Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Gearáin Thomhaltóirí > Cén áit le gearán a dhéanamh faoi dhaoine gairmiúla

Print Page Send to a Friend

Cén áit le gearán a dhéanamh faoi dhaoine gairmiúla

Eolas

Tá comhlachtaí gairmiúla ag go leor gairmeacha agus grúpaí scile in Éirinn chun a gcuid leasanna a chur ar aghaidh. Cothabhálann go leor de na heagraíochtaí seo caighdeáin ghairmiúla trí thraenáil nó creidiúnú dhaoine gairmiúla eile. Tá meicníochtaí ag roinnt acu le fiosrú a dhéanamh maidir le gearáin nuair nach gcloíonn ball le caighdeáin ghairmiúla riachtanacha. Tá freagracht reachtúil ag roinnt acu le gearáin a fhiosrú.

Má tá gearán agat faoi bhall de na gairmeacha seo a leanas, is fiú dul i dteagmháil le hionadaí cuí na heagraíochta a d’fhéadfadh cuidiú leat.

Dlíodóirí

Is é an Cumann Dlían comhlacht reachtúil do dhlíodóirí. Déanann sé rialúcháin ar chaighdeáin agus ar iompar i measc rudaí eile,. Rialaíonn sé ciste cúitimh do chailliúintí fulaingthe ag cliaint trí dhlíodóirí mainneachtana. Tá Breitheamh Neamhspleách ceaptha aige (féach thíos).

Is é ról Bhreitheamh Neamhspleách an Chumainn Dlí ná a chinntiú go ndéileálann an Cumann Dlí go cothrom agus go neamhchlaonta le gearán faoi iompar dlíodóra . Ní féidir leis an mBreitheamh féin gearán a fhiosrú. Is féidir dul i dteagmháil le Breitheamh an Chumainn Dlí ag an uimhir seo a leanas: (01) 662 0457.

Ba chóir gearáin maidir le dlíodóirí ar fáil ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a dhéanamh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Abhcóidí

Rialaíonn Comhairle an Bharra iompar gairmiúil na n-abhcóidí.

Múinteoirí

Ceadaíonn an Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 do bhunú Comhairle Mhúinteoireachta. I measc na bhfeidhmeanna a bheidh aici beidh rialú ar an ngairm mhúinteoireachta agus iompar gairmiúil na múinteoirí. Chomh maith leis sin:

  • cuirfidh sí an múinteoireacht mar ghairm bheatha chun cinn;
  • cuirfidh sí forbairt ghairmiúil na múinteoirí chun cinn;
  • déanfaidh sí cothabháil ar agus feabhsóidh sí cáilíocht na múinteoireachta sa stát;
  • bunóidh sí caighdeán, beartais agus nósanna imeachta d’oideachas agus do thraenáil múinteoirí
  • cumasóidh sí clárú agus rialú múinteoirí agus feabhsóidh sí cumas agus caighdeáin ghairmiúil;

Tá tuilleadh eolais anseo faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta .Bunófar an Chomhairle Mhúinteoireachta go luath sa bhliain 2006. Mar sin, idir an dá linn, má tá gearán agat i gcoinne múinteora d’fhéadfá dul díreach go dtí an Roinn Oideachais.

Cuntasóirí

Is iad na heagraíochtaí seo a leanas na comhlachtaí gairmiúla go léir a leagann amach caighdeáin dá mbaill.

Tá meicníocht ghearáin ag Institiúid na gCunatasóirí Cairte a láimseáileann gearáin i gcoinne a mbaill.

Tá cód eiticí dá bproifisiún ag Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Teastaithe.

Cinntíonn Eagraíocht na gCuntasóirí Cairte Teastaithe go gcothaítear caighdeáin ghairmiúla a mbaill.

Comhairleoirí agus Teiripeoirí

Leagann Cumann Comhairlithe agus Sícteiripe na hÉireann amach caighdeáin agus critéir do chleachtas na comhairleachta agus na síciteiripe. Tá Cód Eitice agus Cleachtais aige. Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi chomhairleoir ar ball den eagraíocht seo é/í.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.