Is éard is fógraíocht ann ná teachtaireacht a chuireann chun cinn táirge nó seirbhís nó a thugann eolas don phobal. Is iomaí cineál fógraíochtaí ann, cosúil le fógraíochtaí preasa i nuachtáin nó in irisí, fógraí teilifíse agus raidió nó comharthaí istigh i siopaí. Is féidir fógraíochtaí a fháil gó díreach chugat tríd an bpost, facs nó ríomhphost nó teachtaireacht téacs. Is é an cuspóir is mó le fógraíocht a dhéanamh ná chun tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí nó seirbhísí áirithe a cheannach. Tá rialacha i gceist maidir le fógraí in Éirinn. Míníonn an t-eolas seo a leanas do chearta maidir le fógraí.
Is é an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 an phríomh-reachtaíocht i ndáil le fógraí in Éirinn. Leagann an tAcht sin amach, i measc nithe eile, rialacha éagsúla a fheidhmíonn d’éilimh faoi earraí agus seirbhísí. Tugann an tAcht seo cosaint do thomhaltóirí go háirithe ó fhógraí míthreoracha agus cinntíonn sé go mbíonn an trádáil cothrom. Is cion faoin Acht é do fhógróir/trádálaí éilimh bhréagacha a dhéanamh faoi earraí, seirbhísí nó praghsanna. Clúdaíonn an tAcht gach cineál cumarsáide a chuireann chun cinn earraí nó seirbhísí. Áirítear leo seo fógraí, fógra istigh i siopa nó fiú éileamh a dhéanann cúntóir díolacháin faoi tháirge nó seirbhís. Cinntíonn dlíthe an AE go dtoirmeasctar fógraíocht mhíthreorach i ngach Ballstát. Faoi Rialúcháin na gComhphobal Eorpach (Fógraíocht Mhíthreorach), 1988 (IR 134/1988), féadann aon duine iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar ordú a thoirmeascann foilsiú fógraíochta míthreoraí.
Feidhmíonn rialacha breise d’fhógraíocht na seirbhísí airgeadais in Éirinn. Bíonn Údarás Rialaitheach Seirbhísí Airgeadais na hÉireann freagrach as na rialacha sin. Is féidir leat níos mó a léamh faoi Fógraíocht chreidmheasa in Éirinn anseo.
Ciallaíonn fógraíocht mhíthreorach fógraíocht a chuireann dallamullóg nó ar dóichí fúithi go gcuirfidh sí dallamullóg ar dhuine ar bith a fheiceann í. Féadann fógraíocht mhíthreorach a chur isteach ar roghanna tomhaltóirí ó thaobh na nithe a cheannaíonn siad. Is fíú a mheabhrú go bhféadfadh sé a bheith ina chion do thrádálaí earraí nó seirbhísí a fhógairt más dócha go gcuirfidh siad míchomhairle ar an bpobal agus dá réir sin a chur faoi deara cailliúint, damáiste nó gortú a tharlú don phobal. Tugann an méid seo a leanas samplaí den chaoi ina bhféadfadh fógraíochtaí a bheith míthreorach:
Is féidir fógraí dallamullóg a chur ar dhaoine ar shlite eile – go háirithe má fholaíonn siad nó má fhágann siad ar lár fíricí tábhachtacha. (Sampla: ‘lacáiste 50% ar gach ní’ – nach bhfeidhmítear ach do mhíreanna áirithe ina dhiaidh sin). Féadtar fógraí a mheas a bheith míthreorach má chruthaíonn siad lorg bréagach fiú má bhíonn gach ní a maíodh san fhógra fíor go litriúil.
TIs comhlacht neamhspleách féin-rialaitheach de chuid an tionscail fhógraíochta é The Advertising Standards Authority for Ireland (An tÚdarás um Chaighdeáin Fhógraíochta d’Éirinn). Rialaíonn siad Cód na gCaighdeán Fógraíochta agus Cód an Chleachtais um Chur chun Cinn Díolachán. Maíonn na cóid chleachtais seo nach foláir do gach fógra a bheith dlíthiúil, gnaíúil, ionraic agus fírinneach. Faigh amach tuilleadh faoin ASAI agus a chód cleachtais anseo
Maíonn dlí an AE IR Uimh.068 de 2003 – Rialúcháin na gComhphobal Eorpach (Treoir 200/31/CE) 2003 nach foláir do ríomhphoist tráchtála gan iarraidh (ar a dtugtar turscar freisin) a thagann ón AE a bheith inaitheanta mar fhógraí. . Is ‘ríomhphost gan iarraidh’ é an ríomhphost a fhaigheann duine ina bhfógraítear táirgí nó seirbhísí, nuair nár iarr duine an t-eolas sin. Ní foláir don ríomhphost “cumarsáid tráchtála gan iarraidh” a mhaíomh, chomh luath agus a fhaigheann an tomhaltóir é. Feidhmíonn riachtanais an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóir agus Rialúcháin na gCE um Praghsanna Táirgí 2002 don fhógraíocht ar líne. Bíonn roinnt cosanta ann do thomhaltóirí Éireannacha ó fhógraí míthreoracha a fhaightear tríd an ríomhphost. Tugann an dlí seo an ceart do Bhallstáit faoi leith freisin chun gníomhú in aghaidh gnólachtaí a úsáideann an tIdirlíon i gcúinsí áirithe chun cosaint a thabhairt do thomhaltóírí, go háirithe infheisteoirí ionchasacha.Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gCeannach ar Líne anseo.
Bíonn srianta ann in Éirinn ar mhargaíocht dhíreach gan iarraidh trí mheán an teileafóin, facs, córais uathghlaoigh, ríomhphost, Seirbhís Gearr-Theachtaireachta agus Seirbhí Il-Mheán. Is mídhleathach freisin é an turscar (a thagann ón AE) a chuirtear chuig síntiúsóirí. Léigh tuilleadh eolais faoi ríomhphoist tráchtála gan iarraidh anseo.
Is é ComReg a rialaíonn Seirbhísí Teileachumarsáide Ard-Ráta trí mheán Chód Cleachtais. Is iad na huimhreacha a thosaíonn le 15 iad na seirbhísí teileachumarsáide ard-ráta. Gearrtar táillí ar ghlaoiteoirí as raon seirbhísí (réamhaisnéis na haimsire, trácht, spóirt) a sholáthraítear thar an nguthán. Leithdháiltear uimhreacha a thosaíonn le 15 do sholáthróirí seirbhísí ard-ráta . Bíonn sé de riachtanas faoin gCód Cleachtais nach mór do gach seirbhís agus ábhar maidir le cur chun cinn seirbhísí comhall leis an dlí (lena n-áirítear reachtaíocht a chlúdaíonn fógraíocht mhíthreorach). Ní foláir d’fhógraí do na seirbhísí seo a bheith gan aon ní, ná gan cur chun cinn aon ní a bhriseann an dlí, ná aon ní a fhágáil ar lár ar riachtanach faoin dlí é. Ní mór do gach cur chun cinn gan buntáiste a lorg san easpa eolais ag tomhaltóirí trí bhéarlagair teicniúil ná modhanna eile a úsáid.
Má aimsíonn tú fógra a mheasann tú a bheith míthreorach, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA). Faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, bíonn ar chumas an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí caingean a thógáil in aghaidh gnólachtaí a mhíthreoraíonn an tomhaltóir. Sa chás gur cheannaigh tú drochtháirgí de bharr fógraíocht mhíthreorach ní féidir leis an NCA cúiteamh a fháil duitse. D’fhéadfadh cás a bheith agat i gcoinne an fhógróra ar chúiteamh (d’fhéadfaí go mbeifeá i dteideal cás a thógáil i Cúirt na nÉileamh Beag faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980).
Pléifidh an tÚdarás um Chaighdeáin Fhógraíochta d’Éirinn le gearáin ó bhaill an phobail freisin faoi fhógraí míthreoracha féideartha.
Ní chaitheann tú a chruthú go mbíonn na héilimh a mhaítear san fhógra neamhchruinn. Mura féidir leis an bhfógróir/trádálaí a chruthú, ar chothrom na dóchúlachta, gur cruinn iad na héilimh a dhéantar san fhógra, measfar an fógra a bheith míthreorach.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Teach Ferry
48 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 613 7040
Facs:+353 (0)1 613 7043
Láithreán Gréasáin: http://www.asai.ie
R-phost: info@asai.ie
Bloc DEF
An tIonad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Lower Abbey Street
Dublin 1
Ireland
Teil:(01) 804 9668
Lóghlao:1890 229 668
Facs:(01) 804 9680
Láithreán Gréasáin: http://www.askcomreg.ie/
R-phost: consumerline@comreg.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.