Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Cearta Tomhaltóirí > Bannaí le Táirgí

Print Page Send to a Friend

Bannaí le Táirgí

Eolas

Má tá fabht in earra a cheannaigh tú féadfaidh tú an t-earra a thabhairt ar ais don mhiondíoltóir le caoi a chur air nó ceann nua a fháil ina áit nó a luach a fháil ar ais. Tugtar do chearta reachtúla orthu seo. Má tá banna nó urrús ag earra beidh cosaint bhreise agat agus beidh na cearta céanna seo ag úinéir an earra e le linn tréimhse na hurraíochta.

Séard is banna nó urrús ann ráiteas scríofa ón déantúsóir nó ó aon chomhlacht eile. Tugann banna nó urrús le fios go ndeiseoidh an déantúsóir nó an comhlacht eile an t-earra lochtach nó go dtabharfar ceann nua ina áit ar feadh achar áirithe ama tar éis é a cheannach. Baineann oibligeáid dlí le banna. Mar sin is féidir an té nach ndéanann de réir a bhanna a thabhairt chun cúirte. Ba chóir an t-eolas seo leanas a bheith sa bhanna scríofa:

  • na hearraí atá faoi bhanna
  • ainm agus seoladh an té a bhfuil an banna air
  • fad ama an bhanna
  • an chaoi le éileamh a dhéanamh faoi (ba chóir go mbeadh sé chomh héasca céanna le gnáth-bheart gnó)
  • na nithe atá geallta ag an té a bhfuil banna air, agus
  • aon táille a bheadh le híoc ag an gceannaitheoir le táirge a dheisiú (postas agus pacáistiú, mar shampla)

Go hiondúil bíonn banna le táirgí ar nós earraí fadsaolacha tís (leithéidí gréithe cistine agus baill troscáin) agus earraí leictreacha. D'fhéadfadh urrús ar feadh achar áirithe ama a bheith le seirbhísí áirithe cothabhála a dhéanfaí i dteach (taisdhíonadh tí, mar shampla).

Duine ar bith a bhfuil táirge ina sheilbh aige féadfaidh sé an banna atá leis a úsáid go dtí go mbíonn sé as dáta. Is mór is fiú urrús a bheith le bronntanas a fhaigheann tú mar ní theastaíonn cruthúnas ceannaithe le héileamh a dhéanamh.

Barántais Sínte

D'fhéadfadh sé go dtairgeofaí baránta sínte duit le hearraí móra leictreacha ar nós inneall níocháin. Clúdaíonn baránta sínte an t-earra nó an tseirbhís tar éis dáta deiridh bhanna an déantúsóra. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort íoc as earra a dheisiú má bhriseann sé le linn tréimhse ama an bharántais shínte. Sula n-íocann tú as baránta sínte ba chóir dhuit smaoineamh ar an méid a chosnódh sé de ghnáth chun é a dheisiú. Mar shampla, má chosnaíonn baránta sínte le hinneall níocháin 60 euro agus má chosnaíonn sé thart ar 30 euro len é a dheisiú, chaithfeadh an t-inneall briseadh síos níos mó ná dhá uair le linn thréimhse an bháranta shínte lena luach a fháil.

Comhairle faoi urrúis agus barántaí

  • déan an banna a léamh agus a thuiscint i gceart
  • déan cinnte go gclúdaíonn an banna aon fhadhb a d'fhéadfadh a bheith agat
  • ná caill an banna
  • ná déan dearmad go bhfuil banna agat má bhíonn fabht san earra
  • smaoinigh go bhfuil cearta tomhaltóra agat i gcónaí

Tá an Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí eolas ar ráthaíochtaí agus barántas ar a láithreán gréasáin ar féidir leat a bheith úsáideach.

Rialacha

Tá bannaí clúdaithe ag codanna 15 - 19 den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980. Coinníoll ar bith i mbanna a deir gurb é an díoltóir nó an té a théann in urrús an t-aon eadránaí amháin i gcás éilimh, tá sé gan éifeacht.

Rataí

Go hiondúil ní bhaineann díoltóirí ná déantúsóirí táille amach ar bhannaí. D'fhéadfadh sé go mbeadh táille ar bharánta sínte ach ní cóir go gceapfá go bhfuil ort é a íoc os rud é go gcuireann urrús/baránta le do chearta mar thomhaltóir.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá téarmaí agus coinníollacha difriúla ag baint le bannaí éagsúla. Tá sé tábhachtach go dtuigfeá na coinníollacha seo agus tú ag ceannach táirge nó seirbhíse nó má tá tú ag brath an banna a úsáid. Eolas ar bith atá uait faoi bhannaí is féidir é a iarraidh in an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí.

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 October 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.