Faoin dTreoir Eorpach um ghnéithe faoi leith a bhaineann le díol earraí tomhaltóra agus comhbhannaí (1999/44/EC), a tháinig i bhfeidhm sa dlí i mí Eanáir 2003 in Éirinn, tá bunchearta tomhaltóra ag gach tomhaltóir a cheannaíonn earraí in aon bhallstát den AE.
D'fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh cearta tomhaltóra bronnta ort ag dlíthe náisiúnta tomhaltóra i dtír faoi leith. Tá sé mar bhuncheart tomhaltóra agat earra nua, é a fháil deisithe nó d'airgead, nó cuid dó, a fháil ar ais má bhíonn aon locht ar an táirge nár cuireadh in iúl duit nuair a cheannaigh tú é. Tá rialacha áfach a bhaineann leis seo, baineann siad don chuid is mó le cur síos agus ráitis maidir leis an táirge, an t-am, treoracha agus banna.
Nithe soghluaiste iad earraí tomhaltóra, gan leictreachas, uisce ná gás a bheith san áireamh, nuair nach bhfuileadar le díol i méid teoranta. Mar shampla ní earraí tomhaltóra iad uisce ó sconna nó gás atá dhá sholáthar chuig do theach ach is earraí tomhaltóra iad buidéal uisce nó ceaineastar gáis.
Ní mór go mbeadh ráitis i dtaobh earraí tomhaltóra fíor nó is é/í an miondíoltóir atá freagrach. San áireamh tá cur síos déanta i mbolscaireacht, margaíocht, lipéidí nó ráitis déanta ag an miondíoltóir. Má thaispeáintear earra samplach duit, ní mór go mbeadh an t-earra a cheannaíonn tú den chaighdeán céanna. Ní mór go mbeadh an táirge in ann don ghnó lenar ceannaíodh é (mar shampla má cheannaíonn tú stánosclóir ní mór go mbeadh sé in ann cannaí a oscailt).
Más cuid den phraghas ceannaithe é an t-earra a shuiteáil tá an miondíoltóir freagrach ansin as aon bhotún a dhéantar maidir leis an suiteáil. Más tú féin a dhéanann an t-earra a shuiteáil agus má bhíonn aon bhotún sna treoracha tugtha is é/í an miondíoltóir atá freagrach. Mar shampla, má cheannaigh tú leaba gur gá duit a chur le chéile thú féin agus má tá na treoracha scríofa i Sínis, ní mór don mhiondíoltóir treoracha a chur ar fáil i mBéarla ach amháin gur chuir sé/sí é seo in iúl duit nuair a cheannaigh tú an leaba agus gur ofráil sé an leaba duit ar phraghas laghdaithe.
Má bhíonn na hearraí lochtach sa chéad sé mhí, deirtear go raibh siad lochtach ag am an cheannaithe. Beidh lánchearta agat i gcónaí ar feadh bliana go leith eile ach faoi sin beidh ort a chruthú don mhiondíoltóir go bhfuil an táirge lochtach. Baineann seo amháin leis an gcineál earra nár cheart dó a bheith lochtach taobh istigh de thréimhse dhá bhliain, mar shampla, ní ceart duit gearán a dhéanamh maidir le peann aon uaire má ritheann an dúch amach tar éis ceithre mhí ach amháin go raibh sé ráite go soiléir go mairfeadh sé ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre mhí.
Is féidir leat banna a iarraidh, agus ba cheart a bheith san áireamh tréimhse an bhanna, a limistéar teorann agus ainm agus seoladh an urra. Ba cheart go mbeadh sé ar fáil i dteangacha oifigiúla an AE. Ní féidir leis an mbanna dul faoi na cearta atá agat faoin dTreoir nó i reachtaíocht náisiúnta.
Nuair atá gearán le déanamh maidir le táirge ba cheart duit ar dtús dul i dteagmháil leis an miondíoltóir agus é/í a chur ar an eolas maidir leis an ngearán atá agat. Munar féidir an fhadhb a réiteach go sásúil leis an míondíoltóir taobh istigh de thréimhse chuí, is féidir leat céimeanna eile a thógáil. Má bhaineann do ghearán le miondíoltóir in Éirinn, ba cheart duit gearán a chur chuig an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí.
Má cheannaigh tú earraí i mBallstát eile den AE is féidir leat cúnamh a fháil ó Ionad Eorpach an Tomhaltóra (ECC) i mBaile Átha Cliath. Déanfaidh ECC Bhaile Átha Cliath idirghabháil ar do shon leis an gcomhlacht sa bhallstát eile chun teacht ar réiteach cairdiúil. Má theipeann air seo cuirfidh ECC Bhaile Átha Cliath do chás ar aghaidh chuig a Theach Imréiteach, rannóg dá chuid, ionas gur féidir an cás a sheoladh chuig eagraíocht a bhíonn ag plé le Réiteach Malartach ar Aighnis (ADR) sa tír eile.
Bealach é Réiteach Malartach ar Aighnis le teacht ar réiteach ar aighnis taobh amuigh den chóras cúirte. De ghnáth is idirghabháil nó eadráin a bhíonn i gceist. Ní cheart ADR a úsáid ach amháin nuair nach bhfuil bealach ar bith eile fágtha. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le heagraíochtaí ADR san AE ach dul i dteagmháil leis an Teach Imréiteach ag ECC Bhaile Átha Cliath.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Ionad Macra
1 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 879 7620
Facs:+353 (0)1 873 4328
Láithreán Gréasáin: http://www.eccireland.ie/
R-phost: info@eccireland.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.