Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Gearáin Thomhaltóirí > Ag Déanamh Gearáin faoi Sheirbhísí Teileachumarsáide nó Seirbhísí Poist

Print Page Send to a Friend

Ag Déanamh Gearáin faoi Sheirbhísí Teileachumarsáide nó Seirbhísí Poist

Réamhrá

Is é an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) an comhlacht reachtúil a bhfuil sé de mhuirear orthu an margadh cumarsáide leictreonaí agus margadh an phoist a rialáil in Éirinn. Déileálann siad freisin le gearáin neamh-réitithe faoi sheirbhísí teileachumarsáide agus seirbhísí poist. Tá treoir do na chearta atá agat maidir le gearán a dhéanamh faoi sholáthraí de sheirbhísí curtha amach ag ComReg.

Tá na seirbhísí ardráta teileafóin á rialáil ag ComReg freisin.

Rialacha

Cén áit ar cheart dom an gearán a dhéanamh?

Más fadhb atá agat le soláthraí do sheirbhíse ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo siúd ar dtúis, déan cur síos gairid ar ábhar do ghearáin agus iarr orthu réiteach a sholáthar. Ba chóir go mbeadh cód cleachtais ag an soláthraí chun gearáin a láimhseáil.

Bí chomh soiléir agus is féidir leat faoi gceist agus tabhair oiread sonraí agus is gá le linn duit a bheith ag déanamh an ghearáin. Cur síos an t-am agus an dáta a rinne tú an gearán agus iarr uimhir thagartha don ghearán. Cur síos ainm an duine a ghlac an gearán uait.

Tabhair caoi agus am don soláthraí chun an cheist a réiteach. Déan nóta d’aon ghealltanais a thugann an soláthraí duit.

Cé tá i dteideal gearán a dhéanamh le ComReg?

Má tá teagmháil déanta agat leis an soláthraí seirbhíse faoi do ghearán agus mura bhfuil tú sásta leis an dtoradh nó an freagra, ansin is féidir leat gearán a dhéanamh le ComReg.

Ní mór d’aon ghearán a bhaineann le cúrsaí teileachumarsáide a bheith déanta laistigh de naoi mí ón uair a tharla an eachtra is ábhar don ghearán. Ní mór gearáin a dhéanamh taobh istigh de thrí mhí ón am a úsáideann tú seirbhís gutháin ag ardráta.

Is é an teorainn ama atá i bhfeidhm don phost i gcásanna má bhíonn seirbhís uilíoch ar ofráil ag An Post nó agus soláthraí poist eile, ná:

  • Laistigh de mhí amháin ón uair a seachadadh mír phoist
  • Laistigh de thrí mhí ó phostáladh post in Éirinn
  • Laistigh de shé mhí ó phostáladh míreanna idirnáisiúnta.

Maidir le oibreoirí poist eile ba cheart duit na téarmaí agus na coinníollacha áirithe atá i bhfeidhm. Tá na hoibreoirí poist údaraithe ag ComReg go léir ar liosta ar láithreán gréasáin ChomReg.

De ghnáth, níorbh fholáir gurb é tusa an té a fuair an loiceadh seirbhíse (mar shealbhóir an chuntais i gcomhair gearáin teileachumarsáid nó an seoltóir nó an faighteoir do phost i gcomhair gearáin postála). Mar sin féin, i gcásanna áirithe, oibreoidh ComReg le daoine eile nó le heagraíochtaí.

Rataí

Níl táille ar bith ar ghearán a dhéanamh le ComReg.

Conas iarratas a dhéanamh

Más maith leat gearán a dhéanamh le ComReg, tig leat é a dhéanamh ar teileafón, ar facs, ar ríomhphost nó tríd an ghnáthphost. Tig leat freisin foirm ghearáin ar líne a chur isteach.

Cad iad na sonraí ba cheart dom a thabhairt sa ghearán?

Nuair a theagmhaíonn tú le ComReg ba cheart duit an t-eolas seo a thabhairt:

  • Sonraí teagmhála, cur i gcás uimhir fóin phóca, más féidir, i gcomhair gearán teileachumarsáide, agus seoladh iomlán poist i gcomhair gearán poist.
  • Ainm agus uimhir an chuntais (más ábhartha)
  • Sonraí an ghearáin, uimhir thagartha san áireamh
  • Sonraí faoi dhéileálacha leis an soláthraí céanna roimhe sin
  • Ráiteas soiléir faoin dtoradh a bheadh súil agat leis as an ngearán a dhéanamh

Le linn duit a bheith ag tabhairt an eolais, má tá sonraí ar bith nach mian leat a thabhairt don soláthraí seirbhíse, ba cheart duit é sin a rá le ComReg.

Soláthraíonn ComReg faisnéis bhreise mar chabhair duit le linn duit gearán a dhéanamh leis an soláthraí teileachumarsáide nó soláthraí poist ar an láithreán gréasáin www.askcomreg.ie.

Tá comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí ardráta teileafóin ar láithreán gréasáin ComReg freisin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Más ag gearán tríd an bpost le ComReg atá tú, ba cheart scríobh chuig Foireann Tomhaltóirí ComReg.

An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide

Bloc DEF
An tIonad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Lower Abbey Street
Dublin 1
Ireland

Teil:(01) 804 9668
Lóghlao:1890 229 668
Facs:(01) 804 9680
Láithreán Gréasáin: http://www.askcomreg.ie/
R-phost: consumerline@comreg.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Poist in Éirinn
    Is é ComReg a rialaíonn seirbhísí poist in Éirinn. Tá roinnt oibritheoirí freagrach as an tseirbhís a chur ar fáil, lena n-airítear An Post, soláthraí seirbhíse comhchoitianta na hÉireann.
  • Seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú
    Déantar seirbhísí gutháin ag ardráta a rialú in Éirinn. Is féidir fáil amach anseo cén chaoi a ndéantar cearta saoránach a chosaint, is cuma an bhfuil na seirbhísí sin dhá sholáthar in Éirinn nó dhá sholáthar thaobh amuigh d'Éirinn ach ar fáil anseo.
  • Seirbhísí teileafóin líne seasta in Éirinn
    Is é ComReg a dhéanann seirbhísí cumarsáide a rialú in Éirinn. Cliceáil anseo chun faisnéis a rochtain ar conas soláthraí seirbhíse teileafóin líne seasta a roghnú

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.