Anseo atá tú: Baile > Gnóthaí Tomhaltóirí > Cosaint Tomhaltóirí > Gearáin Thomhaltóirí > Réiteach Malartach ar Dhíospóidí in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Réiteach Malartach ar Dhíospóidí in Éirinn

Eolas

Má bhíonn díospóid agat le comhlacht in Éirinn nó in aon áit eile san AE ba chóir duit ar an gcéad dul síos iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach go díreach leis an gcomhlacht. Má theipeann ar seo tig leat do chás a thabhairt os comhair cúirte -tá Cúirt na nÉileamh Beag úsáideach go háirithe i gcás éileamh atá níos lú ná 2,000 euro. Nó d’fhéadfá seirbhísí idirghabhála a sholáthraíonn tríú páirtí a úsáid. Bealaí malartacha iad seo le díospóidí thromchúiseacha a réiteach gan dul os comhair cúirte. Is í an príomh-bhuntáiste a bhaineann le réiteach malartach ar dhíospóidí ná go bhfuil sé furasta é a úsáid agus go bhfuil sé níos saoire ná dul os comhair cúirte. Tá sé úsáideach go háirithe má bhíonn gearán tomhaltóra agat le comhlacht atá bunaithe i dtír eile san AE. Mar an gcéanna, is féidir na heagras seo a úsáid chun fadhbanna a bheadh agat le hearraí agus le seirbhísí ar leith i do thír dhúchais féin a réiteach. Tugtar eagraíochtaí Réiteach Malartach ar Dhíospóidí ar eagraíochtaí a sholáthraíonn bealaí malartacha chun díospóidí thromchúiseacha a réiteach.

Céard í eagraíocht réiteach mhalartach ar dhiospóidí?

Tá réimse iomlán eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ann atá in ann cabhrú leat do chearta tomhaltóra a fhorfheidhmiú in Éirinn agus laistigh den AE. Tá feidhmeanna breise ag roinnt eagraíochtaí chomh maith le bheith ag déileáil le gearáin ó thomhaltóirí. Go bunúsach, tá ceithre phríomhchineál eagraíochta ann a fhaigheann Réiteach Malartach ar Dhíospóidí.

  • Ombudsmen
  • Rialálaithe
  • Cumainn thrádála/comhlachtaí gairmiúla/proifisiúnta
  • Coimisiúin agus coimisinéirí

Is Oifigeach é an tOmbudsman a cheaptar chun gearáin dhaoine aonair faoi dhroch-riarachán a iniúchadh go háirithe gearáin a bhaineann le húdaráis phoiblí. In Éirinn, fiosraíonn Ombudsman igearáin a dhéanann muintir an phobail a mheasann nár chaith seirbhísí poiblí áirithe go cóir leo . Fiosraíonn an tOmbudsman Eorpach gearáin faoi aon chuid d’institiúidí an AE. Níl aon Ombudsman ann i gcás gearáin faoi riaracháin in aon Bhallstát eile den AE ach déanfaidh SOLVIT iarracht aon díospóid a d’fhéadfadh a bheith agat a réiteach. Ón 1 Aibreán 2005 is feidir leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais fiosrú a dhéanamh má tá tú míshásta le le hinstitiúid airgeadais. Go hiondúil ní ghlacfaidh Ombudsman le do chás ach amháin sa chás go mbíonn tú fós míshásta le heagraíocht tar éis duit meicníocht inmheánach gearán na heagraíochta a ídiú.

Is gníomhaireachtaí iad Rialálaithe atá bunaithe de réir an dlí chun codanna áirithe den tionscal a mhaoirsiú lena chinntiú go gcomhlíonann siad an dlí. In Éirinn, breathnaíonn Rialálaithe i ndiaidh réimsí saoráidí poiblí agus seirbhísí airgeadais. Mar shampla rialaíonn ComReg cúrsaí teileachumarsáide in Éirinn, rialaíonn An Coimisiún um Rialú Fuinnimh soláthróirí Gáis agus Leictreachais agus rialaíonn An tÚdarás um Rialúcháin Sheirbhísí Airgeadais earnáil na seirbhísí airgeadais in Éirinn. Is í aidhm na rialálaithe iomaíocht a chur chun cinn ach a chinntiú go mbeidh dóthain seirbhísí ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí soghonta.

Tá Cumainn thrádála/comhlachtaí gairmiúla ar nós An Cumann DlíClár na gConraitheoirí Leictreachais in Éirinn ann chun ionadaíocht a dhéanamh ar a dtionscal. Forfheidhmíonn roinnt comhlachtaí gairmiúla agus cumainn thrádála, ar nós an Údarás um Chaighdeáin Fhóghraíochta in Éirinn cóid chleachtais. Níl comhlacht ionadaíoch ag gach comhlacht trádála agus gairmiúil. Fiú nuair a bhíonn comhlacht ionadaíoch ann i gcás cumann trádála nó cumann gairmiúil áirithe, ní bhíonn cód cleachtais acu go léir le forfheidhmiú.

Coimisiúin agus Coimisinéirí ann chun do chearta a chosaint. Go hiondúil is comhlachtaí reachtúla a bhíonn iontu seo agus bunaítear iad le do chearta a chinntiú de réir dlíthe áirithe. Mar shampla cuireann an Coimisinéir Cosanta Sonraí na hAchtanna um Chosaint Sonraí i bhfeidhm agus tá an Coimisinéir Faisnéise ifreagrach as dlíthe Saoráil Faisnéise na hÉireann a mhaoirsiú.

Bíonn eagraíochtaí a fhaigheann réiteach malartach ar dhíospóidí solúbtha agus déileálann siad le díospóidí ó thomhaltóirí agus ó ghnóthaí araon. Bíonn siad neamhchlaonta agus cuireann siad gach faisnéis faoin eagraíocht ar fáil go fonnmhar do thomhaltóirí. Caithfidh siad éifeachtúlacht a gcuid nósanna imeachta réiteach a chinntiú agus caithfidh an dá thaobh a spreagadh chun comhoibriú lena chéile, ach ag an am céanna a chur in iúl dóibh go bhfuil sé de cheart acu tarraingt siar ag am ar bith.

Cineálacha réiteach malartach ar dhíospóidí:

Tá dhá chineál réiteach malartach ar dhíospóidí. Idirghabháil agus Eadráin

Idirghabháil: Comhaontaíonn an dá pháirtí lena mbaineann an díospóid tríú páirtí neodrach a úsáid chun an díospóid a réiteach. Socraítear téarmaí an chomhaontais idir na páirtithe le cabhair an idirghabhálaí ( nó an comhlacht Réiteach Malartach ar Dhíospóidí) Go hiondúil, ní bhíonn ceangail dlí ag cinntí a dhéantar in idirghabháil ach is féidir iad a dhéanamh amhlaidh má aontaíonn an dá pháirtí leis.

Eadráin: Comhaontaíonn an dá pháirtí a bhfuil an díospóid eatarthu dul chuig eadránaí le ceisteanna a réiteach. Tá ceangail dlí ag cinneadh an eadránaí agus rialaíonn dlíthe an próiseas (Achtanna Eadrána 1954 – 1998). Tig leat ionadaíocht a dhéanamh ar do shon féin ach d’fhéadfá buntáiste a bhaint as ionadaíocht dlí má thugtar díospóid os comhair eadránaí.

Cén chaoi a n-oibríonn réiteach malartach ar dhíospóidí?

Is fút féin a bheidh sé dul i muinín modhanna malartacha le do dhíospóid a réiteach. Ní bheidh aon dualgas ort na modhanna cúitimh seo a úsáid agus tá an ceart agat éileamh a thabhairt os comhair cúirte más mian leat sin a dhéanamh. Cuirfidh conarthaí tomhaltais áirithe ceanglas ort, áfach, do chás a leanúint tríd eadráin. Áirítear leo seo mar shampla gearán faoi shaoire láneagraithe. Tá an chumhacht ag comhlacht eadrána cinntí a bhfuil ceangail dlí leo a ghlacadh. Ciallaíonn sé seo go gcuireann an cinneadh ceanglas dlí ar an miondíoltóir nó ortsa gníomhú ar bhealach ar leith. (i.e., an t-airgead a aisíoc, an t-ábhar a dheisiú, an t-ábhar a thabhairt ar ais, etc.) Má bhíonn ceangail dlí ag toradh an réitigh mhalartaí ar bhur ndíospóidí ar cheachtar den dá pháirtí d’fhéadfadh sé ansin nach mbeadh ar do chumas an cás a thabhairt os comhair cúirte.

Rochtain ar Eagraíochtaí Réiteach Malartach ar Dhíospóidí san Eoraip.

Cabhraíonn an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (LET) fadhbanna tomhaltais tras-teorainn a réiteach. Déanann LET Baile Átha Cliath iarracht ar dtús idirghabháil a dhéanamh ar son an tomhaltóra leis an miondíoltóir nó leis an soláthróir seirbhíse sa Bhallstát eile den AE. Má theipeann ar seo cuireann sé tomhaltóirí i dteagmháil le heagraíochtaí ábhartha réiteach malartach ar dhíospóidí (RMD) in Éirinn agus san Eoraip.

Rialacha

Úsáid RMD tar éis duit gach bealach neamhfhoirmiúil a ídiú leis an bhfadhb a réiteach go díreach leis an ngnólacht nó leis an tseirbhís phoiblí.

Rataí

Cé go mbíonn na seirbhísí a bhíonn ag cuid de na heagraíochtaí RMD saor in aisce, tá roinnt acu nach mbíonn. Má dhéanann tú teagmháil le heagraíocht RMD bí soiléir faoi tháillí sula dtosaíonn tú próiseas malartach chun díospóid a réiteach .

Conas iarratas a dhéanamh

Tá réimse eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ann atá in ann cabhrú leat do chearta a fhorfheidhmiú i gcúinsí ar leith. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí eagraíochta mhalartaí réiteach ar dhíospóidí in Éirinn ní mór duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an eagraíocht. Soláthraíonn foilseachán an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh Where to Complain eolas faoi nósanna imeachta gearán agus achomharc. Cabhraíonn an treoir seo le daoine aonair atá míshásta leis na seirbhísí a sholáthraíonn an earnáil phoiblí agus roinnt gnólachtaí san earnáil phríobháideach.

Más gearán i gcoinne miondíoltóra nó soláthróir seirbhíse i mBallstát eile den AE é do ghearán is féidir le LET Baile Átha Cliath comhairle a chur ar fáil duit maidir le do chearta a fhorfheidhmiú

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Eagrais Chosanta Tomhaltóirí
    Tá roinnt eagras reachtúil agus deonach do thomhaltóirí in Éirinn chun túa chur ar an eolas faoi do chearta mar thomhaltóir. Tuairiscítear sa roinn seo ar na príomheagrais a fhéadann comhairle a thabhairt duit faoi do chearta mar thomhaltóir.
  • Ciandíolachán
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na rialacha a bhaineann le ciandíolachán, bíodh sin ina dhíolachán ar an Idirlíon, tríd ríomh-phost, facs, orduithe tugtha ar an nguthán &rl.
  • Conas gearán tomhaltóra a dhéanamh
    Soláthraítear cearta áirithe faoi reachtaíocht tomhaltóirí na hÉireann do cheannach earraí nó seirbhísí. Leideanna ar conas gearán a thabhairt go héifeachtach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.