Is achoimre í an méid seo a leanas ar dhlí na dtomhaltóirí in Éirinn. Leagann sí amach na bunrialacha nuair a cheannaíonn tú earraí agus seirbhísí. Tá naisc ann freisin chuig eolas níos mionsonraithe a mhíníonn do chearta i gcúinsí faoi leith.
Is iad dlíthe na hÉireann agus an AE a thugann cosaint do chearta thomhaltóirí earraí agus seirbhísí in Éirinn. Is éard is aidhm le dlí na dtomhaltóirí ná go mbíonn a ndóthain eolais ag tomhaltóirí faoi phraghsanna agus cáilíocht na dtáirgí agus na seirbhísí chun roghanna feiliúnacha ceannaigh a dhéanamh. Bíonn an aidhm ag dlí na dtomhaltóirí freisin chun a chinntiú go mbíonn earraí sábháilte agus déanta chuig caighdeán inghlactha.
Ní théann dlí na dtomhaltóirí i bhfeidhm ach i gcúinsí áirithe agus braitheann sé ar an gcineál conartha a bhíonn idir an tomhaltóir agus soláthraí na míreanna nó na seirbhísí i gceist. Míníonn an méid seo a leanas an té is tomhaltóir ann agus an ní is conradh ann.
Sainmhínítear an tomhaltóir go ginearálta i ndlí na hÉireann mar dhuine nádúrtha a cheannaíonn earraí nó seirbhís lena leas go pearsanta nó lena dtomhailt ó dhuine éigin arb é a ngnó é earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar.
De réir an dlí, ní tomhaltóir tú
Is comhaontú foirmiúil idir beirt nó níos mó daoine é conradh ar infheidhmithe faoin dlí é. Iontrálann tú i gconradh leis an díoltóir nuair a cheannaíonn tú earraí nó seirbhísí. Is téarmaí atá i mbunús na gconarthaí, ar féidir le roinnt acu a bheith ina dtéarmaí intuigthe. Féadann conarthaí a bheith i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm béil. Is fusa a bheith feasach faoi théarmaí conartha scríofa ach is infheidhmithe sa dlí freisin é an conradh béil. Féadann go leor éagsúlachtaí a bheith idir conarthaí agus ní bhíonn aon rialacha dochta daingne ann a rialaíonn na téarmaí ar ceart a bheith i gconradh tomhaltóireachta. Ní foláir do théarmaí i gconarthaí tomhaltóirí a bheith cothrom agus soiléir don tomhaltóir i gcónaí. Feidhmíonn na rialacha ginearálta seo a leanas do chonarthaí tomhaltóirí.
Is é an tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 a thugann cosaint do chonarthaí tomhaltóirí.
Faoin Acht seo bíonn roinnt ceart ag ceannaitheoir earraí - is iad seo na príomhchinn
Nuair a cheannaíonn tú earraí i ndíolachán bíonn na cearta céanna agat agus nuair a íocann tú an lánphraghas as na hearraí.
Má bhíonn conradh agat le soláthraí seirbhísí, féadfaidh tú a bheith ag dúil le:
Má thiteann rudaí sa bhfraoch, is é an díoltóir i gcónaí ar cheart cúrsaí a dheasú. Mar riail ghinearálta, féadann an díoltóir an mhír a dheisiú nó a ionadú. Féadann siad costais na míre nó na seirbhíse don tomhaltóir a aisíoc mar mhalairt pholasaí. Mura mbíonn tú sásta le caighdeán na n-earraí ná na seirbhísí is féidir leat
Ní bhíonn aon fhorais sásaimh agat más rud é
Ní bhíonn iallach ar mhiondíoltóirí aisíocaíochtaí ná nótaí sochair a thabhairt sna cúinsí thuas fiú má thaispeánann tú cruthúnas ceannaigh.
Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faoi deara nach mbíonn aon rialacha dochta daingne ann faoin réiteach áirithe ar chóir duit a bheith i dteideal dó. Nuair a bhítear ag lorg sásaimh d’fhadhbanna le hearraí nó le seirbhísí, ní mór cúinsí gach cás ar leith a thabhairt san áireamh.
Is í Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí (OSGT) an oifig reachtúil leis an bhfreagracht chun comhairle agus eolas a chur ar fáil do thomhaltóirí faoina gcearta. Ina theannta sin, bíonn freagracht ag an Stiúrthóír Gnóthaí Tomhaltóirí as forghníomhú réimse leathan de dhlíthe cosanta tomhaltóirí. Ní théann an OSGT chun idirghabhála i saincheisteanna aonair nó i ndíospóidí idir tomhaltóirí agus díoltóirí earraí nó soláthraithe seirbhísí. Is féidir leis an OSGT comhairle a thabhairt duit, ámh; má bhíonn fadhb tomhaltóireachta faoi leith agat.
Is geallúint nó dearbhú í ráthaíocht - go speisialta ceann a thugtar i scríbhinn - le déantúsóir nó soláthraí ar fianaise í ar chaighdeán nó marthanacht táirge nó seirbhíse. Is geall freisin é go bhfeidhmeofar gníomh éigin ar bhealach sonraithe ag an ráthóir.
Ní fheidhmíonn ráthaíochtaí in ionad buncheart, mar a thuairiscítear thuas, chun earraí indíolta a fháil. Soláthraíonn ráthaíochtaí cosaint bhreise d’earraí agus seirbhísí ar feadh achair shocraithe. Féadann tomhaltóir a roghnú chun éileamh a dhéanamh faoi ráthaíocht ach níl aon iallach air chun a dhéanamh amhlaidh . Is féidir duine ar bith i seilbh earraí ráthaíocht a úsáid le linn na tréimhse ráthaíochta; d’fhéadfadh sí a bheith áisiúil má fhaigheann tú bronntanas agus gur lochtach é.
Is íocaíocht í éarlais a dhéantar chuig soláthraí táirge nó seirbhíse ag tomhaltóir a thugann mian le fios chun táirge a cheannach. Is ábhar idir an tomhaltóir agus an soláthraí é méid na héarlaise agus uainiú íocaíocht an fhuílligh. Cruthaítear conradh idir tusa mar thomhaltóir agus an soláthraí mar sholáthraí an táirge nó na seirhbíse nuair a íocann tú éarlais d’earraí. Ba chóir go mba shoiléir duit ag tráth íoctha na héarlaise faoi d’iallach ann (m.sh. cathain a chaitheann tú an fuílleach a íoc, cé mhéad a bheidh i ngach aon íocaíocht srl.). Ba cheart go mba shoiléir duit freisin faoi dhualgais an tsoláthraí (m.sh. cathain a bheidh an táirge ar fáil).
Is éasca i gcónaí fios do chearta agus d’fhreagrachtaí a bheith agat má bhíonn mionsonraí an chonartha i scríbhinn agat; bíonn conradh béil infheidhmithe freisin ámh. Mura gcloíonn an soláthraí le téarmaí an chonartha (m.sh. seachadadh tárige ag glacadh i bhfad níos faide ná mar a maíodh) b'fhéidir go mbeadh ceart agat chun d'éarlais a fháil ar ais. Má íocann tú éarlais chuig soláthraí a choinníonn seilbh ar earra mar chúiteamh duit agus go n-athraíonn tú d'intinn faoi íoc an fhuílligh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ar an soláthraí i ngach aon cheann de na himthosca seo d’éarlais a thabhairt ar ais chugat.
Má cheannaíonn tú earraí (nó má íocann tú éarlais astu) agus go n-éagann gnó an díoltóra sula seachadtar iad; b’fhéidir go mbeadh deacrachtaí móra agat chun na hearraí nó d’airgead a fháil ar ais. Is gnách go mbíonn an díoltóir sna cúinsí seo i bhfiacha do roinnt daoine, agus gur ceann amháin as go leor é d’éileamhsa. Tá rialacha ann don tosaíocht le tabhairt chuig fiacha éagsúla sa chás go dtéann an ghnólacht faoi leachtú nó faoi ghlacadóireacht. Bíonn an custaiméir aonair go híseal san ord tosaíochta de ghnáth. Má íoc tú as na hearraí le cárta creidmheasa, is fiú go mór dul i dteagmháil le comhlacht an chárta chreidmheasa óir gur dóichí nár íoc siad an íocaíocht nó gur féidir leo í a chealú - ní bhíonn ceart agat chun é sin a dhéanamh ach féadann an comhlacht chárta creidmheasa é sin a dhéanamh ar do shonsa.
Bíonn tomhaltóirí i dteideal d’fhaisnéis a thugann cosaint dóibh ó éilimh bhréagacha faoi earraí, seirbhísí agus praghsanna faoin an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007. Faoin acht seo is cion é d’aon miondíoltóir nó gairmí éileamh bréagach nó míthreorach a dhéanamh faoi earraí, seirbhísí agus praghsanna. Is cion é freisin chun earraí a dhíol ar a mbíonn tuairisc bhréagach nó mhíthreorach.
Ní mór éilimh faoi mheáchan, bunábhair agus feidhmiú earraí a mhaíomh go fírinneach. Ní foláir d’eilimh a dhéantar faoin gcaoi ina n-oibríonn míreanna agus faoin áit a ndearnadh iad a bheith fíor.
Caitheann éilimh faoin am, áit nó faoin gcaoi ina soláthraítear seirbhís agus éilimh faoi éifeacht seirbhísí agus na soláthraithe seirbhíse a bheith fíor freisin.
Clúdaíonn an t-acht seo éilimh faoi phraghsanna. Ní foláir praghsanna iarbhír, praghsanna roimhe agus praghsanna molta d'earraí agus seirbhísí a shloinneadh go fírinneach. Sa chás go maítear praghas, ba cheart go mba shoiléir céard í an mhír lena mbaineann sé. Ba chóir gurb é an praghas iomlán é agus níor cheart aon bhreisithe folaithe a bheith leis. Má dhéanann miondíoltóir meancóg, ní bhíonn an ceart ag an gceannaitheoir chun a éileamh go ndíoltar na hearraí leo ag an bpraghas marcáilte.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.