Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Gearáin Thomhaltóirí > Cén áit le gearán a dhéanamh faoi fheabhsuithe tí

Print Page Send to a Friend

Cén áit le gearán a dhéanamh faoi fheabhsuithe tí

Eolas

Is anseo a bhfaighidh tú eolas ar na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag plé le ceirdeanna agus gairmeacha atá bainteach i dtógáil tí nó i bhfeabhsuithe tí in Éirinn. Tá go leor gairmeacha bainteach le feabhsuithe tí agus liostaítear na príomhchinn anseo. Ní baill d’aon chomhlacht ceirde nó gairme iad go leor soláthraithe seirbhíse agus seans nach mbeidh tú in ann gearán a dhéanamh le haon cheann de na heagraíochtaí seo. Is é an bealach is fearr le cinntiú go bhfaigheann tú an tseirbhís a raibh tú ar a lorg ná an chomhairle anseo a ghlacadh.Tá conarthaí tomhaltóirí cosanta ag an Acht um Dhíolachán Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980. Má tá conradh agat le soláthraí seirbhíse, d’fhéadfá a bheith ag súil leis an méid seo a leanas:

  • Go bhfuil na scileanna riachtanacha ag an soláthraí chun an tseirbhís a sholáthar
  • Go soláthrófar an tseirbhís le cúram cuí agus le díograis
  • Go mbeidh na hábhair a úsáidfear ceart agus go mbeidh na hearraí a sholáthraítear leis an tseirbhís ar cháilíocht indíolta

I gconradh seirbhíse, ba cheart duit a chinntiú , ar a laghad, go bhfuil a fhios agat praghas na seirbhíse agus an méid ama a thógfaidh sé chun an obair chomhaontaithe a chur i gcrích.

Ceardaithe Ginearálta agus Ceirdeanna

Eagraíocht ionadaíoch do cheirdeanna agus do ghairmeacha é Cumann Náisiúnta na Máistircheardaithe. Reáchtáileann siad seirbhís ghearáin agus imreoidh siad ról an idirghabhálaí i gcomhrac idir tomhaltóir agus ball dá gcuid.

Tógálaithe

Is é Cumann Tógála na hÉireann an eagraíocht trádála do dhaoine atá bainteach sa tionscal tógála. Is féidir leat gearán a dhéanamh anseo faoi thógálaí ar ball den chumann é/í. Soláthraíonn an CIF eolas freisin ar a láithreán Gréasáin ar an mbealach le tógálaí a fhostú agus leideanna, ó thaobh dhearcadh an tógálaí de, má tá tú ag ceannacht tí nua.

Cumann Tógála Baile na hÉireann (IHBA). Seasann an IHBA, in éineacht leis an CIF, do dhearcadh an tionscail tógála phríobháidigh baile in Éirinn.

Is éard is HomeBond ann Scéim Náisiúnta Rathaíochta na Tógála Tí a bhunaigh Cumann an Tionscail Tógála agus Cumann Thógálaithe Baile na hÉireann, i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil. Cinntíonn sé go gcothabháltar na caighdeáin tógála cuíthe agus cosnaíonn sé ceannaitheoirí trí frithgheallúint a dhéanamh ar aon lochtanna struchtúrtha móra.

Tá scéim ghearáin ag HomeBond le haghaidh lochtanna neamhstruchtúrtha i dtithe nua, ag teacht chun solais laistigh de bhliain tar éis duit an teach a cheannacht. I measc lochtanna neamhstruchtúrtha a chlúdaítear faoin scéim tá pluiméaracht phollta, urláir mhíchothroma, sáruithe ar riachtanais dóiteáin, cuir i gcás aláraim deataigh, agus easpa inslithe. Ba cheart do cheannaitheoirí seiceáil an bhfuil a dtógálaí nó forbróir áirithe cláraithe. Má thagann aon fhadhb i gceist, ba cheart don cheannaitheoir fógra a thabhairt don tógálaí i scríbhinn. Má theipeann ar an tógálaí an fhadhb a réiteach, déanfaidh HomeBond idirghabhálaíocht agus seans go n-atreoróidh siad an scéal chun eadránaithe.

Is féidir dul i dteagmháil le HomeBond tríd an ríomhphost: headoffice@homebond.ie nó ar an teileafón ag 1850 306 300

Ailtirí

Tá sé mar aidhm ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann an pobal a chosaint trí ardchaighdeáin d’iompar gairmiúil a éileamh agus iad ag ligean isteach ball nuair atá scrúdú ceart déanta orthu.

Tá sé beartaithe Bille Smachtaithe Tógála a thabhairt isteach, a dhéanfaidh, i measc rudaí eile, soláthar ar chlárú na dteideal "Ailtire", "Suirbhéir Tógála" agus "Suirbhéir Cainníochta".

Ceantálaithe agus Luachálaithe

Tá dhá chomhlacht iondaíochta ann do cheantálaithe.

Tá siad féinrialaithe agus oibríonn siad cód cleachtais. Tá nós imeachta gearáin acu araon don phobal agus ciste cúitimh le haghaidh cásanna mídhilsithe de mhaoinithe chliaint.

Suirbhéirí

Is é Cumann na Suirbhéirí Cairte (SCS) an comhlacht gairmiúil do Shuirbhéirí Cairte.

Leictreoirí

Is comhlacht deonach féinrialaithe é Clár Conraitheoirí Leictreacha na hÉireann (RECI) do thionscal conraitheoirí leictreacha. Tá sé mar aidhm aige leas an phobail a chur chun cinn agus a chosaint mar úsáideoirí de sheirbhísí leictreachais ionas gur féidir leo caighdeán inghlactha ceardaíochta agus cumas teicniúil a fháil ó thionscal na gconraitheoirí leictreacha. Fiosraíonn an RECI gearáin maidir le caighdeán oibre na gconraitheoirí cláraithe.

Is comhlacht deonach féinrialaithe é an Eagraíocht um Shábháilteacht agus Chaighdeáin Conraitheoirí Leictreacha Teoranta do thionscal conraitheoirí leictreacha. Tá sé mar aidhm aige caighdeáin obair inslithe leictreach a fheabhsú in Éirinn trí leas an phobail maidir le seirbhísí leictreacha a chur chun cinn agus a fhorbairt. Déanfar fiosrú ar ghearán faoi ball den ECSSA ag cigire den ECSSA.

Innealtóirí Leictreacha

Is é Institiúid Innealtóirí na hÉireann an eagraíocht rialaithe d’innealtóireacht ghairmiúil in Éirinn. Is í ceann de na haidhmeanna atá aige ná caighdeáin na heitice agus an iompair ghairmiúil a chothabháil.

Pluiméaraí

Níl aon chomhlacht iondaíochta ann do phluiméaraí faoi láthair. Mar sin féin, má tá tú ag cur isteach nó ag obair ar chóras téimh gáis nó cócaire gáis tá sé tábhachtach ar son do shábháilteachta go bhfaigheann tú duine maith cumasach len é a chur isteach duit. Mar chuid de chlár dearbhaithe cáilíochta, cothabhálann Bord Gáis liosta de shuiteálaithe maithe gáis. Is ann do Chaighdeáin Éireannacha (I.S. 813 nó I.S. 820) chun tú féin a chosaint ó obair faoi bhun an chaighdeáin, rud a d’fhéadfadh a bheith marfach i gcás shuiteáil nó deisiúchán trealaimh gáis. Is féidir leat Suiteálaí Gáis Cláraithe de chuid an Bhoird Gháis i do cheantar a aimsiú ach cliceáil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Leictreachais in Éirinn
    Eolas faoi sheirbhísí leictreachais ar fáil in Éirinn. Cuirtear eolas ar fáil faoi voltas, úsáid tí, táillí, agus tá eolas faoi sheirbhísí do dhaoine le míchumais agus daoine níos sine san áireamh.
  • Seirbhísí gáis nádúrtha in Éirinn
    Déanann an cháipeis seo cur síos ar na seirbhísí a thairiscíonn Bord Gais, an comhlucht reachtúil atá freagrach as soláthar, traiseoladh agus dáileadh gáis nádúrtha in Éirinn.
  • Réiteach Malartach ar Dhíospóidí in Éirinn
    You may be able to resolve a dispute that you have with a company in Ireland using alternative dispute resolution. This document describes what alternative dispute resolution is and how it might be useful to Irish consumers.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.