Cumarsáid idir sholáthraí agus custaiméir atá i gceist le ciandíolachán nuair nach bhfuil an bheirt acu i láthair a chéile. I bhfocail eile, tá díolacháin ar ríomh-phost, facs, guthán, siopadóireacht ar an idirlíon agus ordú poist i gceist.
Tá sé mar aidhm ag an Treoir Eorpach um Chiandíolachán (Treoir 97/7/EC) agus ag Rialacháin 2001 an AE (Cosaint Tomhaltóirí i dtaobh conarthaí déanta le cianchumarsáid ) (Ionstraim Reachtúil 207 de 2001) cinntiú gur féidir le tomhaltóirí a bheith ag súil leis an mbunleibhéal céanna cosanta is cuma cá bhfuil soláthraí lonnaithe san Aontas Eorpach, i Limistéar Eacnamaíoch Eorpach agus san Eilbhéis.
Tugadh isteach an Treoir Eorpach um Chiandíolachán (Treoir 97/7/EC) mar chuid de dhlí na hÉireann le Rialacháin 2001 an AE (Cosaint tomhaltóirí i dtaobh conarthaí déanta le cianchumarsáid) (Ionstraim Reachtúil 207 de 2001).
Faoi Rialacháin 2001 an AE (Cosaint Tomhaltóirí i dtaobh conarthaí déanta le cianchumarsáid) (Ionstraim Reachtúil 207 de 2001):
Ní chlúdaíonn an Treoir agus na Rialacháin:
Sa bhreis ar sin ní bhaineann na Rialacháin le:
Cuimhnigh go mbeidh cosaint ann duit i gcónaí faoi ghnáthreachtaíocht an tomhaltóra is cuma más in Éirinn nó i mballstát eile a cheannaíonn tú na hearraí, mar shampla má cheannaíonn tú na hearraí sa RA beidh cosaint ann duit faoi Rialacháin Chiandíolacháin agus faoi Acht um Dhíolachán Earraí 1979 an RA.
Ní mór go mbeadh na nithe seo luaite i gcianchonradh:
Níl cianchonarthaí infheidhmithe muna bhfuil an t-eolas seo curtha ar fáil ag an soláthraí roimh an gconradh a chur i gcrích agus muna bhfuil sé ráite go soiléir gur le cúinsí tráchtála atá an conradh molta. Ní mór don soláthraí é seo a chur in iúl i scríbhinn don tomhaltóir.
Ní mór don soláthraí an conradh a dhaingniú i scríbhinn leis an tomhaltóir roimh nó ag an am go ndéantar an t-earra nó an tseirbhís a sheachadadh. San áireamh sa dhaingniú scríofa seo ba cheart go mbeadh:
Tá tréimhse fuaraithe de 7 lá ag dul do thomhaltóirí, tréimhse a thosnaíonn leis an lá ar a bhfaigheann siad an táirge. I gcás seirbhísí, tosnaíonn an tréimhse fuaraithe ar an lá gur cuireadh an conradh um chiandíolachán i gcrích nó an lá go bhfuair an tomhaltóir daingniú i scríbhinn den chonradh. Is féidir leis an tomhaltóir cianchonarthaí a chur ar ceal gan aon fáth a thabhairt agus gan aon chostas titim air/uirthi ná aon phionóis eile seachas b'fhéidir costais na n-earraí a chur ar ais sa tréimhse fuaraithe. Má theipeann ar sholáthraí daingniú i scríbhinn a chur ar fáil déantar an tréimhse fuaraithe a mhéadú chuig trí mhí ón dáta go bhfuair an tomhaltóir na hearraí nó an dáta gur cuireadh an conradh le seirbhísí a sholáthar i gcrích.
Nuair a chuirtear conradh ar ceal, ní mór don chiandíoltóir aisíoc a chur ar fáil don tomhaltóir taobh istigh de 30 lá. Cuirfear ar neamhní freisin aon chomhaontú creidmheasa a cuireadh i gcrích ag am an chonartha nuair a dhéantar an conradh féin a chur ar ceal.
Ní ghlacfar, áfach, le conradh a chur ar ceal sna cúinsí seo a leanas:
Nuair a dhéantar earraí a ordú ó stát eile den AE tá CBL iníoctha ag an ráta cuí i do thír féin nó ag an ráta cuí i dtír an díoltóra. Go ginearálta, gearrfaidh an díoltóir an ráta is fearr gur féidir agus bíonn sé san áireamh go hiondúil sa phraghas atá luaite do na hearraí.
Má baineadh úsáid chalaoiseach as cárta creidmheasa is féidir leis an tomhaltóir íocaíochtaí ar bith a rinneadh faoi chianchonradh a chur ar ceal agus tá sé/sí i dteideal aisíocaíochta ar na híocaíochtaí sin láithreach. Is féidir íocaíochtaí a chur ar ceal ach dul i dteagmháil leis an mbanc nó leis an gcumann foirgníochta lena bhfuil an cuntas creidmheasa agat. Ba cheart an uimhir ghutháin a choinneáil in áit sábháilte i gcónaí ar fhaitíos í a bheith ag teastáil uait.
Má fheiceann tú nó fiú má cheapann tú go bhfuil úsáid chalaoiseach dhá bhaint as do chárta ba cheart duit dul i dteagmháil leis an institiúid airgeadais chuí láithreach.
Má baineadh úsáid chalaoiseach as do charta, ní féidir le do fiachas dul thar 150 euro de réir Moladh AE 97/489/EC. Bíonn an fiachas in Éirinn, áfach, níos lú i ngníomh.
Tá sé in aghaidh an dlí ag soláthraí íocaíocht a lorg ar sheirbhísí nár iarr an tomhaltóir. Sampla maith iad clubanna leabhar agus is iad is coitianta a bhaineann úsáid as díolachán inertia. Má chuireann comhlacht earra chugat nár ordaigh tú agus mura féidir é a chur ar ais sa phost ní féidir leis ansin sonrasc a chur chugat don earra ná an dlí a chur ort le fiach a bhailiú. Ach, má tá conradh agat le comhlacht agus má fhaigheann tú leabhair nó dlúthdhioscanna nach dteastaíonn uait ba cheart duit an conradh a scrúdú ar fhaitíos go bhfuil iachall ort earraí a ghlacadh 4 nó 5 bhabhta sa bhliain. Sa chás seo, ní féidir a rá gur díolachán inertia atá i gceist. Tá sé fíor-thábhachtach mar sin duit an conradh a léamh go soiléir sula gceanglaíonn tú tú féin leis.
Ní féidir cianchonarthaí a chur i bhfeidhm má bhain an soláthraí úsáid as inneall uathoibríoch le glaoch nó as inneall facs leis an gconradh a chur i gcrích gan cead an tomhaltóra a bheith faighte ar dtús.
Ní féidir le tomhaltóir na cearta a bhronnann Rialacháin an AE 2001 (Cosaint tomhaltóirí i dtaobh conarthaí déanta le cianchumarsáid) (Ionstraim Reachtúil 207 de 2001) air/uirthi a chur ar neamhní.
Má tá gearán le déanamh agat ba cheart duit i dtús báire dul i dteagmháil leis an soláthraí agus do ghearán a chur in iúl dó/dí.
Má tá gearán agat a bhaineann le soláthraí anseo in Éirinn ba cheart an gearán sin a chur chuig an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí, a bhfuil cúram uirthi Rialacháin an AE 2001 (Cosaint tomhaltóirí i dtaobh conarthaí déanta le cianchumarsáid) (Ionstraim Reachtúil 207 de 2001) a chur i bhfeidhm. Is féidir leis oifigigh a cheapadh le áitribh soláraithe ciontacha a chuardach, cáipéisí a scrúdú agus a thabhairt leo.
Má theipeann ar sholáthraí cloí leis na dualgais dlithiúla beidh an cianchonradh neamhinfheidhmithe. Beidh baol ann ansin don soláthraí go gcuirfear coir choiriúil ina leith agus is féidir fíneáil suas le €3,800 a ghearradh ar dhuine.
Is féidir le heagraíochtaí cosanta don tomhaltóir cásanna a thabhairt os comhair na hArdchúirte leis na Rialacháin a chur i bhfeidhm.
Is féidir freisin teagmháil a dhéanamh leis an Ionad don Tomhaltóir Eorpach (ECC), a rachaidh i dteagmháil leis an gcomhlacht le hiarracht a dhéanamh do chonspóid a réiteach. Ach, má theipeann air seo an conspóid a réiteach cuirfidh ECC Bhaile Átha Cliath do chás ar aghaidh chuig a Theach Imréiteach, rannóg dá chuid, chun gur féidir leisdo chás a sheoladh chuig eagraíocht a bhíonn ag plé le Réiteach Malartach ar Aighnis sa tír eile.
Bealach é Réiteach Malartach ar Aighnis le teacht ar réiteach ar aighnis taobh amuigh den chóras cúirte. De ghnáth is idirghabháil nó eadráin a bhíonn i gceist. Ní cheart ADR a úsáid ach amháin nuair nach bhfuil bealach ar bith eile fágtha. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le heagraíochtaí ADR san AE ach dul i dteagmháil leis an Teach Imréiteach ag ECC Bhaile Átha Cliath.
Tá láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí eolas ar siopadóireacht ó bhaile.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Ionad Macra
1 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 879 7620
Facs:+353 (0)1 873 4328
Láithreán Gréasáin: http://www.eccireland.ie/
R-phost: info@eccireland.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.