Is cuideachta í soláthraí seirbhíse airgeadais in Éirinn a phléann le coigilt airgid, le hárachas, le baincéireacht, le stocbhróicéireacht nó le seirbhís airgeadais éigin eile. Má tá gearán agat faoi sholáthraí seirbhíse airgeadais, ba cheart duit tosú le gearán a thabhairt go díreach chuig an té ar gnách leat plé leo sa chuideachta féin. Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a gcaitear le do ghearán, féadfaidh tú gearán níos foirmiúla a thabhairt chuig lucht bainistíochta sinsearach an tsoláthraí seirbhíse airgeadais. Cuir an Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí eolas ar fáil ar conas gearán a thabhairt faoi sholáthraithe seirbhíse airgeadais. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi bhealaí éifeachtacha le gearán a dhéanamh anseo. Mura bhfuil tú sásta fós go bhfuil an chuideachta ag plé go cothrom le do ghearán, féadfaidh tú do ghearán a thabhairt chuig Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais.
Bunaíodh Biúró Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais faoin Acht um Údarás an Bhainc Cheannais agus na Seirbhísí Airgeadais 2004 (pdf). Chuaigh an Biúró i mbun oibre den chéad uair ar 1 Aibreán 2005. Is oifigeach neamhspleách é Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais arb é a shainchúram ná chun gearáin neamhréitithe na dtomhaltóirí i leith soláthraithe airgeadais a fhiosrú, a idirghabháil agus a bhreithniú.
Tá scéimeanna an Ombudsman do na hInstitiúidí Creidmheasa agus Ombudsman Árachais na hÉireann mar chuid de Bhiúró Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais anois. Tabharfar ar aghaidh aon ghearán a rinneadh do cheachtar den dá oifig sin sular bunaíodh an Biúró.
Leanfaidh Oifig Ombudsman na bPinsean ag plé le haon ghearáin faoi scéimeanna pinsin ghairmiúla nó Cuntais Choigiltis Phearsanta Scoir (PRSA). Ba chóir duit gearán a chur isteach a fhéadann a bheith agat faoin gcaoi a bhfuiltear ag riaradh scéim éigin don Ombudsman Pinsin. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Ombudsman Pinsean na hÉireann anseo.
Is féidir le gach custaiméir pearsanta de chuid na n-institiúidí airgeadais rialaithe gearáin a thabhairt chuig Biúró Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais. Is féidir leis na daoine ar tairgeadh seirbhísí dóibh nó a lorg soláthar seirbhíse ón institiúid airgeadais gearáin a thabhairt chuig an mBiúró freisin. Glacfaidh Biúró Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais le gearáin ó ghnólachtaí beaga freisin (.i. comhlachtaí le láimhdeachas bliantúil níos lú ná 3,000,000 euro).
Fiosróidh an Biúró gearáin i gcoinne na mBanc, na gCumann Foirgníochta, na gComhar Creidmheasa, Stocbhróicéirí, Comhlachtaí Árachais (beatha agus neamhbheatha), Bureaux de Change, Idirghabhálaithe Táirge Infheistíochta, Iasachtóirí Airgid agus Comhlachtaí Infheistíochta ainmnithe, Idirghabhálaithe Creidmheasa (mar shampla, garáistí a thairgeann airgeadas ar charranna úra nó úsáidte), Geallbhróicéirí agus Comhlachtaí Fruilcheannaigh. Is féidir leis an mBiúró Iasachtóirí Morgáiste áirithe agus an VHI a fhiosrú freisin má dhéantar gearán ina gcoinne.
Feidhmíonn teorainn shé bliana do gach cás, ionas nach bhfiosróidh an tOmbudsman aon chás a eascraíonn as eachtraí a tharla ní ba mhó ná sé bliana ó shin.
Oibríonn an tOmbudsman faoi Rialacháin a rinne Comhairle Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais le ceadú roimhré an Aire Airgeadais. Ceapann an Chomhairle an tOmbudsman agus is inti atá baill de thionscal na seirbhísí airgeadais agus ionadaithe tomhaltóirí. Is í an Chomhairle a fhorordaíonn teorainneacha um méid na dámhachtainí ar féidir a bhronnadh.
Is féidir leis an Ombudsman dámhachtainí a dhéanamh suas go dtí teorainneacha áirithe (250,000 euro). Bíonn na dámhachtainí ceangailteach ar an dá pháirtí. . Is féidir leis an institiúid airgeadais nó an tomhaltóir a rinne an gearán achomharc a thabhairt chuig an Ard-Chúirt in aghaidh na ndámhachtainí seo.
Tá na seirbhísí ó Bhiúró Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais saor in aisce.
Má chailleann tú do chás, ní bheidh ort aon mhuirir a íoc leis an mBiúró ná le soláthraí na seirbhísí airgeadais ar thug tú d'éileamh ina choinne
Féadfaidh tú aturnae nó gairmí éigin eile a fhostú chun cuidiú leat le d'iarratas chuig an mBiúró. Is é do chúram féin iad na costais a bhaineann le gairmí a fhostú faoi na cúinsí seo.
Má bhíonn gearán agat faoi sholáthraí seirbhíse airgeadais, moltar duit na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:
Tá Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais tar éis treoir a fhorbairt do ghearánaithe anseo.
Féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil chun imeachtaí a thionscnamh leis an mBiúró anseo (pdf).
Cuimhnigh nach nglacfaidh Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais le cás ach amháin tar éis d'ídiú mheicníocht na ngearán foirmiúil de chuid na hinstitiúide airgeadais.
3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 662 0899
Lóghlao:1890 882 090
Facs:(01) 662 0890
Láithreán Gréasáin: http://www.financialombudsman.ie/
R-phost: enquiries@financialombudsman.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.