Tá cosaint dhlíthiúil ag tomhaltóirí in aghaidh téarmaí éagóracha sna conarthaí a dhéantar leo. Is éard is téarma éagórach ann i gconradh caighdeánta tomhaltóra ná téarma a thugann buntáiste suntasach don pháirtí eile. Is é sin le rá, go bhfuil ráiteas sa chonradh atá ina mhíbhuntáiste don tomhaltóir. D’fhéadfadh sé go mbeidh buntáiste ag an té a bheadh ag soláthar earraí nó seirbhísí ar an tomhaltóir trína leithéid de théarma éagórach a chur isteach i gconradh. Faoi Rialúcháin na gComhphobal Eorpacha (Téarmaí Éagóracha i gConarthaí Tomhaltóirí), 1995, áfach, is féidir conarthaí tomhaltóirí a thástáil le féachaint an bhfuil siad cóir. Níl éifeacht ar bith ag téarma a mheasann Cúirt é a bheith éagórach.
Is éard atá i gconradh ná comhaontú idir bheirt, nó níos mó ná sin, a bhfuil éifeacht dhlíthiúil aige. Nuair a cheannaíonn tú earraí nó seirbhís déanann tú conradh le soláthraí na n-earraí nó na seirbhísí sin. Conradh tomhaltóra a thugtar air seo. Is éard is tomhaltóir ann ná duine atá ag ceannach seirbhíse nó earra ó dhuine arb é a g(h)náthghnó é an tseirbhís nó an earra sin a dhíol.
Is féidir le conradh a bheith i scríbhinn nó ó bhéal. Is fusa a rá go cruinn céard iad na téarmaí atá i gceist i gconradh i scríbhinn ach is féidir conradh ó bhéal a chur i bhfeidhm de réir an dlí freisin. Is iomaí leagan amach ar féidir a bheith ar conarthaí tomhaltóirí agus níl aon riail daingean ann faoi na téarmaí ar chóir a bheith iontu.
Bíonn téarmaí i ngach conradh agus is iomaí cineál téarma a bhíonn i gconarthaí tomhaltóirí. Ní dhéantar tagairt do théarmaí atá intuigthe i gconradh tomhaltóra, bíodh sé i scríbhinn nó ó bhéal, ach tá siad ann mar sin féin. Sampla de théarma intuigthe is ea go mairfeadh an earra nó an tseirbhís ar feadh achar réasúnta ama nuair a chuirtear costas an earra nó na seirbhíse san áireamh. Is éard atá i téarmaí sainordaitheacha ná téarmaí a chaithfear a chur i gconarthaí de réir an dlí. Ní minic a fhaightear iad seo i gconarthaí tomhaltóirí. Is éard atá i gcroí-théarmaí ná na téarmaí sin a shocraíonn príomhchoinníollacha an chonartha. I gcás conradh le tomhaltóir, d’fhéadfadh na croí-théarmaí seo a rá céard é praghas an earra nó na seirbhíse. Ní dhéantar tagairt do croí-théarmaí ná do théarmaí sainordaithe i Rialúchán an AE um Théarmaí Éagóracha i gConarthaí Tomhaltóirí.
Cuireann na rialúcháin seo na cúinsí san áireamh a bhí ann ag conclúidiú an chonartha. Mar shampla, ar díoladh an t-earra nó an tseirbhís don tomhaltóir ar bhealach cóir cothrom.
Ní bhaineann na rialúcháin seo le haon téarma a ndearna an tomhaltóir agus táirgí an earra nó na seirbhíse socrú eatarthu féin mar gheall air. Ní bhaineann siad ach oireadh le conarthaí idir daoine aonair atá ag díol earraí nó seirbhísí nach mbaineann lena ngnáthchúrsaí gnó, nó le conarthaí idir ceannaí amháin agus ceannaí eile. Ní bhaineann na rialúcháin ach oireadh le conarthaí eile a bhfuil baint acu le fostaíocht, cearta comharbais, bunú comhlachtaí nó comhpháirtíochtaí.
Faoi mar a míníodh thuas, is ionann téarma éagórach i gconradh le tomhaltóir agus téarma a dhéanann difríocht shuntasach do chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe agus gurb é an tomhaltóir atá thíos leis. Tá trí phríomhrannóg a bhaineann le téarmaí éagóracha.
Níl an liosta seo iomlán. D’fhéadfadh téarmaí a bheith cóir fiú dá mbainfeadh siad le ceann de na rannóga thuas, agus fós b’fhéidir go ndéarfadh cúirt go raibh téarma éagórach is nach mbeadh baint dá laghad aige le rannóg ar bith acu.
Sáraíonn téarmaí éagóracha prionsabal na hintinne maithe. Má dhéanann tú conradh agus intinn mhaith agat ciallaíonn sé go bhfuil cuspóirí macánta agat. D’fhéadfaí sárú a dhéanamh ar phrionsabal seo na hintinne maithe, mar shampla, dá gcuirfí téarma isteach is mionchló an chonartha áit nach bhfeicfeadh an tomhaltóir é go réidh.
I gcás gach conradh scríofa, ní mór gach téarma a scríobh go soiléir simplí sothuigthe. Má tá amhras ann faoi théarma ar bith, glacfar leis an míniú is fabhraí don tomhaltóir. Má fhaightear go bhfuil téarma éagórach i gconradh, d’fhéadfadh ceangal dlíthiúil a bheith fós ar an tomhaltóir agus ar sholáthraí na n-earraí nó na seirbhísí an chuid eile den chonradh a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh téarma nó coinníoll amháin i gconradh a bheith in aghaidh an dlí ach go mbeadh an chuid eile den chonradh fós i bhfeidhm.
Ba chóir do dhaoine a bhfuil ábhar gearáin acu maidir le téarmaí éagóracha i conarthaí tomhaltóirí dul i dteagmháil leis an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (GNT). Tá seirbhísí seo saor in aisce.
De ghnáth ní thagann téarma éagórach i gconradh le tomhaltóir chun solais mura mbíonn fadhb éigin ann idir an té sin agus soláthraí na n-earraí nó na seirbhísí. Más dóigh leat go bhfuil téarma éagórach i gconradh a rinne tú ba chóir duit GNT a chur ar an eolas faoi.
Is féidir leis an GNT an téarma a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte ós í sin an t-aon áit ar féidir breith a thabhairt ag rá an bhfuil sé cóir nó éagóir. Is éard a tharlaíonn de ghnáth má chuireann tú scéala chuig an GNTná go ndéanann ionadaí iarracht an fhadhb leis an soláthraí a réiteach.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.