Is comhaontú é comhaontú fruilithe tomhaltóra ina dtógtar sócmhainn ar chíos nó ar léas ó institiúid airgeadais nó cuideachta airgeadais. In áit airgid a fháil ar iasacht chun sócmhainn a cheannach, tógann an tomhaltóir na hearraí ar cíos ón gcuideachta léasa ar léi an tsócmhainn. Ligeann an chuideachta léasa na hearraí ar cíos don tomhaltóir ar tháille chíosa nó fruilithe. Dá bharr sin, is in úinéireacht na cuideachta léasa a fhanann na hearraí i gcónaí. Bíonn alt i roinnt comhaontuithe léasa, áfach, a thugann cead don tomhaltóir an tsócmhainn a cheannach ar phraghas atá leagtha síos i gcomhaontú léasa.
D'fhéadfadh tréimhsí éagsúla léasa a bheith i gceist. De ghnáth, déantar idirdhealú idir "léas feidhmiúcháin" a mhaireann go hiondúil ar feadh tréimhse gairid, agus "léas airgeadais" a bhaineann le hearraí níos mó léasaithe thar tréimhsí níos faide.
Leagtar amach comhaontú fruilithe tomhaltóra agus síníonn an tomhaltóir é agus sínítear é thar ceann na hinstitiúde iasachta. Socraíonn an comhaontú:
Ní ghá go mbeadh úinéir na n-earraí i dteideal an chomhaontaithe a chur i bhfeidhm muna gcloítear leis na coinníollacha atá leagtha síos anseo.
Má tá na hearraí a fhaigheann tú lochtach, tá an ceart agat d'airgead a fháil ar ais, má tá tú ag iarraidh. Tá iachall ar an soláthraí d'airgead a thairiscint ar ais duit. Mar rogha ar sin, d'fheadfá earraí eile a iarraidh air/uirthi.
Má dhéanann tú damáiste d'earraí agus tú á n-úsáid faoi chomhaontú fruilithe tomhaltóra, bíonn ort íoc as na deisiúcháin tú féin go hiondúil muna bhfuil socrú eile sa chomhaontú.
Ní foláir a rá go soiléir i bhfograíocht ar bith nach bhfaigheann an tomhaltóir úinéireacht ar earraí faoi chomhaontú léasa. Ba cheart ráitis mar shampla "Earraí ar cíos, fruilithe, nó léasaithe amháin" agus "Fanann na hearraí in úinéireacht an úinéara" a chur ann. Ní foláir do na ráitis seo a bheith in áit chomh feiceálach céanna le suim ar bith atá iníoctha ag an tomhaltóir agus laistigh de bhosca teorantach i gcás fograíochta radharcach. Ní foláir an tsuim atá iníoctha ag an tomhaltóir a lua san fhógraíocht, agus í a bheith iomlán, cánacha san áireamh.
Tairiscíonn institiúidí iasachta éagsúla rátaí éagsúla ar léasanna.
Téigh i dteagmháil le d'institiúidí airgeadais áitiúla, nó breathnaigh i d'eolaire teileafóin áitiúil chun liosta comhlachtaí airgeadais a fháil. Chun a bheith páirteach i gcomhaontú fruilithe tomhaltóra, beidh ar a laghad dhá chineál aitheantais ag teastáil. Caithfidh griangraf agus dearbhú seolta a bheith san áireamh. Glactar le ceadúnas tiomána reatha, pas, cárta mic léinn agus bille teaghlaigh mar shampla bille gáis, leictreachais nó teileafóin. Tá socruithe eile i bhfeidhm chun a dhearbhú cé hiad na daoine nach bhfuil an doiciméadú seo acu.
Nuair a bheidh tú earraí a cheannach mar thomhaltóir, tá líon áirithe de chearta faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980. Má tá tú míshásta le hearraí a fuair tú faoi chomhaontú fruilithe tomhaltóra, ba cheart duit do ghearán a dhéanamh leis an miondíoltóir a dhíol na hearraí leat faoin gcomhaontú. Ba cheart duit gearán scríofa a dhéanamh chomh luath agus is féidir, mar laghdaíonn do chearta sásaimh le himeacht ama.
Muna bhfuil tú sásta le freagra an mhiondíoltóra, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA). Cuireann an NCA comhairle ginearálta ar thomhaltóirí maidir le dlí tomhaltóra. Ní féidir leis cinneadh a dhéanamh ar aighneas ar leith idir tomhaltóir agus soláthraí, mar is í an chúirt amháin gur féidir léi ordú a thabhairt do thradálaí cúiteamh a thabhairt duit, ach d'fhéadfadh sé cleachtais éagsúla a bhaineann leis na coinníollacha faoina soláthraítear earraí agus seirbhísí a scrúdú.
Muna bhfuil tú in ann a theacht ar réiteach leis an miondíoltóir, d'fhéadfá comhairle dlí a chuartú. Muna bhfuil praghas an táirge os cionn euro 2,000, d'fhéadfá úsáid a bhaint as Cúirt na nÉileamh Beag. Ní bhíonn dlíodóir ag teastáil. Cosnaíonn sé euro 7.62 chun éileamh a chur isteach, agus tá sé seo neamhaisíoctha. Más fiú os cionn euro 2,000 an táirge, d'fhéadfá dlíodóir a cheapadh chun feidhmiú ar do shon agus ní foláir an cás a thabhairt chuig an gCúirt Dúiche. Má bhaineann do ghearán le táirge a chosnaíonn níos mó ná euro 6,350, éisteoidh an Chúirt Chuarda leis an gcás.
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi chomhaontú fruilithe tomhaltóra le banc, cumann foirgníochta nó institiúid airgeadais a bhfuil aitheantas tugtha dó mar institiúid chreidmheasa faoin Acht Um Chreidmheas Tomhaltóra 1995, ba cheart duit dul i dteaghmháil le Fear an Phobail d'Institiúidí Creidmheasa. Tá Fear an Phobail in ann gearáin faoi úsáid mí-chothom, botúin nár ceartaíodh, drochsheirbhís, drochriaracháin, faillí agus sarú conartha/iontaobhais a iniúchadh.
Tá an chumhacht ag Fear an Phobail a chinneadh a chur i bhfeidhm tríd na cúirteanna in Éirinn muna n-aontaíonn institiúid airgeadais leis.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 662 0899
Lóghlao:1890 882 090
Facs:(01) 662 0890
Láithreán Gréasáin: http://www.financialombudsman.ie/
R-phost: enquiries@financialombudsman.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.