Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Gearáin Thomhaltóirí > Aisíocaíochtaí, Nótaí Sochair agus Dearbháin

Print Page Send to a Friend

Aisíocaíochtaí, Nótaí Sochair agus Dearbháin

Eolas

Má ghlactar le gearán a dhéanann tú tar éis earraí neamhfheidhmeacha nó lochtacha a cheannach, tá tú i dteideal earra nua, deisiú nó aisíoc a fháil. Más aisíoc atá i gceist, is fiú cuimhneamh nach míníonn An tAcht Um Dhíol Earraí Agus Soláthar Seirbhísí, 1980 an chaoi chun aisíoc a dhéanamh. Féadfaidh an miondíoltóir nó soláthraí seirbhísí aisíoc a chur i gcrích trí airgead tirim nó seic a thabhairt don tomhaltóir nó tríd an méid cuí a lóisteáil ina chárta creidmheasa. D’fhéadfaí nóta sochair a eisiúint freisin. Mínítear na difríochtaí idir na modhanna seo thíos.

  • Ciallaíonn aisíoc go dtugann an miondíoltóir do chuid airgid ar ais duit mar mhalairt ar na hearraí lochtacha. Má d’íoc tú le cárta dochair nó creidmheasa féadfaidh an díoltóir tú a aisíoc tríd an gcárta seachas le hairgead tirim. Má glacadh le gearán tomhaltóra uait, níl sé de cheart ag an miondíoltóir tabhairt ort glacadh le nóta sochair seachas aisíocaíocht.
  • Is nóta páipéir é nóta sochair a thugann an díoltóir don chustaiméir nuair a thugtar earraí ar ais. Tá an nóta sochair cosúil le dearbhán nach féidir a úsáid ach sa siopa nó sa slabhra siopaí ónar eisíodh é. Má thugann tú earraí lochtacha ar ais ní gá glacadh le nóta sochair. Tig leat deisiúchán, earra nua nó aisíoc a éileamh de réir cineál na n-earraí agus cúinsí eile. Má ghlacann tú le nóta sochair seans nach mbeidh tú in ann aisíoc a éileamh níos déanaí.
  • Is éard is dearbhán ann ná nóta páipéir nó cárta. Go hiondúil ní féidir an dearbhán a úsáid ach le soláthraí seirbhísí nó díoltóir ar leith. Nuair a cheannaíonn tú dearbhán, cinntigh go bhfuil na téarmaí soiléir (mar shampla, achar bailíochta an dearbháin, srl.). Níl ceart ar bith agat má chailltear an dearbhán.

Cuimhnigh, má thagann tú ar athrú intinne faoi earra a cheannaigh tú níl tú i dteideal é a thabhairt ar ais nó aisíoc a fháil. D’fhéadfaí go dtabharfadh díoltóir nóta sochair duit ar chomhluach an earra ach ní gá dó.

Rialacha

Bíonn chuile chás tomhaltóra difriúil óna chéile; ní féidir rialacha ginearálta dochta a leagan síos. Mar sin, téigh i dteagmháil leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí nó Eagras Cosanta Tomhaltóirí eile, le fáil amach céard iad do chearta go baileach.

Where To Apply

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 January 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Conas gearán tomhaltóra a dhéanamh
    Soláthraítear cearta áirithe faoi reachtaíocht tomhaltóirí na hÉireann do cheannach earraí nó seirbhísí. Leideanna ar conas gearán a thabhairt go héifeachtach.
  • Cearta Tomhaltóirí in Éirinn
    Is iad dlíthe na hÉireann agus an AE a thugann cosaint do chearta thomhaltóirí earraí agus seirbhísí in Éirinn.
  • Ceannacháin Saor ó Cháin do Thaistealaithe taobh amuigh den AE
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an Scéim Easpórtála Miondíola, a chuireann ar chumas cuairteoirí ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach earraí a cheannach in Éirinn agus iad a thabhairt abhaile agus faoiseamh a fháil ar cháin orthu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.