Print Page Send to a Friend

Na héarlaisí

Eolas

Is éard is éarlais ann ná íocaíocht a thugann tomhaltóir do mhiondíoltóir mar léiriú go bhfuil sé ar intinn aige earra nó seirbhís a cheannach. Is faoin tomhaltóir agus an soláthraí méid na héarlaise agus cathain a íocfar an t-iarmhéid a shocrú. Trí éarlais cruthaítear conradh idir tusa, an tomhaltóir, agus soláthraí an earra nó na seirbhíse. Tá sé tábhachtach go dtuigfeá d’oibleagáidí agus éarlais á híoc agat (m.sh. cathain is gá an t-iarmhéid a íoc, méid na híocaíochta, srl.). Ní mór duit oibleagáidí an tsoláthraí a thuiscint freisin (m.sh. cathain a chuirfear an t-earra ar fáil).

Rialacha

Bíonn sé níos éasca do chuid cearta agus freagrachtaí a thuiscint má bhíonn mionsonraí an chonartha agat i scríbhinn, ach is féidir conradh béil a chur i bhfeidhm freisin. Mura gcomhlíonann an soláthraí téarmaí an chonartha (m.sh., moill suntasach ar sheachadadh an earra), seans go mbeidh sé de cheart agat aisíoc d’éarlaise a éileamh. Má íoctar éarlais le soláthraí chun earra a choinneáil duit, agus ansin má thagann tú ar athrú intinne faoi agus socrú tú gan an t-iarmhéid a íoc, seans nach mbeidh dualgas ar an soláthróir d’éarlais a aisíoc leat.

Má cheannaíonn tú earraí (nó má íocann tú éarlais) agus má théann an díoltóir as gnó roimh sheachadadh na n-earraí sin, d’fhéadfadh sé bheith deacair na hearraí nó aisíoc a fháil. I gcásanna mar seo is gnách go mbíonn go leor fiacha amuigh ar an díoltóir agus nach mbíonn ionatsa ach duine eile ar an liosta. Tá rialacha ann maidir leis an tosaíocht ar chóir a thabhairt do fhiacha éagsúla i gcás comhlacht a théann as gnó. Go ginearálta, bíonn tosaíocht réasúnta íseal ag an gcustaiméir aonar. Má d’íoc tú ar son na n-earraí le cárta creidmheasa, b’fhiú dul i dteagmháil le comhlacht an chárta ar an seans nár íocadh an t-airgead fós nó go mbeifí in ann é a chur ar cheal – ní ceart é seo agat ach seans go mbeifí in ann é a dhéanamh duit.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cearta Tomhaltóirí in Éirinn
    Is iad dlíthe na hÉireann agus an AE a thugann cosaint do chearta thomhaltóirí earraí agus seirbhísí in Éirinn.
  • Aisíocaíochtaí, Nótaí Sochair agus Dearbháin
    Má ghlactar le gearán a dhéanann tú tar éis earraí neamhfheidhmeacha nó lochtacha a cheannach, tá tú i dteideal earra nua, deisiú nó aisíoc a fháil. Míníonn an cháipéis seo do chearta maidir le haisíocaíochtaí.
  • Ciandíolachán
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na rialacha a bhaineann le ciandíolachán, bíodh sin ina dhíolachán ar an Idirlíon, tríd ríomh-phost, facs, orduithe tugtha ar an nguthán &rl.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.