Tá réimse leathan i gceist le ‘seirbhís’, ó bhearradh gruaige go tógáil tí. Mar thomhaltóir, tá cearta agat nuair a cheannaíonn tú seirbhís ach níl aon rialacha dochta daingne i gceist. Tá gach aon chás difriúil agus braithfidh réiteach na faidhbe maidir le seirbhís ar an gcás ar leith. Tairgíonn go leor daoine seirbhísí, trádálaithe, ceardaithe nó daoine gairmiúla ina measc. Úsáideann muid an téarma ‘soláthraí seirbhíse’ anseo chun tagairt a dhéanamh d’aon duine a sholáthraíonn seirbhís mar ghnó nó mar chuid de ghnó. Tá roinnt treoirlínte ginearálta anseo a chuideoidh leat fadhbanna a sheachaint nuair a cheannaíonn tú seirbhís.
Nuair a théann tú i mbannaí soláthraí seirbhíse cruthaíonn tú conradh idir tú féin, mar thomhaltóir, agus soláthraí na seirbhíse. Is comhaontú foirmiúil idir beirt nó níos mó é conradh ar infheidhmithe faoin dlí é. Tig le conradh a bheith i scríbhinn nó de bhéil. Is téarmaí atá i mbunús na gconarthaí, ar féidir le roinnt acu a bheith ina dtéarmaí intuigthe. Féadann go leor éagsúlachtaí a bheith idir conarthaí agus níl aon rialacha dochta daingne ann a rialaíonn na téarmaí ar ceart a bheith i gconradh tomhaltóireachta. Ní foláir do théarmaí i gconarthaí tomhaltóirí a bheith cothrom agus soiléir don tomhaltóir i gcónaí, áfach. Ba cheart go mbeadh aon duine atá bainteach sa gconradh soiléir faoi na cúraimí atá orthú faoi théarmaí an chonartha.
Is é an tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 a thugann cosaint do chonarthaí tomhaltóirí.
Má tá conradh agat le soláthraí seirbhísí, féadfaidh tú bheith ag súil le:
I gconradh seirbhíse, ba cheart duit a chinntiú ar a laghad go bhfuil praghas na seirbhíse ar eolas agat chomh maith leis an am a thógfaidh sé chun an obair aontaithe a chur i gcrích.
Nuair a cheannaíonn tomhaltóirí earraí agus seirbhísí, tá siad cosanta faoi Rialacháin an Chomhphobail Eorpaigh (Téarmaí Míchothroma i gConarthaí Tomhaltóra, 1995). Ciallaíonn sé seo gur féidir aon téarma nó téarma intuigthe atá míchothrom i gconradh tomhaltóra a bheith curtha ar neamhní. Faigh amach tuilleadh faoi Téarmaí Míchothroma i gConarthaí Tomhaltóra anseo.
Nuair a roghnaíonn tú soláthraí seirbhíse, braithfidh an méid a thógfaidh tú san áireamh ar an tseirbhís a sholáthraítear. D’fhéadfadh an chomhairle ghinearálta seo a leanas a bheith úsáideach duit agus tú ag roghnú soláthraí seirbhíse.
Má thiteann rudaí sa bhfraoch, is é an soláthraí seirbhíse i gcónaí ar cheart cúrsaí a chur ceart. Mar riail ghinearálta, is féidir leis an soláthraí seirbhíse an tseirbhís a athchur nó a dheisiú. De rogha air sin, féadann siad costais na seirbhíse don tomhaltóir a aisíoc. Mura mbíonn tú sásta le caighdeán na n-earraí ná na seirbhísí, ba cheart duit
Gníomh a ghlacadh chomh luath agus is féidir leat – féadann moill a chur in iúl gur ghlac tú le hearraí nó le seirbhísí lochtacha
Gan iarracht a dhéanamh an mhír a dheisiú tú féin ná a thabhairt do dhuine ar bith eile í lena deisiú
A chinntiú go bhfuil cruthúnas ceannaigh agat (admháil, comhdhuille seice, ráiteas chárta creidmheasa nó sonrasc)
Gach fianaise a choinneáil den damáiste de bharr na hoibre boichte – glac grianghraf etc.
Is soiléir go bhfuil sé níos fearr fadhbanna a sheachaint, mar sin ardaigh aon chúis bhuartha a d’fhéadfadh a bheith agat de réir mar a théann an obair ar aghaidh. Más féidir, bí ar fáil chun gur féidir leis an trádálaí dul i dteagmháil leat ionas gur féidir leis/léi aon chúrsaí a thagann chun solais a phlé leat.
Más gá duit gearán a dhéanamh léigh an chomhairle seo faoi ghearán a dhéanamh roimh ré. Seans go bhfaighfeá comhairle agus cúnamh ó cheann de na heagraíochtaí trádála agus ionadaíocha liostaithe anseo.
Má tá meicníocht ghearáin na dtrádálaithe ídithe agat, is féidir leat d’éileamh a thógáil sa Chúirt Mhionéilimh.
Is é an costas a bhaineann le cás a thógáil sa Chúirt Mhionéilimh ná €18, agus ní féidir é sin a aisíoc duit. Tabharfaidh Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí comhairle duit saor in aisce ach ba cheart duit seiceáil le haon eagraíocht eile má chuireann siad costais ar na seirbhísí seo.
Is féidir leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí eolas a thabhairt duit ar do chearta má bhíonn fadhbanna agat le seirbhís nó le soláthraí seirbhíse.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.