Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Cearta Tomhaltóirí > An tÚdarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn

Print Page Send to a Friend

An tÚdarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn

Eolas

Is comhlacht neamhspleách é Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn. Eagraíocht féin rialaithe atá inti agus tá sí á maoiniú ag an tionscal fógraíochta chun na caighdeáin is airde fógraíochta trádála agus bolscaireacht díolacháin a chur chun cinn ar leas an phobail. Tá sé mar aidhm ag an údarás a dhéanamh cinnte go bhfuil gach fógra trádála agus bolscaireacht "dlíthiúil, geanasach, macánta, agus fírinneach". Má thagann tú trasna ar fhógraíocht trádála nach sroicheann na caighdeáin seo, dar leat, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn.

Ciallaíonn féinrialaithe go nglacann an tionscal fógraíochta le caighdeáin atá dreachtaithe ag an tionscal agus ar a shon, agus go gcuirfidh siad na caighdeáin i bhfeidhm trí chomhoibriú ó fhógróirí, ó ghníomhaireachtaí agus ó na meáin chumarsáide. Is baill d'Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn iad 80% de dhaoine atá ag obair san tionscal fógraíochta.

Déantar cur síos ar na rialacha fógraíochta i gCód na gCaighdeán Fógraíochta agus i gCód Bolscaireachta Díolacháin atá dreachtaithe ag Bord Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn tar éis dul i mionchomhairle le na páirtithe go léir a bhfuil spéis acu sa cheist, ionadaithe tomhaltóirí agus ranna rialtais san áireamh. Aontaíonn na cóid seo le Rialacháin Phobail na hEorpa (Fograíocht a chuireadh duine ar seachrán) 1988 agus an reachtaíocht chuí in Éirinn.

Ní foláir do bhaill d'Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn cloí leis an gCód agus gan fógra a fhoilsiú, ná bolscaireacht a eagrú atá ag teacht salach ar an gCód.

Rialacha

Rialacha ginearálta le haghaidh fógraí

Ní foláir d'fhógraí:

  • A bheith dlíthiúil, geanasach, macánta, agus fírinneach
  • Curtha le chéile agus freagracht maidir le tomhaltóirí agus an tsochaí curtha san áireamh
  • Meas a thaispeáint do phrionsabail chóir iomaíochta a nglactar go forleathan leo i gcúrsaí gnó
  • Meas a thaispeáint do spiorad chomh maith le fuarlitir Cód na gCaighdeán Fógraíochta
  • Gan míchlú a tharraingt ar fhógraíocht.

Is ar fhógróirí atá an phríomhfhreagracht maidir leis an gcód a chur i bhfeidhm. Glacann páirtithe eile a bhfuil baint acu le réiteach agus foilsiú fógraí, mar shampla, stáisiúin raidió agus teilifíse, paipéir nuachta, irisí, nuachtáin agus gníomhaireachtaí fógraíochta, freagracht as cloí leis an gCód freisin.

D'fhéadfaí breathnú ar mhoill mhíréasúnach ag tabhairt freagra d'Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn mar sharú an chóid.

Glacfaidh Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn le hiarratais ó fhógróirí ábhar a thugann siad dó a choinneáil faoi rún mura gcuireann na Cúirteanna, nó gníomhaireacht oifigiúil ag feidhmiú faoina cumhachtaí reachtúla, iachall air é a nochtadh.

Tá tuilleadh eolais faoin gCód ar shuíomh idirlín Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn.

Cén cineálacha fógraí atá clúdaithe?

Cuirtear an Cód na gCaighdeáin Fógraíochta i bhfeidhm i dtaobh na bhfógraí seo a leanas

  • Fógraí i bpaipéir nuachta, irisí, agus foilseacháin chlóbuailte eile, "nuachtáin" saor in aisce san áireamh
  • Póstaeir agus fógraí aerga
  • Bróisiúir, bileoga, imlitreacha, postfhógraíocht agus faicseanna
  • Fógraí craolta ar an teilifís nó ar an raidió, nó taispeánta i bpictiúrlanna
  • Fógraí ar chlostéipeanna, fístéipeanna, seirbhísí radharcsonraí agus córais leictreonacha agus ríomhaireachta eile
  • Ábhar bolscaireachta díolacháin
  • Sainfhógraíocht agus bolscaireacht.

Ní chuirtear an cód i bhfeidhm i dtaobh:

  • Fógraí reachtúla, poiblí, ón nGarda Síochána nó fógraí oifigiúla eile
  • Ábhar a foilsíodh le haghaidh eolais amháin
  • Mionfhógraí
  • Pacáistí, cumhdaigh, lipéidí agus ticéid, taobh amuigh dóibh siúd atá ag fógairt táirge eile, nó bolscaireacht díolacháin, nó gur féidir iad a aithint i bhfógra
  • Taispeántas ag an bpointe díolacháin
  • Fógraí gurb í an phríomhaidhm atá acu dearcadh an fhógróra a nochtadh ar chúrsaí polaitiúla, creidimh, caidreamh tionsclaíochta, sóisialta, nó aestéitiúla nó ar cheist a bhfuil spéis ag an bpobal i gcoitinne inti, nó ina cúis imní don phobal
  • Fógraí saineagraithe príobháideacha.
  • Preas ráitis agus ábhar caidrimh phoiblí eile
  • Ábhar leabhair agus ábhar eagarthóireachta sna meáin chumarsáide
  • Comhfhreagras príobháideach
  • Rudaí ráite ar an bhfón
  • Saothair ealaíne
  • Fógraíocht do ghlaonna teileafón ar tháille bhisigh
  • Fógraí sna meáin eachtrannacha
  • Fógraí speisialta dírithe ar an aos leighis agus gairmeacha gaolmhara.

Conas a dhéantar iniúchadh ar ghearáin

Ar an gcéad dul síos déanann Rúnaíocht Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn measúnú ar an ngearán féachaint an bhfuil sé taobh istigh de théarmaí tagartha an Údaráis agus an bhfuil cás ann le hiniúchadh. Má tá cás le freagairt, cuirtear an fógróir nó an tionscnóir (nó an ghníomhaireacht) ar an eolas mar gheall ar an ngearán agus tugtar cuireadh dóibh rud a rá faoi. Tar éis machnaimh ar an bhfreagra sin réitíonn an Rúnaíocht moladh don Choiste Gearáin agus seolann sí cóip chuig an ngearánaí agus chuig an bhfógróir. Bíonn deis acu siúd rudaí breise a rá faoi, sula ndéantar breithiúnas air.

Is é Coiste Gearáin Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn a dhéanann an cinneadh an raibh rialacha an chóid sáraithe. Tá cúigear ball ann atá ag obair sa tionscal fógraíochta go proifisiúnta, agus ochtar ball neamhspleách. Ainmníonn an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí ceathrar den ochtar sin.

Cuirtear sonraí an cháis in eagar i dTuarascáil an Cháis, ainmneacha an fhógróra agus na gníomhaireachta fógraíochta san áireamh, chomh maith le breithiúnas an choiste agus seoltar í chuig na páirtithe agus déantar í a fhoilsiú. Tá ainm an ghearánaí faoi rún. Ní foláir fógraíocht nó tionscnamh ar bith a sharaíonn an cód a athrú go scioptha nó a tharraingt siar.

Is féidir dlús a chur leis an gcóras iniúchta má fheileann don chás agus má tá an cás sách tromchúiseach, d'fhéadfadh an Rúnaíocht iarratas a dhéanamh ar an bhfógróir an fógra a tharraingt siar nó a athrú idir an dá linn, go dtí go mbeidh deireadh leis an iniúchadh.

Rataí

Déantar gearáin chuig Údarás na gCaighdeán Fograíochta d'Éirinn a iniúchadh saor in aisce. Má tá tú ag gearán mar dhuine aonair, nó mar ghrúpa tomhaltóirí, coinneofar d'ainm faoi rún agus ní nochtófar é.

Conas Iarratas a dhéanamh

Má tá gearán agat maidir le fógraíocht trádálach ar an teilifís, raidió, an idirlíon, ar phóstaeir, i mbroisiúir, i bpáipéir nuachta, irisí, sa phictiúrlann, postfhógraíocht, agus araile, nó maidir le ábhar bolscaireachta díolacháin ba chóir duit dul i dteagmháil le hÚdarás na gCaighdeán Fograíochta d'Éirinn trí litir, faics, nó ríomh-phost a sheoladh le d'ainm iomlán agus do sheoladh. Cuimhnigh ar an rudaí seo a leanas a chur leis:

  • Cóip den fhógra (sé sin, preas, iris agus araile)
  • Cá háit agus cén uair a tháinig sé amach
  • Ainm an fhógróra
  • I gcás bolscaireacht díolacháin, ainm an táirge agus an tionscnóra, agus cóipeanna de lipéidí, bileoga, nó foirmeacha iarratais
  • Na fáthanna go gceapann tú go bhfuil an fógra mícheart
  • Cé acu an bhfuil tú ag déanamh gearáin mar thomhaltóir ar leith, nó mar iomaitheoir.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d'Éirinn

Teach Ferry
48 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 613 7040
Facs:+353 (0)1 613 7043
Láithreán Gréasáin: http://www.asai.ie
R-phost: info@asai.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fógraíocht Tomhaltóirí
    Tugtar cosaint do thomhaltóirí in Éirinn agus san AE ón bhfógraíocht bhréagach mhíthreorach. Foghlaim faoi na rialacha a rialaíonn fógróirí agus an méid le déanamh má cuireadh dallamullóg ort le fógra.
  • Cláir chun feasacht faoi alcól a fhorbairt
    Cuireann an doiciméad seo síos ar na cláir éagsúla chun feasacht faoi alcól a fhorbairt, a bhfuil sé mar chuspóir acu daoine a chur ar an eolas faoin mbaol atá ag an ólachán iomarcach, agus meon freagrach i leith alcóil a chur ar aghaidh.
  • Gearán a dhéanamh maidir le clár teilifíse nó raidió in Éirinn
    Tá cur síos sa cháipéis seo conas gearán a dhéanamh maidir le clár teilifíse nó raidió chuig an tÚdarás Craolacháin na hÉireann.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.