Tá cumhacht ag Stiúrthóir Gnóthaí na nÚsáideoirí maidir le heolas agus cosaint a chur ar fáil don úsáideoir, monatóireacht a dhéanamh ar chomórtas, sábháilteacht earraí faoi leith a chinntiú chomh maith le dualgais eile.
Is féidir le duine gearán a dhéanamh leis an Stiúrthóir maidir le héilimh bhréaga nó a bhfuil sé mar aidhm acu duine a chur amú, maidir le seirbhísí agus praghasanna agus is féidir leis/léi na trádálaithe atá i gceist a chúisiú nó iarratas a chur ós comhair na cúirte ordú a thabhairt na fógraí a chuireann daoine amú a tharraingt siar nó a cheartú. Níl ról ag an Stiúrthóir cúiteamh a fháil don úsáideoir ach amanta, má ghearrtar fíneáil ar an trádálaí, d'fhéadfadh sé gur don úsáideoir a thugtar an t-airgead sin.
Má bhí cailliúint nó damáiste déanta do dhuine de bharr éilimh a bhí bréagach nó a chur duine amú maidir le hearraí nó seirbhísí, ba cheart cúiteamh a lorg ón trádálaí agus, más gá, is féidir an dlí a chur ar an trádálaí le cúiteamh a fháil ar an damáiste sa ghnáthbhealach tríd na cúirteanna.
Déanann an Stiúrthóir monatóireacht ar an Acht um Dhíolachán Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, agus is féidir leis/léi an dlí a chur ar thrádálaithe a sháraíonn an dlí. Tá cearta eagsúla ag duine faoin Acht seo maidir le hearraí nó seirbhísí a cheannaíonn sé/sí nó a thógann sé/sí ar chíos dá (h)úsáid féin, mar shampla, tá sé de cheart ag duine a bheith ag súil go bhfuil na hearraí de chaighdeán indíolta agus feiliúnach don chúis, agus rl.
Muna shásaíonn na hearraí na riachtanais sin tá sé suas chuig an díoltóir rudaí a chur ina gceart. Is féidir ansin leis an díoltóir an dlí a chur ar an deantóir ach tá sé sin idir an díoltóir agus an déantóir. Tá cearta ag an úsáideoir i gcoinne an díoltóra agus tá dualgas ar an díoltóir rudaí a chur ina gceart. Ní mór don úsáideoir ceist den chineál seo a réiteach é/í féin, sna cúirteanna más gá.
Tá seirbhís eolais agus comhairle in aisce curtha ar fáil ag IEÚ ar chearta an úsáideora faoi dhlí na hEorpa. Is cuid de ghreasán Eorpach é agus tá sé maoinithe ag Oifig Stiúrthóir Gnóthaí na nÚsáideoirí agus Coimisiún na hEorpa.
Address
Address
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.