Baineann Treoir
an AE i leith Cleachtas Tráchtála Éagórach (Treoir 2005/28/CE an 11
Bealtaine 2005) le cleachtais tráchtála gnó-go-tomhaltóir éagóracha
(ní bhaineann sé le gnó idir gnóthaí). Forálann an tAcht
um Chosaint Tomhaltóirí 2007, a tháinig i bhfeidhm i mBealtaine 2007,
dá forfheidhmiú in Éirinn. Tá gach cuid den Acht curtha i bhfeidhm
(lasmuigh d'Ailt 48 agus 49 a bhaineann le formhuirir ar mhodhanna áirithe
íocaíochta – féach thíos).
Forálann an tAcht go gcuirtear cosc ar raon de chleachtais trádála
éagóracha, mhíthreoracha agus fhóbartacha más cosúil go laghdóidís go
mór do chumas rogha eolasach a dhéanamh maidir leis an táirge atá i gceist
agus go ndéanfá cinneadh faoi idirbheart dá mbarr nach ndéanfá murach iad.
Cuirtear cosc ar na cleachtais seo má chomhlíonann siad dhá choinníoll:
Forálann an reachtaíocht seo go gcuirtear cosc ar chleachtais áirithe i
gcónaí - ní chaithfidh na cleachtais seo an dara coinníoll a
chomhlíonadh.
Tugadh an fhreagracht don Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí chun
forálacha na reachtaíochta a fhorfheidhmiú. Tá ról ag an Bhainc Ceannais
na hÉireann freisin i bhforálacha a fhorfheidhmiú i réimse na seirbhísí
airgeadais. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo maidir
le forfheidhmiú.
Meastar go bhfuil cleachtas tráchtála éagórach má thagann sé salach ar riachtanais na dúthrachta gairmiúla. Is éard is brí leis seo ná go dtagann sé salach ar phrionsabal ginearálta an dea-rúin i réimse gníomhaíochta an trádálaí agus/nó ar chaighdeán na hoilteachta agus an chúraim ar féidir a bheith ag súil go gcuirfeadh an trádálaí ar fáil do thomhaltóirí.
Chuir reachtaíocht tomhaltóirí an bhí ann cheana féin cosc ar roinnt
cleachtais tráchtála mhíthreoracha, mar shampla fógraí míthreoracha.
Forálann an tAcht seo do liosta níos cuimsithí de chleachtais choiscthe.
Níor chlúdaigh an reachtaíocht roimhe maoin a dhíol ach tá sé
clúdaithe faoi scóip an Achta seo. Tá sé de chumhacht ag an Aire
Rialacháin a dhéanamh a leagann síos an cineál eolais a gcaithfear a chur
ar fáil le táirgí sainiúla agus le fógraíocht shainiúil.
Forálann an tAcht go bhfuil cleachtais áirithe maidir le:
míthreorach. Leagtar amach tuilleadh eolais maidir leis na cleachtais
shainiúla seo thíos:
Táirgí
Tá cleachtas tráchtála míthreorach má chuireann sé eolas bréagach ar
fáil, nó dá gcuirfeadh sé faoi deara duit a bheith meallta maidir le ceann
de na nithe seo a leanas:
Tugann an tAcht an chumhacht don Aire Rialacháin a dhéanamh a éilíonn go
dtugtar eolas sonraithe le táirgí áirithe.
Margaíocht agus fógraíocht
Tá cleachtas tráchtála a bhaineann le margaíocht nó fógraíocht
míthreorach má chuireann sé faoi deara don ghnáthdhuine a cheapadh gurb
ionann táirge iomaitheora agus táirge an trádálaí, nó gurb ionann ainm
trádála nó trádmharc nó gné nó marc ar leith eile agus marc an
trádálaí.
Cóid chleachtais
Tá cleachtas tráchtála míthreorach má thugann sé le fios go gcloíonn an
trádálaí le cód cleachtais nó go bhfuil sé ceangailte aige, agus go
dteipeann ar an trádálaí cloí le tiomantas daingean sa chód cleachtais
sin.
Eolas a fhágáil ar lár
Tá cleachtas tráchtála míthreorach má fhágann trádálaí eolas
tábhachtach ar lár, nó má cheileann sé é, a theastódh ón
ngnáth-thomhaltóir le cinneadh eolasach a dhéanamh.
Eolas nach bhfuil soiléir
Tá cleachtas tráchtála míthreorach má chuireann trádálaí eolas
tábhachtach ar fáil i mbealach atá doiléir, débhríoch nó míthráthúil,
nó mura n-aithníonn sé cuspóir tráchtála an chleachtais.
Modhanna íocaíochta
Cuireann an tAcht cosc ar an gcleachtas de chostas níos airde a ghearradh ar
chustaiméirí de bharr modhanna íocaíochta éagsúla. Níl sé de
chead ag trádálaithe atá sásta glacadh le híocaíochtaí le dhá
mhodh de na modhanna seo a leanas:
costas níos airde a ghearradh ar thomhaltóirí as modh
amháin de na modhanna seo a úsáid.
Dá réir sin, mar shampla, más féidir íoc as earraí le hairgead tirim nó
le cárta creidmheasa, ní féidir costas níos airde a ghearradh
ort as cárta creidmheasa a úsáid. Beidh sé dlíthiúil i gcónaí
táille a ghearradh ar íocaíocht le cárta creidmheasa mura bhfuil
aon mhodh íocaíochta eile ann nó má bhaineann an táille le gach
modh íocaíochta, ach caithfidh go gcuimsíonn an praghas a
luaitear táille dá leithéid.
Níor forghníomhaíodh na hailt maidir le modhanna íocaíochta i mBealtaine
2007 leis an gcuid eile den Acht. Tá sé beartaithe iad a fhorfheidhmiú níos
déanaí in 2007 i ndiaidh comhairliúcháin.
Is cleachtais fhóbartacha iad cleachtais a mbaineann ciapadh, comhéigean nó tionchar míchuí leo a chuireann isteach ar do saor-rogha agus a chuireann as do do chinntí ceannaigh. Leagann an tAcht amach roinnt samplaí de chleachtais fhóbartacha (ach ní liosta cuimsitheach atá ann). Airítear ar chleachtais tráchtála fhóbartacha:
Forálann an tAcht go mbíonn cosc ar chleachtais tráchtála áirithei gcónaí, is cuma cé acu a d'imreoidís tionchar ar chinneadh tomhaltóra nó nach n-imreodh. Áirítear orthu sin:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.