Cearta comharbais i ndiaidh idirscartha/colscartha/scaoilte

Eolas

Baineann comharbas le maoin duine a fháil le hoidhreacht ar a mbás. Déantar é a rialú ag an Acht Comharbais, 1965. Tugtar san Acht ceart uathoibríoch don chéile/pháirtnéir sibhialta marthanach i leith scaire d’eastát a gcéile/a bpáirtnéara shibhialta mhairbh a fháil. Is minic go dtugtar “scair chirt dhlíthiúl” ar an scair a bhíonn an céile/páirtnéir sibhialta i dteideal a fháil.

Tá teidlíocht dhlíthiúil ag an gcéile/bpáirtnéir sibhialta marthanach i leith na scaire cuí, gan aird ar théarmaí iarbhír na huachta. Ní dhéanann sé difear dá dteidlíochtaí faoin Acht má chónaigh na páirtithe amach óna chéile ar feadh go leor blianta.

Is féidir le ceachtar céile/páirtnéir sibhialta an bheirt díobh cearta comharbais a thréigean go deonach i gcomhaontú idirscartha. Nuair a dheonaítear foraithne idirscartha bhreithiúnaigh, féadfaidh cúirt cearta comharbais céile a chealú má tá an chúirt sásta gurb ann do sholáthar leordhóthanach don chéile a bhfuil a c(h)earta á gcealú.

A luaithe a dheonaítear foraithne cholscartha/scaoilte, níl na páirtithe pósta a thuilleadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta, agus déantar cearta comharbais a chealú go huathoibríoch.

Féadfaidh céile nó páirtnéir sibhialta colscartha a ndearnadh a p(h)áirtnéireacht shibhialta a scaoileadh iarratas a dhéanamh ar chúirt ina lorgaítear scair d’eastát a n-iarchéile/a n-iarpháirtnéara shibhialta, a fhad agus go ndéantar an t-iarratas laistigh de shé mhí i ndiaidh dháta Dheonú na Probháide nó an Riartha agus a fhad nach ndearnadh an chéile/páirtnéir sibhialta colscartha a athphósadh nó nár iontráil sé/sí isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua.

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar chearta comharbais inár gcáipéisí ar cad a tharlaíonn d’eastát an mhairbh.

Page edited: 28 October 2016