Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Cearta Tomhaltóirí > Eagrais Chosanta Tomhaltóirí

Print Page Send to a Friend

Eagrais Chosanta Tomhaltóirí

Eolas

Tá roinnt comhlachtaí reachtúla agus deonacha tomhaltóirí ann in Éirinn. Tá na comhlachtaí sin ann chun tú a chur ar an eolas faoi do chearta mar thomhaltóir agus chun cuidiú leat na cearta sin a chur i bhfeidhm. Tuairiscíonn an rannóg seo ar na príomh-eagrais a thugann comhairle do dhaoine faoina gcearta mar thomhaltóirí. Tugtar faisnéis anseo ar chomhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí tomhaltóirí do cheannaitheoirí earraí agus seirbhísí in Éirinn agus i mBallstáit eile den AE. Tá roinnt comhlachtaí rialála agus ionadaíocha eile ann do ghnónna sonracha a mbíonn ról acu i gcosaint an tomhaltóra. Tugtar tuairisc orthu seo sna codanna ábhartha den thairseach tomhaltóirí trí chéile.

Ós éagsúil gach tomhaltóir ó chéile, bíonn sé áisiúil dá réir chun dul i gcomhairle leis an eagras iomchuí a d'fhéadfadh comhairle a thabhairt duit faoi do chearta agus do theidlíochtaí.

Rialacha

Má bhíonn gearán tomhaltóra agat ba chóir duit teagmháil a dhéanamh i gcónaí le soláthraí na n-earraí nó le soláthraí na seirbhíse ar dtús. Is minic saincheisteanna a bheith socraithe trí labhairt leis an miondíoltóir nó leis an úinéir. Mura féidir leis an miondíoltóir nó leis an soláthraí seirbhíse ná mura dtabharfaidh siad cúnamh duit fíú tar éis duit do ghearán a chur i scríbhinn, féadann tú teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht ábhartha le haghaidh eolais. B’fhéidir go dteastófaí uait faoi dheireadh thiar chun smaoineamh faoina dhul os comhair Chúirt na nÉileamh Beag nó chuig eadráin nó idirghabháil chun réiteach a lorg.

Ba cheart duit cinntiú go bhfuil an t-eolas ceart agat sula dtugann tú faoi aon ghníomh. Tabharfaidh ceann ar bith de na comhlachtaí a liostaítear sa rannóg seo comhairle duit faoi do chearta agus na céimeanna le tógáil chun sásamh a éileamh.

Bíonn freagrachtaí éagsúla ag comhlachtaí éagsúla ó thaobh chearta na dtomhaltóirí de. Pléann Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí (OSGT), mar shampla, le gearáin tomhaltóirí agus le beartas ag an leibhéal náisiúnta. Léigh tuilleadh faoin OSGT anseo. Pléann Lárionad Eorpach na dTomhaltóirí le gearáin tomhaltóirí sa chomhthéacs trasteorann. Bíonn freagracht ag an Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí as eolas a sholáthar do thomhaltóirí faoi sheirbhísí airgeadais.

Conas Iarratas a dhéanamh

Is féidir leat dul i dteagmháil le haon cheann de na heagrais a liostaítear thíos trí mheán teileafóin, ríomhphoist nó litreach. Ba cheart duit seiceáil an féidir leat cuairt a thabhairt ar a n-oifigí sula dtaistealaíonn tú chucu. Féadann tú an t-eolas ar a suíomh gréasáin a sheiceáil freisin sula ndéanann tú teagmháil leo.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí (OSGT)

Is oifig reachtúil í Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí. Tá raon cumhachtaí ag an Oifig maidir le heolas agus cosaint do thomhaltóirí. Níl ról ag an Stiúrthóir maidir le sásamh a fháil duitse. Má thiteann cailliúint nó damáiste ort de bharr éilimh bhréagaigh nó mhíthreoraigh faoi earraí nó seirbhísí, ba cheart duit sásamh a lorg ón trádálaí agus, más gá, féadann tú agair a thabhairt do dhamáistí sa ghnáthbhealach trí na cúirteanna.

Bíonn an fhreagracht ag an Oifig chun tomhaltóirí a chur ar an eolas agus a chomhairliú faoina gcearta.

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Cumann Tomhaltóirí na hÉireann

Is comhlacht deonach é Cumann Tomhaltóirí na hÉireann arb é a aidhm chun tomhaltóirí Éireannacha a chur ar an eolas, a chosaint agus chun feidhmiú ar a sonsa. Cuireann sé seirbhís eolais agus comhairle ar fáil do thomhaltóirí. Téann Cumann na dTomhaltóirí i mbun feachtas freisin chun reachtaíocht fheabhsaithe a fháil do thomhaltóirí.

Cumann Tomhaltóirí na hÉireann

43-44 Bóthar Chelmsford
Raghnallach
Baile Átha Cliath 6
Éire

Teil:+353 (0)1 4978600
Facs:+353 (0)1 4978601
Láithreán Gréasáin: http://www.consumerassociation.ie/
R-phost: cai@consumerassociation.ie

An tÚdarás um Chaighdeáin Fhógraíochta

Is comhlacht deonach féin-rialaitheach de chleachtóirí fógraíochta é seo, a phléann le gearáin faoi chaighdeáin fhógraíochta. Tá ann do chóid deonacha caighdeán agus féadann tú gearán a dhéanamh faoi bhristeacha na gcaighdeán sin. Baineann na cóid seo le Caighdeáin Fhógraíochta agus le Cleachtas maidir le Cur chun Cinn Díolachán.

Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn

Teach Ferry
48 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 613 7040
Facs:+353 (0)1 613 7043
Láithreán Gréasáin: http://www.asai.ie
R-phost: info@asai.ie

Banc Ceannais na hÉireann

Tá an Bhainc Ceannais na hÉireann freagrach as comhlachtaí seirbhísí airgeadais uile a rialú ó Meán Fómhair 2010 i leith. Tá feidhmeanna sonracha ag an Bhainc Ceannais maidir le cosaint tomhaltóirí agus cearta tomhaltóirí.

Déanann sé maoirseacht ar chomhlachtaí airgeadais lena chinntiú go gcomhlíonann siad an reachtaíocht agus cóid iompair. Cinntíonn an t-údarás go mbíonn institiúidí airgeadais sócmhainneach, rud a thugann misneach do thomhaltóirí go mbíonn a gcuid taiscí agus infheistíochtaí slán.

Banc Ceannais na hÉireann

Rialachán Airgeadais
Boisce Phoist 9138
Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 224 6000
Lóghlao:1890 777 777
Facs:(01) 671 6561
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie/regulation/Pages/home.aspx
R-phost: enquiries@centralbank.ie

Lárionad Eorpach na dTomhaltóirí (ECC)

Soláthraíonn Lárionad Eorpach na dTomhaltóirí seirbhís eolais agus comhairle shaor in aisce faoi chearta tomhaltóirí san AE. Is cuid é de líonra ar fud an AE de lárionaid tomhaltóirí agus féadann sé cuidiú leat chun díospóidí tomhaltóra a réiteach a thagann chun cinn i mballstáit eile de chuid an AE. Déanann sé an méid sin trí iarracht a dhéanamh chun an díospóid a réiteach go díreach, agus má theipeann air sin, trí do chás-sa a tharchur chuig an Líonra Eorpach Seachbhreithiúnach (EEJ-Net). Is iad Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí agus an Coimisiún Eorpach a chomhchistíonn an Lárionad.

Lárionad Eorpach na dTomhaltóirí

Ionad Macra
1 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 879 7620
Facs:+353 (0)1 873 4328
Láithreán Gréasáin: http://www.eccireland.ie/
R-phost: info@eccireland.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Gearáin Úsáideoirí
    Cur síos gairid ar an gcóras le deileáil le gearáin úsáideoirí agus an ról atá ag Stiúrthóir Gnóthaí na nÚsáideoirí.
  • Réiteach Malartach ar Dhíospóidí in Éirinn
    You may be able to resolve a dispute that you have with a company in Ireland using alternative dispute resolution. This document describes what alternative dispute resolution is and how it might be useful to Irish consumers.
  • Conas gearán tomhaltóra a dhéanamh
    Soláthraítear cearta áirithe faoi reachtaíocht tomhaltóirí na hÉireann do cheannach earraí nó seirbhísí. Leideanna ar conas gearán a thabhairt go héifeachtach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.