Is iad seo a leanas na comhlachtaí rialaithe reachtúla do lucht gairmiúil leighis in Éirinn. Go ginearálta, cuireann siad chun cinn ardchaighdeáin d’iompar gairmiúil, cothabhálann siad clár de phearsanra cáilithe agus déanann siad fiosrúchán ar mhí-iompar gairmiúil nó ar chumas i gcóir leigheas a chleachtadh. Go hiondúil, bíonn coiste do Chumas i gCóir Leighis a Chleachtadh acu nó coiste dá leithéid. Déileálann an coiste seo le gearáin maidir le hiompar chleachtóirí cláraithe. D’fhéadfadh an gearán a bheith faoi mhí-iompar gairmiúil agus/ nó faoi chumas le cleachtadh a dhéanamh mar gheall ar mhíchumas fisiciúil nó meabhrach.
Chuir an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh córas um chlárú reachtúil ar fáil do dhá ghairm bheatha déag sláinte agus cúraim shóisialaigh. Is iad sin ná:
Bunaíodh an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh i mí an Mhárta 2007. Tá Bord Clárúcháin á bhunú aici do gach ceann de na gairmeacha beatha seo, chomh maith le struchtúr coiste chun déileáil le gearáin a dhéantar in aghaidh gairmithe cláraithe. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chlárú na ngairmithe cúraim shóisialaigh agus sláinte anseo.
Is cleachtóirí de leigheas comhlántach agus malartach iad daoine gairmiúla a úsáideann snáthaidpholladh, luibheanna, hoiméapaite, suaithearacht teiripeach, leigheas oirthearach nó modhanna eile chun dea-bhraistint a chur chun cinn nó coinníollacha sláinte a chóireáil. Níl aon riachtanais clárúcháin reachtúla do cheachtaitheoirí leigheas comhlántach in Éirinn faoi láthair. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chlárúchán na gcleachtóirí sláinte ailtéarnacha anseo.
Anseo, tugann muid na comhlachtaí rialaithe do na príomh-ghairmeacha leighis. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi ghníomhaireachtaí seirbhíse sláinte eile anseo
Cosnaíonn an Chomhairle Leighis leasanna an phobail agus iad ag déileáil le cleachtóirí leighis cláraithe. Tá faisnéis maidir le gearán a dhéanamh ar fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle.
Is comhlacht reachtúil é an Chomhairle Fiaclóireachta a dhéanann clárú ar fhiaclóirí. Is féidir leis an gComhairle ceist a chur faoi chumas an fhiaclóra chláraithe chun fiaclóireacht a chleachtadh. Is féidir dul i dteagmháil leo ar an bhfón:
Teil: (01) 676 2069/676 2226
Is comhlacht reachtúil é an Bord Altranais a chumasaíonn clárú, rialú agus oideachas na n-altraí agus cúrsaí nach iad a bhaineann le banaltraí agus cleachtadh an altranais.
Déanann Bord na Radharcmhastóirí traenáil agus clárú ar na radharceolaithe optalmacha agus rialaíonn sé cleachtadh na radharceolaíochta. Tá sé beartaithe an Bord a chuimsiú laistigh den Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh in 2011.
Is comhlacht reachtúil é Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (CCÉ) a bunaíodh faoin Acht Cógaisíochta 2007 mar an rialálaí cógaisíochta. Tá sé mar chúram aige cleachtais agus gairm na cógaisíochta a rialáil. Caithfidh gach cógaslann a bheith cláraithe leis faoi mhí Eanáir 2009. Is í aidhm an Chumainn ná sábháilteacht na n-othar agus sláinte phoiblí a chur chun cinn, agus tá sé freagrach go príomhúil don phobal i gcoitinne.
Bunaíodh Comhairle Tréidlianna
na hÉireann i mí Eanáir 2006 faoin Acht um
Chleachtadh Tréidliachta 2005. Is í príomhaidhm na Comhairle ná
cleachtadh an leighis agus an altranais tréidliachta a rialáil chun leasa an
phobail. Tá faisnéis
maidir le gearán a dhéanamh ar fáil ar láithreán gréasáin na
Comhairle.
Má tá gearán agat i gcoinne duine gairmiúil leighis, is féidir leat é a chur faoi bhráid na heagraíochta gairmiúla cuí. Tá eolas maidir le gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta ag healthcomplaints.ie. Is féidir treoirlínte a léamh faoi ghearán a dhéanamh anseo.
Health and Social Care Professionals Council
c/o NSWQB
8-11 Sráid Bhagóid Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Ireland
Teil:+ 353 (0)1 662 4775
Facs:+ 353 (0)1 661 9276
Láithreán Gréasáin: http://www.coru.ie/
R-phost: info@coru.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.