Is iad príomhfheidhmeanna na GNT ná:
Agus a cuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aici, ní mór don GNT dul i mbun
gníomhaíochtaí éagsúla agus tá cumhachtaí éagsúla aici. Áirítear leo
siúd an chumhacht (agus an oibleagáid má iarrann an tAire uirthi) comhairle
a thabhairt agus moltaí a dhéanamh maidir le haon reachtaíocht nó aon
bheartas a bhaineann le cosaint agus leas tomhaltóirí nó a d'fhéadfadh dul
i bhfeidhm ar na réimsí sin. Freisin tá an chumhacht ag an GNT moltaí a
dhéanamh i gcomhair reachtaíochta nua.
Féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos faoi na gníomhaíochtaí nach mór don
GNT dul i mbun trí chliceáil.
Ní mór don GNT comhaontaithe a dhéanamh le heagraíochtaí áirithe eile le cuidiú le comhoibriú, dúbailt a sheachaint agus cinntiú go dtéitear i gcomhairle leis an GNT maidir le cinntí a bhaineann le tomhaltóirí. Áirítear leis na heagraíochtaí a gcomhoibríonn an GNT leo an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (a dhéanann cinntí faoi phraghsanna leictreachais agus gáis) agus Comreg (a rialaíonn an tionscal teileachumarsáide agus poist). Is é an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta a shocraíonn cén comhlachtaí nach mór don GNT comhoibriú leo.
Tá cumhacht ag an GNT oifigigh údaraithe a cheapadh le reachtaíocht
tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. Tá cumhacht ag na hoifigigh údaraithe sin a
bhfiosrúcháin a leanúint. Áirítear leis na cumhachtaí sin an ceart
áitreabh a iontráil, doiciméid agus fianaise eile a fháil maidir le trád
nó gnó atá á fhiosrú. Tá an ceart acu freisin na Gardaí a thógáil in
éineacht leo más gá, agus cur isteach ar na cúirteanna le barántais
chuardaigh a fháil.
Féadann an GNT eolas ábhartha a mhalartú leis an Údarás Iomaíochta, an Garda
Síochána, an Stiurthóir um Fhorfheidhmiú
Corparáideach, na Coimisinéirí Ioncaim, an Bhainc Ceannais na hÉireann nó daoine
eile a shonraíonn an tAire.
Pléann Treoir
an AE i leith Cleachtas Tráchtála Éagórach (Treoir 2008/25/CE an 11
Bealtaine 2005) le cleachtais tráchtála gnó-go-tomhaltóir éagóracha
(ní bhaineann sé le gnó idir gnóthaí). Forálann an tAcht um Chosaint
Tomhaltóirí 2007 dá forfheidhmiú in Éirinn.
Forálann an tAcht go gcuirfear cosc ar raon de chleachtais trádála
eagóracha, míthreoracha agus fóbartacha más cosúil go laghdóidís go mór
cumas an ghnáth-thomhaltóra rogha eolasach a dhéanamh maidir leis an táirge
atá i gceist agus dá ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh faoi
idirbheart dá mbarr nach ndéanfaidís ar chaoi eile. Mar sin, cuirtear cosc
ar chleachtais má chomhlíonann siad dhá choinníoll:
Forálann an tAcht freisin go mbeidh cosc i gcónaí ar chleachtais áirithe
- ní gá go gcomhlíonfaidís siúd an dara coinníoll. Tá tuilleadh eolais ar chleachtais
tráchtála éagóracha anseo.
Tugann an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 cumhacht don Aire Rialacháin
a dhéanamh a éilíonn go dtaispeánfaí praghsanna táirgí áirithe ar
bhealach sonraithe. Mar shampla, d'fhéadfaidís foráil nach mór praghsanna
táirgí áirithe a thaispeáint agus muirir, táillí agus cánacha san
áireamh.
Thug na hAchtanna Praghsanna 1958-1972 raon cumhachtaí don Aire Poist, Fiontar agus Nuálaíochta le huasphraghsanna a leagan síos. Déanann an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 na cumhachtaí sin go léir a aisghairm ach amháin an chumhacht praghsanna a rialú i gcás éigeandála. Forálann sé nach mór gurb é an Rialtas agus nach é an tAire a chleachtann an chumhacht praghsanna a rialú i gcás éigeandála.
Rinneadh an tAcht
Stuaic-Dhíola 1980 a aisghairm ag an Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007
agus cuireadh forálacha nua ina áit. Cuireann na forálacha sin cosc ar
rannpháirteachas i scéimeanna stuaic-dhíola agus ar chur ar dhaoine eile
páirt a ghlacadh iontu. Cuireann siad cosc freisin ar bhunú, ar oibriú nó
ar chur chun cinn na scéimeanna sin agus méadaíonn siad na pionóis a
ghearrtar as an dlí a bhriseadh. Fíneáil suas le €150,000 agus téarma
príosúin suas le cúig bliana atá i gceist leis na pionóis nua a ghearrfar
as cionta maidir le scéimeanna stuaic-dhíola.
Fóralann an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 d'aitheantas a thabhairt
do chóid chleachtais a cheapann trádálaithe nó grúpaí trádálaithe agus
do na cóid sin a cheadú ag an GNT. Forálann sé freisin go bhféadann an GNT
treoirlínte a eisiúint do thomhaltóirí i dtaobh cosaint agus leas
tomhaltóirí, cleachtais tráchtála, scéimeanna dearbhaithe cáilíochta
agus cóid chleachtais.
Tugann an tAcht cumhacht don Aire treoirlínte reachtúla a thabhairt isteach d'údaráis áitiúla maidir le ceadúnais chorr-thrádála a eisiúint. Eisíodh treoirlínte neamhreachtúla d'údaráis áitiúla in Iúil 2005 agus arís in Iúil 2006 agus é mar aidhm go gcuirfí i bhfeidhm iad ar bhonn deonach. Murar leor iad sin, áfach, tá sé de rún ag an Aire treoirlínte reachtúla a thabhairt isteach.
Forálann an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 do roinnt meicníochtaí
forfheidhmithe a chur ar fáil don GNT.
Má mheasann an GNT go bhfuil fáth le hurghaire nó ordú coisc a lorg i
gcoinne trádálaí, d'fhéadfadh sí (mar chéad chéim) glacadh le gealltanas
scríofa ón trádálaí a bhfuil cibé téarmaí agus coinníollacha a
mheasann an GNT a bheith cuí ann. Mura ngéilleann an trádálaí don
ghealltanas, d'fhéadfadh an GNT ordú toirmisc a lorg.
D'fhéadfadh an GNT fógra géilliúntais a sheirbheáil ar thrádálaí a
mheasann sí go raibh sé/sí i mbun gníomhaíochta coiscthe. Bíonn 14 lá ag
an trádálaí le hachomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra. Mura ngéilleann
an trádálaí don fhógra, féadann an GNT imeachtaí coiriúla a thógáil.
Tá cumhacht ag an GNT pionóis ar an láthair a ghearradh as ciontaí a
bhaineann le taispeáint praghsanna.
Freisin ní mór di Liosta Cosanta Tomhaltóirí a choimeád agus an liosta sin
a fhoilsiú aon uair agus in aon fhoirm a mheasann sí a bheith cuí. Is é
atá ansin ná liosta de thrádálaithe a ciontaíodh as cionta coiriúla, atá
faoi réir orduithe cúirte, faoi réir gealltanais, a bhfuil fógra
géilliúntais seirbheáilte orthu, nó atá faoi réir fógra íocaíochta
seasta.
Féadann an GNT iarraidh ar na cúirteanna ordú a fháil a éilíonn ar
thrádálaí a ciontaíodh as roinnt ciontaí sonracha fógra ceartúcháin i
dtaobh na bhfíricí maidir leis an gcion a fhoilsiú, agus íoc as.
Tá ról ag an Bhainc Ceannais na
hÉireann i bhforálacha an Achta um Chosaint Tomhaltóirí 2007 a
fhorfheidhmiú i réimse na seirbhísí airgeadais. Éilítear ar an GNT agus
an Bhainc Ceannais comhaontú comhoibrithe a bheith acu eatarthu a leagann
amach a róil faoi seach.
Soláthraíonn an tAcht cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe na
reachtaíochta don GNT.
Féadann aon duine, lena n-áirítear an GNT, cur isteach ar an gCúirt
Chuarda nó an Ard-Chúirt le hordú a fháil a chuireann cosc ar aon
chleachtas (ach le cúpla eisceacht bheag) atá mídhleathach faoin Acht um
Chosaint Tomhaltóirí 2007. Má ghlacann duine aonair caingean den sórt sin,
ní mór fógra a thabhairt don trádálaí agus don GNT. Ní gá caillteanas
nó dochar de bharr ghníomhartha an trádálaí a thaispeáint.
Má chiontaítear trádálaí as cion faoin Acht, tá rogha ag an gCúirt
éileamh go n-íocfadh an trádálaí damáistí leis an tomhaltóir a
d'fhulaing caillteanas de bharr ghníomhartha an trádálaí. D'fhéadfadh
ordú cúitimh den sórt sin a dhéanamh in áit, nó i dteannta le haon
fhíneáil nó pionóis a ghearrann an chúirt ar an trádálaí.
D'fhéadfadh tomhaltóirí a chuireann gníomh nó cleachtas coiscthe astu
agairt a dhéanamh i gcoinne trádálaí i leith damáistí.
Forálann an tAcht do raon pionós as na cionta éagsúla. Is í an uasfhíneáil do chéad chion ná €3,000 do chiontuithe achoimre agus €60,000 do chiontuithe ar díotáil. Bíonn fíneálacha níos airde i gceist d'athchiontóirí.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 631 2121
Lóghlao:1890 220 222
Facs:+353 1 631 2827
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/
R-phost: info@deti.ie
Agus a cuid feidhmeanna á comhlíonadh aici, ní mór don Ghníomhaireacht
Náisiúnta Tomhaltóirí an méid seo a leanas a dhéanamh i measc
gníomhartha eile:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.