseann an tInnéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (IPT) athruithe i meánleibhéal praghsanna a íocann teaghlaigh agus cuairteoirí eachtrannacha go hÉirinn le haghaidh earraí tomhaltais agus seirbhísí. Is é an IPT an slat tomhais oifigiúil maidir le bolsciú in Éirinn. Is iad na figiúirí is déanaí IPT ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) an suirbhé seo trí phraghsanna grúpa léirithe buan d'earraí agus seirbhísí a bhailiú ar bhonn leanúnach gach mí. Cuirtear na praghsanna seo i gcomparáid le praghsanna na n-earraí agus na seirbhísí céanna ón mí roimhe agus ríomhtar an t-athrú. Cuirtear le chéile in aon innéacs amháin praghsanna na n-earraí agus na seirbhísí seo, a thomhaiseann leibhéal iomlán praghsanna. Cuirtear an t-innéacs le chéile i dtaobh an dara Mháirt gach mí.

Leis an IPT á thomhais, ní chaithear le hearraí agus seirbhísí ar fad go cothrom, i bhfocail eile, ní thugtar an méid céanna ualaigh dóibh. Mar shampla, ós rud é go gceannaíonn daoine níos mó sicín ná caibheáir, beidh níos mó ualaigh san IPT ag praghas sicín (cé nach bhfuil sé chomh daor céanna) ná mar a bheadh ag praghas caibheáir. Socraíonn an POS meánchaiteachas an ghnáth-theaghlaigh ar tháirge nó ar sheirbhís ag brath ar thorthaí suirbhé 5-bhliantúil ar bhuiséad teaghlaigh agus socraíonn siad an t-ualach a chuirfear ar tháirge nó ar sheirbhís dá réir.

Socraítear na táirgí agus na seirbhísí a chuirtear san áireamh ón Suirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh. Socraíonn an POS an tábhacht nó ualaí coibhneasta na n-earraí agus na seirbhísí seo de réir eolais bailithe ón Suirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh. Is í príomhaidhm an tSuirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh patrún reatha caitheachais teaghlaigh a shocrú go mion chun ualach caiteachais an IPT a choinneáil suas chun dáta. Chlúdaigh an suirbhé is deireanaí 7,644 teaghlach. B'shin sampla léirithe roghnach de theaghlaigh uilig an Stáit. Úsáidtear chomh maith ualaí ceantair chun Meánpraghasanna Ualaithe Náisiúnta a chruthú le haghaidh gach íotam caitheachais.

Conas a chuirtear an IPT le chéile - sampla

Abair go gceannaíonn tú 5 úll agus 2 oráiste gach mí i mbliana. 5 úll agus 2 oráiste a bheadh i gciseán na n-earraí ceannaithe.

Anois abair go bhfuilimid ag iarraidh praghas 5 úll agus 2 oráiste i 2002 a chur i gcomparáid le praghas 5 úll agus 2 oráiste i 1997.

An IPT = (5 * Praghas úll i 2002) + (2 * praghas oráistí i 2002) roinnte ar (5 * Praghas úll i 1997) + (2 * Praghas oráistí i 1997).

Leis an tomhas seo den IPT a dhéanamh tagraítear do 1997 mar an bhonnbhliain. Insíonn an t-innéacs dúinn cé mhéad a chosnaíonn sé anois 5 úll agus 2 oráiste a cheannach i 2002, i gcomparáid le cé mhéad a chosain sé an méad céanna torthaí a cheannach i 1997. Tagraítear dó seo mar chur chuige "an chiseáin bhuain" nuair a bhíonn na rudaí nó an chuid buan agus nach gcuirtear san áireamh ach an t-athrú praghais. Tugann an cur chuige seo fíorathrú an phraghais.

D'fhéadfá an IPT a úsáid - i measc rudaí eile - chun a fháil amach an bhfuil do phá ag coinneáil suas le praghsanna. Muna mhéadaíonn do phá glan cothrom leis an innéacs thar tréimhse áirithe (abair bliain), níl tú chomh maith as agus a bhí tú ag tús na bliana.

Insíonn an IPT céatadán an athraithe i bpraghasanna thar tréimhse ama. Má chuirtear uimhreacha innéacs dhá tháirge difriúil i gcomparáid lena chéile (mar an sampla thuas) is féidir a rá go bhfuil praghas táirge amháin ag méadú nó ag laghdú níos tapúla nó níos moille ná an ceann eile.

De ghnáth, méadófar praghsanna thar am agus cailleann airgead cumhacht ceannaigh. Tugtar boilsciú ar an méadú seo i leibhéal iomlán praghsanna.

Chomh maith leis an innéacs praghasanna iomlán, ríomhann an POS innéacsanna le haghaidh cineálacha áirithe earraí ar nós éadaí agus tithíochta.

Costais tithíochta

Clúdaíonn an IPT réimse iomlán costais tithíochta, sé sin:

  • Costas úis mhorgáiste chun teach nó arásan a cheannach
  • Cíos tithe i seilbh phríobháideach
  • Cíos tithe údaráis áitiúil
  • Árachas tí (teach agus a bhfuil ann)
  • Táillí seirbhísí údaráis áitiúil
  • Deisiúcháin agus maisiúcháin.

Ceannaítear tromlach na dtithe agus na n-árasán le morgáiste aisíoctha thar am. Is iad costais úis an eisíocaíocht is mó a bhíonn ag an gcuid is mó úinéirí tí, go háirithe sna blianta tosaigh. Cuirtear athruithe i gcostais cheannach tithe agus árasan, chomh maith le hathruithe i rátaí úis mhorgáiste san áireamh agus athruithe i gcostais úis mhorgáiste á mheasúnú.

Ní chlúdaíonn an IPT ceannach thar barr amach tí nó ceannach arásan mar theach cónaithe príobháideach mar breathnaítear air mar chineál infheistíochta in áit caitheachais tomhaltóra. Fágtar amach ón IPT íocaíochtaí síos i gcás morgáiste agus an chuid caipitil d'íocaíochtaí morgáiste, ar an gcúis chéanna.

Torthaí foilsithe

Foilsíonn an POS an ráta boilscithe míosúil agus bliantúil gach mí. Tugtar é seo i dtéarmaí ceatadáin na n-athruithe i bpraghasanna ón mí roimhe agus ón mí chéanna sa bhliain roimhe. Is iad na rátaí boilscithe seo na rátaí cinnlínte míosúla agus bliantúla a luann tráchtairí eacnamaíochta agus na meáin chumarsáide.

Foilsíonn an POS innéacsanna ar leith agus céatadán athruithe don dhá ghrúpa déag earraí agus seirbhísí seo a leanas:

  • Bia agus deoch neamh-mheisciúil
  • Deoch meisciúil agus tobac
  • Éadaí agus bróga
  • Tithíocht, uisce, leictreachas, gás agus breosla eile
  • Troscáin, fearas tí agus gnáthchothábháil tí
  • Sláinte
  • Iompar
  • Cumarsáid
  • Caitheamh aimsire agus cultúr
  • Oideachas
  • Bialanna agus óstáin
  • Earraí agus seirbhísí ilghnéitheacha.

Taispeánann an dá ghrúpa déag seo treochtaí praghais d'earnálacha leathana earraí agus seirbhísí agus an méid a chuireann siad leis an ráta boilscithe iomlán.

Rialacha

Ag ríomh an IPT

Tógtar praghsanna in 86 áiteanna samplacha (cathracha agus bailte) ar fud Éireann. Bailítear níos mó ná 50,000 luachan praghasanna ó phainéal léirithe buan ollmhargaí, siopaí, siopaí ilranna, stáisiúin pheitril, aonaid seirbhísí agus araile. Bailítear 3,000 luachan praghasanna eile tríd an bpost ar bhonn míosúil nó ráithiúil ó bhfóntais phoiblí, comhlachtaí iompair, dochtúirí, fiaclóirí, poitigéirí agus araile.

Cuirtear earraí agus seirbhísí ar fad ceannaithe le haghaidh tomhaltais isteach san innéacs.

Tugann bailitheoirí praghasanna páirtaimseartha cuairteanna pearsanta ar aonaid mhiondíola ar bhonn míosúil. Bailíonn na bailitheoirí praghasanna seo níos mó ná 50,000 luachain phraghasanna.

Bailítear an chuid is mó de na praghasanna go míosúil, ach ní bhailítear cuid acu ach go ráithiúil agus cuid eile fós go bliantúil. San áireamh i sonraí bailithe go bliantúil tá táillí údaráis áitiúil, táillí leabharlainne, táillí cultacha scoile, iompar scoile agus téacsleabhair scoile; táillí a ghearrann scoileanna príobháideacha; síntiúis chumann (gailf, rugbaí, leadóige agus araile); gás i bpíblínte; táillí scrúduithe; fearas teiripeach (m. sh. cathaoireacha rothaí); taillí pasanna agus teastas breithe; táillí cánacha gluaisteáin agus oideachas triú-leibhéil.

Tugann an POS sonraíochtaí ginearálta do bhailitheoirí praghsanna maidir le branda agus méid na n-earraí le roghnú le haghaidh praghsanna rudaí áirithe a fháil faoina gcuirtear Meánphraghsanna Náisiúnta ar fáil go míosúil.

Ar dtús roghnaíonn bailitheoirí praghsanna cineálacha áirithe earraí (m. sh. méid channa agus branda ar leith pónairí bruite) a bhfuil tóir orthu ina gceantar chun praghas rialta míosúil a fháil. Tugann sé seo deis praghas de réimse leathan méideanna agus branda an earra chéanna a fháil ar fud na tíre. Nuair atá sé roghnaithe, seiceáiltear praghas na méide agus an bhranda chéanna sa siopa céanna go míosúil chun a bheith cinnte go gcuirfear le chéile praghsanna agus go n-aimseofar méadú ar bith go seasta.

Má scoirtear le rud ar bith ar fáth ar bith, is féidir earra nó seirbhís eile a úsáid, ach ní chomhraítear an praghas go dtí go bhfaightear dhá phragas míosúil dó i ndiaidh a chéile.

Mar sin, d'fhéadfadh éagsúlacht i dtaobh earraí áirithe ar a fhaightear praghasanna a bheith i gceist ar fud na tíre. Déanann sé seo cinnte go gclúdaíonn an IPT treochtaí praghsanna réimse earraí agus seirbhísí a bhfuil tóir orthu go háitiúil ag custaiméirí.

Meastachán athruithe praghsanna

Sraithítear na praghsanna bailithe gach mí i gcúig earnáil bailte de réir méide. Taobh istigh de gach earnáil seo, cuirtear na praghsanna faighte d'earra ar leith le chéile le praghsanna na míosa roimhe. Tógtar meán de gach earnáil baile agus tugtar ualach dóibh chun meánphraghas náisiúnta do gach aon tréimhse a fháil. Tugann a gcóimheas an meán-athrú praghais go míosúil don íotam innéaics atá i gceist. Sa chaoi seo, tugtar ualach d'athruithe praghais mhiondíola chun daonra agus gníomhaíocht eacnamíoch gach ceantar a thaispeáint i gcomhréir lena chéile.

Rataí

Tá an t-eolas a eisíonn an IPT ar fáil don phobal ó shuíomh idirlín an POS saor in aisce. Is féidir cóip chrua de a fháil ar chostas euro 2.50.

Coinnítear gach eolas a chuirtear ar fáil don POS faoi rún daingean. Leagann an tAcht Staidrimh 1993 síos dianchaighdeáin rúndachta ag rá gur do chuspóirí staidrimh amháin a cheadaítear úsáid a bhaint as eolas atá bailithe. Ní féidir sonraí a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le duine nó gnó ar leith a sceitheadh le Rannóg Rialtais nó comhlacht eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá torthaí an IPT ar fáil don phobal ón bPríomh-Oifig Staidrimh ach iad a iarraidh orthu.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Bóthar Skehard
Corcaigh
Ireland

Teil:(021) 453 5000
Lóghlao:1890 31 34 14
Facs:(021) 453 5555
Láithreán Gréasáin: http://www.cso.ie/
R-phost: information@cso.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Praghsáil earraí agus seirbhísí in Éirinn
    Prices of items and services for sale in Ireland are not generally regulated . Duties of retailers and rights of consumers are explained here.
  • Budget 2009
    Budget 2009 was announced on 14 October 2008. Summary of the main changes.
  • Budget 2010
    Budget 2010 was announced on 9 December 2009. Summary of the main changes.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.