Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Seirbhísí agus tacaíocht do leanaí > Mí-Úsáid Leanaí

Print Page Send to a Friend

Mí-Úsáid Leanaí

Réamhrá

Cé go raibh mí-úsáid leanaí ar siúl i gcónaí, ní tharlaíonn mí-úsáid do fhormhór leanaí. Cothrom le dáta an Rialtas Children First National Guidelines for the Protection and Welfare of Children (pdf) i 2011. Déanann sé an pointe go láidir go bhfuil tús áite ag leas na leanaí. Tá sé i gceist go gcabhródh na Treoirlínte le mí-úsáid leanaí a aithint agus a thuairisciú. Intinn ag an Rialtas na Treoirlínte a chur ar bhonn reachtúil a chinntiú go gcomhlíonann gach eagraíocht a oibríonn le leanaí.

Céard is mí-úsáid leanaí ann?

Faoi na Treoirlínte, tá mí-úsáid leanaí roinnte i gceithre chineál. Is féidir níos mó ná cineál amháin mí-úsáide a bheith ag tarlú do leanbh.

Is iad an ceithre chineál mí-úsáide ná:

  • Faillí
  • Mí-úsáid mhothúchánach
  • Mí-úsáid fhisiciúil
  • Mí-úsáid ghnéasach

Faillí

Tarlaíonn faillí nuair a tharlaíonn dochar suntasach do leanbh mar gheall nach bhfuil nithe cosúil le bia, éadaí, sláinteachas, cúram leighis, spreagadh intleachtúil agus maoirsiú á chur ar fáil dóibh. Is iondúil go mbíonn an fhaillí le haithint thar thréimhse ama ar bhealaí éagsúla seachas ag pointe ar leith. Tarlaíonn dochar suntasach nuair atá an méid sin faillí á dhéanamh ar riachtanais an linbh go mbíonn tionchar suntasach ar fholláine agus /nó forbairt an linbh.

Mí-úsáid mhothúchánach

Tarlaíonn mí-úsáid mhothúchánach nuair nach bhfuil riachtanais an linbh maidir le cion, formheas agus slándáil á gcomhlíonadh ag tuismitheoirí nó cúramóir an linbh. Samplaí de seo ná bearta smachta míréasúnacha, cur i bhfeidhm freagrachta ro-luath agus teagmháil le foréigean baile. Bíonn tionchair mhí-úsáid mhothúchánach ar leanbh le feiceáil trí iompar, staid mothúchánach nó forbairt an linbh.

Mí-úsáid fhisiciúil

Tarlaíonn mí-úsáid fhisiciúil nuair a ghortaítear leanbh d’aon turas nó nuair a ghortaítear é mar thoradh ar fhaillí d’aon turas ó thaobh an chúramóra de chun an leanbh a chosaint. Samplaí de mhí-úsáid fhisiciúil ná leanbh a chroitheadh, iomarca fórsa a úsáid nó baol suntasach gortaithe do leanbh a cheadú.

Mí-úsáid ghnéasach

Tarlaíonn mí-úsáid ghnéasach nuair a bhíonn leanbh á úsáid ag duine ar mhaithe lena sásamh gnéasach féin nó sásamh gnéasach duine eile.

Cén chaoi a n-aithníonn tú mí-úsáid leanaí?

Ní i gcónaí a bhíonn mí-úsáid leanaí le tabhairt faoi deara go furasta agus is minic a bhíonn do chumas é a aithint ag brath ar do thoilteanas a ghlacadh leis go bhféadfadh a leithéid a bheith ann, agus chomh maith leis sin ar do chuid eolais maidir le mí-úsáid leanaí. Is iondúil go mbíonn trí chéim i gceist in aithint mhí-úsáid leanaí:

  • Cuimhniú go bhféadfadh a leithéid a bheith i gceist, mar shampla, nuair atá gortú amhrasach ar leanbh nó nuair atá cuma trína chéile air/uirthi gan aon chúis atá le feiceáil agat.
  • Comharthaí mí-úsáide a thabhairt faoi deara, mar shampla, nuair a chuireann leanbh rud in iúl go díreach nó go hindíreach. Is é an táscaire mí-úsáide is fearr ná pátrún comharthaí.
  • Taifead aon bhreithnithe agus aon fhaisnéis ábhartha eile chun forais imní a chruthú.

Sula ndéanann tú aon rud faoin imní atá ort, ní mór duit a mheas an bhféadfadh aon mhíniú eile a bheith ar an scéal.
Cuireann an FSS faisnéis ar fáil ar a láithreán gréasáin maidir le conas mí-úsáid leanaí a aithint.

Cén chaoi a ndéanaim tuairisiciú ar mo imní?

Tá sé de dhualgas ar aon duine a cheapann go bhfuil mí-úsáid á dhéanamh ar leanbh, nó go bhfuil sé/sí i mbaol mí-úsáide, é seo a chur in iúl don FSS. Ba chóir duit an imní atá ort a chur in iúl do Child Protection and Social Work Services an FSS i do cheantar. Tá oibrí sóisialta ar dualgas ag gach Oifig Sláinte Áitiúil.

Is féidir leat d’imní a chur in iúl go pearsanta, i scríbhinn nó ar an teileafón. Cé gur féidir leat d’imní a chur in iúl gan ainm, ní iondúil go n-insíonn FSS cé a thuairiscigh amhras de mhí-úsáid leanaí mura bhfuil cead acu é sin a dhéanamh. Mura bhfuil tú cinnte faoi d’imní, is féidir leat aon amhras atá ort a phlé leis an oibrí sóisialta sula gcinneann tú tuairisc fhoirmiúil a dhéanamh.

Déanfaidh an FSS do thuairisc a mheas agus déanfaidh siad cinneadh an gá leanúint as. Más gá, lorgóidh an FSS faisnéis ó fhoinsí eile agus rachaidh siad i dteagmháil leis an leanbh agus le tuismitheoirí an linbh chun a fháil amach céard atá ar siúl. Ansin gníomhóidh siad mar is gá chun an leanbh a chosaint.

Más gá duit d’imní a chur in iúl taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige (deireadh seachtainí agus san oíche) ba chóir duit d’imní a chur in iúl don Gharda Síochána.

Faoin Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí 1998, chomh fada is a thuairiscíonn tú rud a chreideann tú féin a bheith fíor agus a dhéanann tú é sin de mheon macánta, ní féidir an dlí a chur ort faoi thuairisc bhréagach nó mailíseach a dhéanamh.

Tuilleadh eolais

Ba chóir do gach eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí duine éigin a bheith acu atá freagrach as cásanna mí-úsáidé linbh iarbhír nó amhrasta a láimhseáil agus ar féidir imní a thuairisciú dóibh. Ta faisnéis ar fáil inár ndoicimead ar thuairisciú mí-úsáide linbh ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Mí-úsáid daoine breacaosta
    Mí-úsáid duine d’aois 65 bliain nó níos sine is ea mí-úsáid daoine breacaosta. Bí eolach ar háiteanna a dtarlaíonn sí agus ar na foirmeacha éagsúla mí-úsáide atá ann.
  • Rochtain ar thaifid leighis
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na bealaí éagsúla inár féidir le duine teacht ar Thaifid Leighis.
  • Tionscnamh chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac
    Tá Éire ar cheann de shé bhallstát an AE atá bainteach le tionscnamh i gcoinne gáinneáil ar dhaoine. Mar chuid den tionscnamh, tá siombail de dhallóg gorm á úsáid chun feasacht a ardú faoin ngníomhaíocht seo agus chun tuairisciú air a spreagadh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.